Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 24 October 2024
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
10:30 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Is ceist eile í sin a raibh mé chun a chur ar an Aire Stáit. Scríobhamar arís chuig an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus luamar gur gá di teacht os comhair an choiste seo chun déileáil leis na Meastacháin chomh maith mar tá an dualgas orainn mar choiste ó thaobh TG4, ní an coiste eile. Bhí sí anseo anuraidh ag déileáil leis. Tá sin ar an taifead. Tá sé sin déanta. Más gá di teacht an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain i ndiaidh sin, that is fine. Tá mise sásta. Is é sin an fáth go raibh meascán orm agus thuig mé sin. Seachas sin, tá mise breá sásta fad is atá an t-airgead á chaitheamh ar an nGaeilge. Is trua go bhfuil ar an Roinn airgead reatha nó caipitil do thograí eile a chaitheamh ar TG4 nuair atá coigilteas ann. Tá sé go maith go bhfuil sé ag tarlú mar tá fostaíocht Ghaeltachta agus tacaíocht teanga i gceist. Ba chóir go mbeidh sé sin an jab ag ciste na meán an Aire shinsearaigh.
No comments