Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 July 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanas Gaeilge do Stiúrthóirí Boird Oideachais agus Oiliúna: Plé

1:30 pm

Ms Anne McHugh:

Tá sé deas a bheith leis an gCathaoirleach agus le baill an choiste inniu. Is aighneacht í seo thar cheann Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann. Mar eolas, is mise an príomhfheidhmeannach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ach tá mé anseo inniu thar cheann ETBI, nó Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann.

Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann an chomhlacht ionadaíoch náisiúnta a bunaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh le chéile ar na 16 bhord oideachais agus oiliúna agus chun a leasanna a chur chun cinn atá aitheanta ag an Aire chun críocha an Achta um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013. Cuimsíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann foireann Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann, príomhfheidhmeannaigh, stiúrthóirí breisoideachais agus oiliúna, stiúrthóirí scoileanna, stiúrthóirí eagraíochtaí, fóraim tacaíochtaí agus forbartha agus na líonraí agus na grúpaí faoi seach a bhaineann leis na fóraim seo. Tá dualgas ar leith ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann tacú leis na coláistí agus scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge atá faoin chúram. Tá líon na scoileanna seo tar éis fás leis na blianta beaga anuas agus anois tá 48 dóibh siúd faoi chúram an Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann ag an iarbhunleibhéal agus ceann amháin ag an bhunleibhéal.

Is comhlachtaí reachtúla iad na boird oideachais agus oiliúna arna mbunú de bhun an Achta um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 chun teacht in ionad na gcoistí gairmoideachais agus chun glacadh le ról breisithe maidir le seachadadh oiliúna. Chruthaigh an tAcht struchtúr nua chun go mbeadh na boird oideachais agus oiliúna in áit mhaith chun cuidiú le seachadadh seirbhíse i scoileanna atá faoi rialú díreach ETB agus san earnáil breisoideachais agus oiliúna, nó FET, nuair atá caidreamh láidir ag na boird oideachais agus oiliúna le SOLAS, an t-údarás breisoideachais agus oiliúna.

Is iad na ETBanna na pátrúin dhlíthiúla faoin Acht Oideachais, 1998 ar na scoileanna iarbhunoideachais a choinníonn siad agus cuireann na scoileanna sin oideachas ar fáil do, isteach is amach, le 31% den daonra daltaí iarbhunoideachais. Chomh maith leis sin, déanann ETBanna éascaíocht ar sholáthar oideachais ilchreidmhigh ag an mbunleibhéal. Anuas air sin, tá ról tábhachtach ag ETBanna san earnáil scoileanna pobail, mar a bhfuil siad ina gcomhphátrúin le húdaráis reiligiúnda, agus maidir le scoileanna cuimsitheacha, mar a bhfuil an príomhfheidhmeannach ina bhall de agus, ex officio, ina rúnaí don bhord bainistíochta. Le chéile, cuireann scoileanna cuimsitheacha agus pobail oideachas ar fáil do isteach is amach le 16% den daonra mac léinn dara leibhéal.

Tá ról lárnach ag boird oideachais agus oiliúna i soláthar breisoideachais agus oiliúna. Cuirtear breisoideachas agus oiliúint, FET, ar fáil go díreach trí ETBanna, nó ag áisíneachtaí atá faoi chonradh ag ETBanna, iad sin ar fad faoi mhaoiniú agus treoir straitéiseach SOLAS, an tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna. I measc an tsoláthair FET, tá cláir a dhíríonn go príomha ar an margadh fostaíochta, chomh maith le cláir a bhfuil diminsean láidir d’ionchuimsiú sóisialta i gceist leo. Cuirtear ar fáil iad chomh maith trí ghrúpaí pobail agus deonacha, soláthróirí oiliúna tráchtála agus in ionaid oibre.

Píosa beag faoi SOLAS. Bunaíodh SOLAS in 2013. Tá SOLAS freagrach as comhordú, maoiniú agus treoir straitéiseach na hearnála FET in Éirinn. Oibríonn SOLAS le ETBanna chun pleananna seirbhíse bliantúla FET a chomhaontú, chomh maith le tabhairt faoi chlár cuimsitheach athchóirithe trí chur i bhfeidhm na straitéise breisoideachais agus oiliúna. Léiríonn sé seo an chaoi a gcuirfidh FET conairí ar fáil do ghrúpaí foghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla, tacaíocht do rannpháirteachas na sochaí agus cothú pobail láidre, agus daoine a ullmhú le haghaidh slite beatha rathúla agus saol foghlama agus forbartha a bheidh lárnach don chéad chéim eile d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta na hÉireann.

Bainistíonn SOLAS buiséad níos mó ná €1 bhilliún, idir reatha agus chaipitil, chun cláir agus seirbhísí FET a sheachadadh go háitiúil. Aontaíonn SOLAS comhaontú feidhmíochta straitéisí, SPA, le gach ETB. Trí na comhaontuithe seo, dírítear ar athchóiriú agus fíorú mhian na straitéise FET ag an leibhéal réigiúnach. Tá comhaontú ar leith ag SOLAS le gach ETB ina leagtar síos na gealltanais trasna na dtrí thosaíochtaí straitéiseacha sa straitéis FET, an dul chun cinn atá de dhíth trasna na dtéamaí cumasaithe, agus a mhéid a chuireann gach ETB ar leith leis na spriocanna córais FET go náisiúnta.

Maidir leis an gceist faoin bunriachtanas atá ann go mbeidh Gaeilge agus Béarla líofa feidhmiúil ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram, tá sainchuntas poist do stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna ceangailte san aguisín i dtaca leis an ráiteas seo. Tá sraith critéar riachtanach don phost agus leagann an Roinn Oideachais síos iad. Cuimsíonn ról an stiúrthóra raon feidhmeanna ceannaireachta agus maoirseachta agus, mar sin, tá taithí ar raon comhthéacsanna agus idirghníomhaíochtaí ceannaireachta an-tábhachtach. Mar gheall ar sin agus mar is eol do bhaill an choiste, níl líofacht sa Ghaeilge riachtanach do phost an stiúrthóra. Beidh mise dár ndóigh breá sásta labhairt leis an gcoiste ar na féidearthachtaí maidir leis an gceist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.