Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 24 October 2024
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
10:30 am
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireadh leasuithe an Rialtais ar Bhille an údaráis faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo. Rinneadh é sin ar an Máirt. Níl aon dabht go bhfuilimid faoi bhrú ama anois. Bhí m'oifigigh i dteagmháil leis an gcoiste maidir leis seo agus tá sé deacair leis an méid ama atá fágtha againn ó thaobh aistriúcháin agus gach rud eile. D'iarr mise ar an gCeann Comhairle agus ar an gCoiste Gnó an mbeimis in ann Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála an Bhille seo a chur faoi bhráid na Dála sula dtagann deireadh léi. Níl a fhios agam an dtarlóidh sé, ach tá súil agam go mbeidh an Coiste Gnó á phlé. Tá sé ráite agam le roinnt daoine. Tá mé ag ceapadh go bhfuilimid réidh ach tá deifir fós orainn.