Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 10 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé
1:30 pm
Mr. Dónal Ó hAiniféin:
Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu os chomhair an choiste agus an cheist thábhachtach seo á plé aige. Ar dtús, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le bord Gaeloideachas agus le Bláthnaid Ní Ghréacháin, ardhfheidhmeannach Gaeloideachas, atá anseo in aice liom, agus le Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, uachtarán na heagraíochta, as an deis labhairt leis an gcoiste ar son na heagraíochta inniu. Bhí mé mar uachtarán ar Ghaelscoileanna, mar a bhí tráth, agus iarchathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas, a thugann comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta dóibh siúd atá ag obair sna naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Is í fís Gaeloideachas ná go mbeadh córas eiseamláireach tumoideachais ón naíonra go bunscoil go hiar-bhunscoil ar fáil do gach duine, agus is chuige sin atáimid anseo inniu. Aithnímid uile anseo nach leor an cur chuige atá ann ó thaobh soláthair agus tacaíocht don oideachas lán-Ghaeilge, agus go bhfuil cur chuige straitéiseach de dhíth ar an Stát maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge.
Creideann Gaeloideachas go láidir go bhfuil an cheist seo mar a bhaineann le critéir teanga stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna, a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram, lárnach den réiteach atá le haimsiú.
Maidir leis an gceist agus an cúlra tábhachtach seo atá faoi chaibidil, is mian liom beagán staire a roinnt leis an gcoiste ar dtús. De réir mar a thuigeann roinnt de na comhaltaí, is i lár na 1990ídí a raibh feachtas an-láidir ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna agus eagraíocht na scoileanna Gaeltachta, arna eagrú ag Micheál Mac Aodha – go raibh trócaire ar a ainm - , Seosamh Mac Donnacha agus Breandán Mac Cormaic, chun bord oideachais ar leith a fháil do na ceantair Gaeltachta agus Gaelcholáistí. Nuair a tháinig an tAcht oideachais i bhfeidhm, áfach, ní raibh sé sin bainte amach. Cuireadh alt 31 isteach san Acht chun an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a bhunú. Rinne an Dr. Peadar Ó Flatharta – trócaire air - taighde an-tábhachtach ina dhiaidh sin ag leagan amach an gá, réasúnacht agus an riachtanas a bhí ann le bord oideachais ar leith don Ghaeltacht agus do na scoileanna lán-Ghaeilge. Táimid fós ag feitheamh air sin.
Léiríonn an cheist atá ós ár gcomhair amach inniu an riachtanas fíorphráinneach atá ann breathnú ar cheist an Ghaeloideachais i mbealach i bhfad níos iomláine. Tá sé in am anois breathnú ar bhord oideachais agus oiliúna ar leith a bhunú chun freastal ar na riachtanais atá ag earnáil an Ghaeloideachais ag gach aon leibhéal. Tá an t-am tagtha. Tá sé léirithe anseo inniu i bhfreagraí cé chomh lag is atá an cur chuige reatha agus cuid de na scéimeanna teanga a bhí aontaithe ag na boird oideachais agus oiliúna le roinnt blianta anuas. Mar shampla, bhí critéir inmhianaithe díreach luaite. Ní raibh critéir ardchaighdeán inmhianaithe fiú amháin luaite, de réir mar a thuigim, i bhfógra an phoist atá faoi chaibidil. Tharla a leithéid le déanaí i mbord oideachais agus oiliúna eile i gcás príomhoidí agus rinneadh an post a athfhógairt leis na critéir a bhí aontaithe acu leis an gCoimisinéir Teanga. Tá sé deacair an dá thuiscint a thabhairt le chéile.
Tá sé riachtanach go mbeidh an riachtanas teanga seo luaite le poist áirithe - le príomhoidí, mar shampla - agus gan é a bheith luaite mar chaighdeán ard inmhianaithe seachas mar chaighdeán ard riachtanach. Tuigeann muid ar fad an difríocht atá idir rud a bheith inmhianaithe i bhfógra poist agus rud a bheith riachtanach. Nuair atá Gaeilge riachtanach, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh Gaeilge líofa ag an duine a cheapfar. Nuair atá Gaeilge inmhianaithe, ní chiallaíonn sé go bhfaightear an duine sin. Dá réir, is gá dúinn an cheist a leathnú ar bhonn i bhfad Éireann níos faide. Gan dabht, ceapann Gaeloideachas go bhfuil sé den riachtanas is airde go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla feidhmiúil ag gach leibhéal ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna, ní hamháin iad a bhfuil scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid faoina gcúram, ach ag gach uile bord oideachais agus oiliúna.
Is é an fáth agus an chúis go bhfuil sé seo riachtanach ná go bhfuil tionchar díreach agus indíreach ag nósmhaireacht, cur chuige agus meon bhainistíocht eagraíochta agus bhainistíochta scoile ar an nósmhaireacht, cur chuige agus meon na múinteoirí, a bhfuil tionchar díreach acu ar mheon, chumas agus chur chuige na scoláirí. Ní bhíonn muinín mar sin ag tuismitheoirí an rogha don Ghaeloideachas ag an dara leibhéal a dhéanamh nuair a thuigtear dóibh nach bhfuil an córas dáiríre faoi. Go bhfóire Dia ar an té ata ag iarraidh a chur ina luí ar thuismitheoirí agus déagóirí óga na linne seo dul i muinín an aonaid ag an dara leibhéal.
Ba mhaith le Gaeloideachas aitheantas a thabhairt do GRETB agus Tomás Mac Páidín go háirithe as an gceannaireacht atá léirithe aige ar cheist seo na Gaeilge le blianta fada. Ní mór dúinn an cheannaireacht chéanna a éileamh ó gach bord oideachais agus oiliúna má táimid le dóchas ar bith a choinneáil faoi thodhchaí na Gaeilge sa ghearrthréimhse ag an iarbhunleibhéal faoi na patrúin seo. Tá caighdeán agus úsáid na Gaeilge i measc scoláirí fite fuaite leis an gceist seo. Níl sé inghlactha nach bhfuil na bunchritéir riachtanacha teanga ag éinne atá ag plé le córas ina bhfuil dualgas cur chun cinn na teanga ann. Ní hamháin go mbaineann an dualgas seo leis na stiúrthóirí agus leis na príomhfheidhmeannaigh, ach baineann sé le gach uile duine atá ag plé leis na pobail sna scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta. Is bunriachtanas é seo. Má tá meas agus muinín ar bith le bheith ag na Gaeil orthu féin, is gá bunriachtanas mar seo a bheith daingnithe. Ní mór chomh maith breathnú ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta agus ar an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á dhréachtadh faoi láthair agus a chinntiú go bhfuilimid ábalta struchtúr a chur i bhfeidhm atá ábalta freastal ar na riachtanais uile atá ag an earnáil lán-Ghaeilge. Chuige sin, táimid ag moladh go mbunófaí bord oideachais agus oiliúna ar leith chun freastal ar na Gaelcholáistí agus ar na scoileanna Gaeltachta agus go mbeadh gach uile duine ar an bhfoireann sin ábalta feidhmiú trí Ghaeilge, agus trí Bhéarla, nuair is gá.
Tá cóip de thaighde Uí Fhlatharta ceangailte leis an ráiteas seo, beannacht Dé leis, agus tá sé tugtha isteach mar aguisín. Leagann sé amach go soiléir na roghanna chun é seo a dhéanamh. Tá sé fós bailí agus ábhartha inniu agus is é an trua ghéar go bhfuil 20 bliain beagnach imithe ó moladh é. Tá a thaighde lán le moltaí éagsúla le 100 bliain anuas faoin oideachas Ghaeltachta agus lán-Gaeilge, moltaí den chuid is mó nár cuireadh i bhfeidhm. Ná bíodh sé le rá arís go bhfuilimid ag tabhairt an chluais bhodhair do na héilimh réasúnta seo.
Sampla an-bheag is ea COGG. Nuair a bunaíodh COGG, bhí sé de riachtanas go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag gach duine a bhí ag obair ann, rud a cinntíodh agus mar atá i go leor eagraíochtaí eile. Is féidir agus is ceart é seo a dhéanamh gan mhoill mar léiríonn taighde agus taithí arís is arís eile nach féidir cothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge ná don Ghaeloideachas laistigh d’institiúidí a fheidhmíonn trí Bhéarla.
Níl ag éirí leis na scéimeanna teanga reatha, rud atá aitheanta ag an gCoimisinéir Teanga. Tá súil agam go mbeidh na caighdeáin atá leagtha amach do na cinn amach anseo faoi chur chuige nua níos éifeachtaí. Má táimid dáiríre faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge, an polasaí don oideachas Gaeltachta nó an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge atá le teacht ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal ach go háirithe, mothaím nach bhfuil aon dul as againn ach daingniú go bhfuil Gaeilge ag an leibhéal cuí ag gach duine atá ag plé ag leibhéal na hardbhainistíochta leis na Gaelcholáistí agus leis na scoileanna Gaeltachta agus na haonaid, ina measc príomhoidí, príomhoidí tánaisteacha, stiúrthóirí, múinteoirí, feighlithe, rúnaithe agus mar sin de.
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom.