Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Dátheangachas Suíomh Gréasáin na Comhairle Mhúinteoireachta: An Comhairle Mhúinteoireachta
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fearaim fáilte roimh na finnéithe don seisiún seo, atá anseo thar ceann na Comhairle Múinteoireachta: Phil Fox, leas-stiúrthóir, agus Bríd Murphy, ceann oideachais agus ionduchtúcháin múinteoirí tosaigh.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaim ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a roinnt. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá sé de rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad ag caint agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu.
Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á thabhairt acu agus má ordaítear dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith nithe áirithe, déanaigí amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chur siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach.
Sin iad na rialacha. Iarraim ar Phil Fox ráiteas a thabhairt thar ceann an Chomhairle Mhúinteoireachta.
Ms Phil Fox:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an choiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn a bheith i láthair inniu, chun ábhair inspéise de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a phlé. Is mise leas-stiúrthóir na Comhairle Mhúinteoireachta. I mo theannta tá mo chomhghleacaí, Bríd Murphy, ceannasaí oiliúna tosaigh múinteoirí agus ionduchtúcháin na comhairle.
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir na gairme múinteoireachta. Chuige sin, tá ról ríthábhachtach againn maidir leis an bpobal a chosaint; sé sin, ardchaighdeáin inniúlachta ghairmiúla agus iompair a choinneáil sa teagasc agus muid ag feidhmiú mar rialálaí ar ghairm na múinteoireachta in Éirinn, faoi mar atá sé leagtha síos san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta. Sa ról seo, táimid tiomanta maidir le tacú le cur chun cinn na Gaeilge agus soláthar seirbhísí i nGaeilge a chinntiú agus tugtar tús áite dó sin inár ráiteas straitéise ilbhliantúil agus inár gclár chumarsáide. I measc na freagrachtaí atá orainn, tá múinteoirí a chlárú go reachtúil, ag cinntiú go gcomhlíonann agus go gcloíonn siad le caighdeáin arda agus an ghairm a rialú, lena n-áirítear próisis feidhmiúlachta chun múineadh. Déanaimid é seo ar mhaithe le clár reatha de 123,500 múinteoir.
Tuigimid go maith an ról lárnach atá ag an nGaeilge inár sochaí, geilleagar agus cultúr. Táimid tiomanta chomh maith maidir lena cur chun cinn i measc múinteoirí thar na céimeanna múnlaitheacha dá gcuid oideachais, áit a déanaimid cláir oideachais tosaigh múinteoirí in institiúidí ardoideachais a chreidiúnú. I measc na seirbhísí a chuirimid ar fáil do mhúinteoirí agus don phobal, tá suíomh gréasáin dátheangach, áit a bhfuil míreanna roghchláir, cnaipí anuas agus cáipéisí ar fáil i nGaeilge. Cuirtear fáilte roimh ríomhphoist, glaonna gutháin agus comhfhreagras i nGaeilge agus tugaimid freagra orthu sin i nGaeilge. Cuirimid líne fóin thiomnaithe Ghaeilge ar fáil, a bhfuil baill foirne atá líofa sa Ghaeilge ina bun. Foilsímid postálacha Gaeilge ar na meáin shóisialta agus fógraí i nGaeilge chomh maith agus reáchtálaimid feachtais earcaíochta i nGaeilge.
Chomh maith le suíomh gréasáin, a bhfuil acmhainn lán-Ghaeilge ag baint leis, cuireann ár dtairseach ar líne, a seoladh den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair 2021, ar chumas múinteoirí clárú, a gclárú a athnuachan, iarratas a dhéanamh ar ghrinn fhiosrúchán na ngardaí, agus a gcuid sonraí a nuashonrú ar líne as Gaeilge. Tá 170 leathanach agus 23 foirm iarratais i gceist leis an tseirbhís chláraithe ar líne, agus tá áthas orainn a chinntiú go bhfuil an tseirbhís athnuachan bliantúil ar fáil trí mhéan na Gaeilge ar an tairseach um an dtaca seo.
Maidir le hábhair bhreise ar mian leis an gcoiste a phlé, mar rialálaí ghairm na múinteoireachta in Éirinn, leagaimid síos na caighdeáin do chláir oiliúna tosaigh múinteoirí. Déanaimid na cláir seo a athbhreithniú agus a chreidiúnú go leanúnach chun críocha chláraithe múinteoirí. Ó 2019 i leith, táimid tar éis cláir nua, baitsiléir oideachais iarbhunscoile, lena n-áirítear an Ghaeilge agus nuatheangacha iasachta, a chreidiúnú.
Maidir le caighdeáin d’oiliúint tosaigh múinteoirí, darb ainm Céim, cuirimid béim ar eispéiris tumoideachais, ar nós an tréimhse foghlama sa Ghaeltacht, chun cur le muinín agus le hinniúlacht mhúinteoirí faoi oiliúint sa Ghaeilge. Áirítear leis seo beartais nuálacha ar nós socrúcháin scoile i nGaelscoileanna, agus ag comhtháthú eispéiris tréimhse le staidéar gairmiúil. Taobh amuigh de thréimhse foghlama sa Ghaeltacht, cuireann institiúidí ardoideachais socrúcháin scoile ar leith ar fáil i nGaelscoileanna agus scoláireachtaí do mhúinteoirí faoi oiliúint chun a socrúchán earraigh a dhéanamh i scoil Ghaeltachta. Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh seo feabhas a chur ar chumas chun teagaisc agus ar fheasacht ar chultúr na Gaeltachta. Táimid dírithe chomh maith ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil do mhúinteoirí le Cosán, an creat náisiúnta a threoraíonn foghlaim ghairmiúil iar-ionduchtaithe. Is mór ag an gcreat seo próisis foghlama éagsúla agus tacaíonn sé le múinteoirí a gcuid foghlama a chomhtháthú i gcleachtas, rud a chuireann lena n-éifeachtacht chun teagaisc.
Cinntímid chomh maith go gcomhlíonann múinteoirí a cháilíonn lasmuigh de Phoblacht na hÉireann na caighdeáin Ghaeilge chéanna is a chomhlíonann iad siúd a cháilíonn in Éirinn. D’fhéadfadh go mbeadh coinníollacha le cur le clárú múinteora, ar nós riachtanas na Gaeilge, a bheith i gceist leis sin.
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta do ghairm na múinteoireachta a rialú agus ardchaighdeáin a chinntiú le clárú, creidiúnú agus tacaíocht do chláir foghlama ar feadh an tsaoil. Agus é seo idir lámha againn, agus seirbhís dátheangach ardchaighdeáin á sholáthar againn, cinntímid go bhfreagraítear aon chumarsáid a fhaightear sa teanga ina ndéantar í. Feictear ár ndílseacht don Ghaeilge i ngach gné dár gcuid seirbhísí agus cumarsáide, áit a gcinntímid go mbíonn seirbhís dhátheangach ardchaighdeáin ar fáil. Leanfaimid orainn i gcónaí chun feabhas a chur le stádas agus úsáid na Gaeilge laistigh dár n-oibríochtaí agus seirbhísí, agus an stádas ar leith atá aici laistigh den tírdhreach gairmiúil do mhúinteoirí in Éirinn a chinntiú. Go raibh maith agaibh as ucht bhur n-éisteacht.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ní raibh siad riamh os ár gcomhair roimhe seo.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cé mhéad duine atá fostaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil briseadh síos ó thaobh na Gaeilge de?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Inniúlacht sa Ghaeilge?
Ms Phil Fox:
Inniúlacht sa Ghaeilge. Ar an bpointe sin, nuair a chuamar amach ag iarraidh oifigeach cléireach a earcú don rannóg cumarsáide le déanaí, ceann de na critéir is mó a bhí ag teastáil uainn ná go mbeadh Gaeilge ag an duine sin. Le déanaí, rinneamar athbhreithniú ar líon na foirne oibre atá againn agus d'iarramar cead ar an Aire Oideachais faomhadh a thabhairt dúinn oifigeach oideachais Gaeilge a fháil agus ar deireadh fuaireamar an cead sin. Beimid ag earcú oifigeach oideachais Gaeilge go luath.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Oifigeach oideachais Gaeilge agus oifigeach cléireachais freisin?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a dúirt mé, tá fáilte roimh na finnéithe. Tá sé seo suimiúil dúinne. Gabhaim buíochas le Phil Fox as ucht an ráiteas tosaigh a thug sí. Ní raibh sonraí agam faoi na rudaí atá faoi chúram an chomhairle, ach amháin nuair a tháinig múinteoir isteach ag gearán nach bhfuil sé chomh struchtúrtha is ar chóir dó a bheith. Is é sin an t-aitheantas atá agamsa ar an gcomhairle, faraor. Tá 123,500 múinteoir cláraithe-----
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
-----idir múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile.
Ms Phil Fox:
Agus oideachas breise. Is iad na rannóga atá ann ná múinteoirí bunscoile; múinteoirí iarbhunscoile; múinteoirí oideachas breise; múinteoirí faoi rannóg 4, nó na daoine a chláraigh thar sáile agus a rinne oideachas speisialta; agus na hábhair oidí atá sa tríú agus sa cheathrú bliain sna hinstitiúidí ardoideachais. San iomlán, tá 123,500 múinteoir i gceist.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An iad sin na mic léinn uilig?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An mbíonn ar na múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile clárú chuile bliain agus íoc as.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil na múinteoirí sin in ann clárú trú Ghaeilge nó trí Bhéarla sa phróiséas iomlán? Is é sin croílár na ceiste.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé go maith faoi láthair. An ea nach bhfuil fadhb ar bith leis?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl fadhb ag aon duine atá ag iarraidh clárú mar mhúinteoir i nGaeilge.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil siad ar chomhchéim? An bhfuil níos mó dúshláin ó thaobh na Gaeilge de? An bhfuil an dá córas chomh héasca céanna?
Ms Phil Fox:
Tá comhsheasmhacht ann. Tá an próiseas céanna ann. Go dtí le déanaí bhí deacracht againn an próiseas a chur ar fáil go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge, mar gheall ar shrianta teicniúla a bhí ann. Le déanaí tá siad sin sáraithe againn agus tá an próiseas atá ar fáil ar líne trí Ghaeilge díreach cosúil leis an bpróiseas atá ar fáil trí Bhéarla.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An ndearna an Chomhairle Mhúinteoireachta é sin de bharr gearáin? An raibh réamh-ghníomhaíocht i gceist? Ar aithnigh an chomhairle go raibh fadhb ann?
Ms Phil Fox:
Ar dtús, in 2019, chuamar amach ag lorg tairiscint nua. Ag an tráth sin ní rabhamar faoi choimirce an Acht um Teangacha Oifigiúla, ach in ainneoin sin, bhíomar ag lorg tairiscint dátheangach. An sprioc a bhí againn ná an tseirbhís céanna a chur ar fáil do na múinteoirí agus don phobal i nGaeilge agus i mBéarla. Chuamar beo leis an tairiscint Béarla i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus bhí sé i gceist againn an tairseach Gaeilge a chur chun críche taobh istigh de 12 mhí ina dhiaidh sin. Bhí roinnt fadhbanna teicniúla againn, áfach. Go dtí le déanaí, bhí thart ar 97% den tairseach iomlán ar fáil i nGaeilge ach bhí deacracht againn an 3% deireanach a chur ar fáil. Tá sé sin curtha ina cheart againn anois.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí na daoine a bhí ag iarraidh clárú in ann an obair a dhéanamh go dtí pointe agus ansin d'athraigh an rud go dtí Béarla, an ea?
Ms Phil Fox:
Ní hea. Bhí cúpla srian ann ach mar a dúirt mé, tá siad sin réitithe anois. Freagróidh mé an cheist pé scéal é. An deacracht a bhí ann ná nach raibh fáil ar chuid de na leathanaigh i nGaeilge mar gheall ar fadhbanna teicniúla. Agus é sin ar siúl, an fhuascailt a chuireamar chun cinn ná go mbeadh dhá bhealach eile ann d’éinne a bhí ag iarraidh athnuachan a dhéanamh i nGaeilge nach raibh ag iarraidh an tseirbhís ar líne a úsáid. Bhí próiseas páipéarbhunaithe againn agus chuireamar líne fóin speisialta ar fáil. Sa dara chás, bhí duine inniúil ar an nGaeilge ar an bhfón chun cabhrú leo siúd a raibh ag iarraidh athnuachan a dhéanamh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. B'shin a bhí ann go dtí le déanaí, ach anois tá an próiseas ar fad ar fáil ar líne i nGaeilge.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go maith. Ag dul siar go dtí 2019, an raibh próiseas nua i gceist?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Do Bhéarla agus do Ghaeilge.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go dtí 2019, an ea?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An raibh sé sin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla-----
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
-----ar chomhchéim go dtí 2019?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
In 2019.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ansin chuir sibh tús le próiseas nua ar líne, ach ní raibh sé cuí don fheidhm Ghaeilge.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cén dáta ar chuir an eagraíocht é sin i bhfeidhm?
Ms Phil Fox:
Chuamar amach ag cuardú tairseach nua agus rinneamar próiseas tairisceana in 2019. Chuamar beo leis an tairseach Béarla ar líne in 2021. Bhí sé i gceist againn an tairseach Gaeilge a chur ar fáil in 2022, ach faraor bhí fadhbanna teicniúla againn. Níor éirigh linn an tairseach iomlán a chur ar fáil go dtí le déanaí, ach bhí sé i gcónaí i gceist againn tairseach Gaeilge a chur ar fáil a bhí comhsheasmhach leis an tairseach Béarla.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil sé sin ina cheart anois?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ó cén dáta? Cén uair? Le mí nó le cúpla mí-----
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh maith agat. Tá mé beagnach críochnaithe. An bhfuair an chomhairle gearáin ó thaobh an córas de? An raibh daoine ag gearán nach raibh siad ábalta an Ghaeilge a fháil?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar fhocal scoir, dúirt Phil Fox nár tháinig an chomhairle faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. An bhféadfadh sí é sin a mhíniú?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fágadh roinnt eagraíochtaí amach ón liosta.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An raibh an chomhairle ar an liosta in 2020?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla nua againn anois agus beidh dualgais breise orainn go léir. Táimid ag fanacht ar thuarascáil faoi leith ón gcoiste comhairliúcháin. Cén sórt réamhobair atá déanta ag na finnéithe ó thaobh na dualgais breise a bheidh orthu?
Ms Phil Fox:
Tá neart oibre déanta againn go dtí seo. Mar a dúirt mé, teastaíonn uainn i gcónaí freastal ar phobal na Gaeilge. Tá neart oibre déanta cheana féin. Tá suíomh Idirlín iomlán dhátheangach ar fáil. Is dócha gur chóir dom idirdhealú a dhéanamh idir an suíomh agus an tairseach. Tá an suíomh dátheangach le fada. Suíomh Idirlín iomlán trí mheán na Gaeilge atá i gceist. Cuirimid fáilte roimh comhfhreagras i nGaeilge. Freagraítear pé comhfhreagras a fhaigheann muid trí scríbhinn nó ó bhéal i nGaeilge má scríobhann nó má labhraíonn duine éigin Gaeilge linn. Tá comhsheasmhacht ann ó thaobh na meáin shóisialta, na postálacha agus pé rud a bhíonn le cur amach againn.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil an céatadán céanna ann ó thaobh na meán?
Ms Phil Fox:
Tá. Bíonn comhsheasmhacht i gceist. Tá na foilseacháin uilig ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an tairseach ann anois go hiomlán i nGaeilge d'éinne atá ag iarraidh athnuachan bliantúil a dhéanamh, mar a dúirt mé níos túisce. B'fhéidir gur chóir dom na próisis eile atá ann a lua. Faoin gcreatlach Droichead - an próiseas ionduchtúcháin atá mar cheann de na freagrachtaí ar an gcomhairle - tá ar gach aon mhúinteoir nuacháilithe próiseas ionduchtaithe a chomhlíonadh tar éis dóibh cáiliú, le bheith cláraithe go hiomlán leis an gcomhairle. Tá sé sin ar fáil do gach aon scoil, na scoileanna Gaeltachta, na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí ina measc. Tugtar deis do na múinteoirí nó na hábhair oidí réimse foghlama a aithint agus a roghnú i gcomhpháirt leis na múinteoirí oilte eile sa scoil. D'fhéadfaidís cur lena gcumas Gaeilge nó lena gcumas ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, ag brath ar cén riachtanais atá ar an múinteoir áirithe sin.
Táimid ag féachaint ar earcaíocht freisin. Aon uair a théimid amach ag earcú, déanfaimid é go dátheangach. Tá líne a chuireann muid san fhógra agus san iarratas a léiríonn go gcuirfear fáilte ar dhaoine le Gaeilge agus go bhfáiltítear roimh iarratais i nGaeilge. Is sampla é sin de na rudaí atá déanta againn ó thaobh na Gaeilge de.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Phil Fox. Is cur chuige maith é sin. Dá mbeadh gach uile eagras a thagann os ár gcomhair ag déanamh a leithéid, bheadh muid i bhfad níos fearr as ó thaobh earcaíochta de. Tá súil againn go n-éiríonn libh an dá phost atá luaite agaibh a líonadh. Ciallódh sé sin go mbeadh an 20% agaibh. Is féidir cur leis sin i ndiaidh sin agus sampla a thabhairt do na heagrais eile. Ar mhaith le héinne eile teacht isteach?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe chuig an gcoiste. Ba mhaith liom cúpla focal a rá. Cuirim fáilte roimh an mhéid atá fógraithe inniu, go bhfuil sé anois mar chumas ag daoine clárú agus athnuachan a dhéanamh ar an tairseach seo go huile is go hiomlán i nGaeilge.
Tiocfaimid chuige sin mar is é sin an príomhfháth a bhfuil sibh os ár gcomhair. Le piocadh suas ar na pointí a chuir an Teachta Connolly ansin, tá duisín as 62 ar an bhfoireann a bhfuil Gaeilge acu. An é sin an figiúr atá ag gcomhairle?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An é sin deichniúr nó 11 duine?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá 50 nach bhfuil. Luaigh Phil Fox sa mhéad a léigh sí gurb é ceann de na dualgais atá ar an gComhairle Mhúinteoireachta ná caighdeán teanga múinteoirí a chinntiú, go háirithe múinteoirí atá ag teacht thar sáile. Cad iad na deacrachtaí atá ag an gcomhairle nuair nach bhfuil Gaeilge ag mórchuid den fhoireann? An bhfuil deacrachtaí ansin?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dúradh go bhfuil sé mar chúram ag an gcomhairle a chinntiú go bhfuil caighdeán áirithe Gaeilge ag múinteoirí atá ag clárú. Níl mé ag caitheamh síos ar an gcomhairle ach tá mé ag ceistiú má tá deacrachtaí ansin ós rud é nach bhfuil Gaeilge ag mórchuid d'fhoireann na comhairle. Tá dualgas ar an gcomhairle cinnte a dhéanamh de go bhfuil caighdeán áirithe ag an 130,000 duine atá ag clárú, ach níl Gaeilge ag níos mó ná 80% d'fhoireann na comhairle.
Ms Phil Fox:
Gabhaim buíochas as an gceist shuimiúil sin. Is dóigh gur cóir dom a rá go bhfuil an clárú bunaithe ar cháilíochtaí. Tugann na daoine atá ag iarraidh clárú linn fianaise maidir leis na cáilíochtaí atá faighte acu. Deimhníonn na hinstitiúidí ardoideachais iad siúd atá ag iarraidh clárú mar mhúinteoirí iarbhunscoile, mar shampla. I gcás an ábhar curaclaim Gaeilge, bheadh orthu TEG leibhéal B2 a thaispeáint dúinn agus a thaispeáint go ndearna siad tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht. Tá fianaise ag teastáil a chuireann leis na cáilíochtaí a thugann compord dúinn go bhfuil an duine ar an gcaighdeán cuí le clárú.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bíonn comhfhreagras corruair idir múinteoirí. Tá fhios agam seo mar bhí mé ag deileáil le daoine a tháinig ó Shasana, Albain agus a leithéid. Bíonn argóint ansin mar tá na cáilíochtaí seo acu agus tá seo ar a gcumas acu agus bíonn comhfhreagras idir an Chomhairle Mhúinteoireachta agus na daoine. Bíonn an comhfhreagras sin go tóir amanna i nGaeilge. An bhfuil deacrachtaí ag an chomhairle nach bhfuil Gaeilge ag an oiread sin dá ball foirne? Ó thaobh chúrsaí earcaíochta de, cad iad na rialacha, na spriocanna agus na cóid atá ag an gcomhairle taobh istigh den eagraíocht ó thaobh daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú? Níl a fhios agam an bhfuil folúntas ar bith ann ag an bpointe seo - b'fhéidir go dtiocfadh le Phil Fox é a mhíniú. Dá mbeadh folúntas ann, an mbeadh ceist na Gaeilge mar pháirt den phróiseas? Is é sin an fáth a bhfuil mé ag caint air seo. Tá sé iontach tábhachtach ó thaobh an dóigh a chaitheann an Chomhairle Mhúinteoireachta le daoine atá ag iarraidh a gcuid oibre, gnó agus clárú i nGaeilge. Sílim go gcuideodh níos mó daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ó thaobh an dóigh atá an comhairle ag deileáil le daoine a raibh gearán acu go dtí seo.
Ms Phil Fox:
Tá cúpla ceist ansin. Féachfaidh muid ar na múinteoirí a cháilíonn thar sáile ar dtús. Aon mhúinteoir bunscoile a cháilíonn thar sáile, bíonn riachtanas teanga Gaeilge orthu. Tá dhá bhealach chun é sin a shásamh. Tá coinníoll curtha lena gcuid clárúcháin ar dtús agus tá orthu scrúdú cáilíochta sa Ghaeilge nó oiriúnú i gcáilíocht sa Ghaeilge a dhéanamh in Institiúid Oideachais Marino agus tá an próiseas sin ann le fada. Tá sé an-éifeachtach.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bíonn seal ama acu - taobh istigh de dhá bhliain nó mar sin - chun é sin a bhaint amach.
Ms Phil Fox:
Bíonn. Oibríonn sé sin thar cionn. Is é sin an bealach leis an gcoinníoll sin a shásamh don chomhairle agus a chinntiú go mbaineann aon duine a cháilíonn thar sáile an caighdeán Gaeilge céanna amach leo siúd a dhéanann na cúrsaí atá creidiúnaithe ag an gcomhairle sna hinstitiúidí oideachais in Éirinn. Ó thaobh líon na nglaonna agus ríomhphost, d'fhéach mé ar na huimhreacha agus sa chéad cheithre mhí den bhliain seo, fuaireamar 14,500 glaoch agus bhí thart ar 3% de na glaonna sin i nGaeilge agus bhí siad sin agus freagraíodh iad go léir-----
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar mhiste le Phil Fox é sin a rá arís?
Ms Phil Fox:
Cinnte. Idir Eanáir agus deireadh mhí Aibreáin i mbliana, fuaireamar 14,500 glaoch agus bhí 3% acu i nGaeilge. Tá líne speisialta againn don Ghaeilge agus is féidir linn an uimhir sin a mheas. Ó thaobh daoine a chuireann comhfhreagras chugainn i nGaeilge, abair ríomhphoist nó litreacha, déantar iad sin a fhreagairt i nGaeilge taobh istigh den achar ama céanna leis an gcomhfhreagras a chuirtear chugainn i mBéarla. Ní fheicim go bhfuil mórán fadhb ansin ó thaobh freagraí a thabhairt do dhaoine sa sprioctheanga nó sa teanga a roghnaítear.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ceart go leor. An bhfuil spriocanna ag an gcomhairle ó thaobh earcaíochta agus Gaeilge de? An dtig le Phil Fox mé a chur ar an eolas ó thaobh an bhoird atá ag an gcomhairle? Cé mhéad duine atá ar an mbord? Cé mhéad duine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu atá ar an mbord?
Ms Phil Fox:
Tá 37 ball ar an gcomhairle. Ní fhéadfainn a bheith cinnte cé mhéad acu a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Is féidir liom an t-eolas sin a chur ar fáil don choiste i ndiaidh an chruinnithe más mian leis an gCathaoirleach. Is iad na páirtithe leasmhara a dhéanann suas an chuid is mó den bhord: Aontas na Múinteoirí, boird bainistíochta na scoileanna, na hinstitiúidí ardoideachais, an chigireacht, daoine atá ainmnithe agus ceaptha ag an Aire Oideachais, agus iad siúd atá neamhspleách. Tá dhá shuíochán ag comhairlí na dtuismitheoirí freisin. Tá réimse leathan daoine ann ach ní fhéadfainn a bheith cinnte cé mhéad duine a bhfuil Gaeilge acu. Ó thaobh an sprioc le haghaidh baill foirne, tá a fhios agam gurb é an sprioc faoi phlean 2030 ná go mbeidh 20% den tseirbhís phoiblí in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus táimid ag druidim i dtreo an fhigiúir sin. Tá súil againn go mbainfimid an sprioc sin amach go luath.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An sprioc inmheánach é sin? Tá sin faoi choinne na hearnála poiblí go hiomlán. Tá go leor den earnáil phoiblí nach bhfuil in ann é a shásamh. Mar a dúirt mé, ceann de na cúraimí atá ag an gcomhairle ná cinnte a dhéanamh de go bhfuil caighdeán Gaeilge ag gach aon mhúinteoir. Is é ceann de na príomhróil atá ag an gcomhairle ná clárú go bhfuil an caighdeán ansin ó thaobh oiliúna agus Gaeilge. Shílfeá go mbeadh sprioc níos airde ná sin ag an gcomhairle. Muna bhfuil Gaeilge ag an té atá ag iarraidh clárú, ní bhfaighidh siad post. Nach síleann Phil Fox gur fiú sprioc níos airde a bheith ag an gcomhairle ansin?
Ms Phil Fox:
Seans gur cóir dom soiléiriú a dhéanamh ar an ról atá againn ó thaobh caighdeán de. B'fhéidir go mbeadh sin cabhrach don Teachta. Leagann muid síos na caighdeáin gairmiúla don mhúinteoireacht agus do na cláir sna hinstitiúidí ardoideachais. An rud atá i gceist leis sin ná go ndeimhníonn sé cé chomh hullmhaithe is atá an t-ábhar oidí le riachtanais laethúla an tseomra ranga. Tá creidiúnú acadúil a fhaightear sna cúrsaí agus cláir freisin. Níl aon ról ag an gcomhairle ansin. Baineann sin leis na hinstitiúidí ardoideachais. An difríocht a bhíonn ansin ná cén leibhéal atá an cúrsa ar an gcreatlach náisiúnta cáilíochtaí. Mar shampla, an leibhéal is lú a ghlacann muid leis ná leibhéal 8, nó bunchéim. D'fhéadfadh duine máistreacht a bhaint amach ag leibhéal 9.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim sin ó thaobh chaighdeán agus tuigim go bhfuil dualgas ó thaobh na n-institiúidí tríú leibhéil agus caithfidh siad na torthaí a bheith acu.
Tá ról ag an gcomhairle ó thaobh na Gaeilge de fosta. Phléigh muid é seo cheana féin. Is féidir le duine clárú ach go gcaithfidh sé nó sí dul ar chúrsa agus a leithéid mar sin. Tá an ról sin ag an gcomhairle. Siocair go bhfuil sin ceann de na róil atá ag an gcomhairle, b'fhéidir gur shíleann an chomhairle go bhfuil 20% ceart go leor. Caithfidh gurb í sin an fhírinne mar nach bhfuil leibhéal níos airde ag gach aon duine. Ó thaobh an dlí de, caithfidh an chomhairle 20% a bhaint amach. Is í an cheist atá ann ná an bhfuil polasaí inmheánach ag an eagraíocht, agus shílfeá go mbeadh sé mar sprioc aici, ag rá, ós rud é go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag gach aon duine atá cláraithe, go mba chóir, agus go bhfhéadfadh sí é a dhéanamh, go mbeadh Gaeilge ag an gcomhairle? An rud atáim ag smaoineamh air ná, ó thaobh ainmniúchán boird nó a leithéid mar sin, an bhfuil riachtanas ar bith go gcaithfeadh go mbeidh Gaeilge a bheith ag na baill? Is iad sin na ceisteanna.
Ms Phil Fox:
Tá plean straitéiseach againn agus luaitear an Ghaeilge sa phlean straitéiseach. Is é sin an plean a threoraíonn muid agus muid ag iarraidh ár gcuid oibre a bhaint amach. Tá dhá sprioc luaite sa phlean straitéiseach a bhaineann leis an nGaeilge. Tá sé sin ann. Ó thaobh uimhir chrua de, níl sé sin leagtha síos in aon áit. Leanann muid na comhlachtaí poiblí uilig.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dúirt Phil Fox go bhfuil 37 duine ar an mbord. An é sin an figiúr?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dá mbeinn ar an mbord, agus abair go mbeimis ag cruinniú boird, dá dtosóinn ag labhairt i nGaeilge, an mbeinn in ann mo chuid oibre a dhéanamh i nGaeilge? An bhfuil córas aistriúcháin agus gach aon rud mar sin ag an chomhairle?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim. Is féidir liom dul isteach i seomra nó cruinniú ar bith agus Gaeilge a labhairt. Dá mbeadh Fraincis ar mo thoil agam, thiocfadh liom Fraincis a labhairt. Ní chiallaíonn sin go dtuigeann daoine mé. Le cinnte a dhéanamh go bhfuil ár gcearta againn agus go bhfuil muid ábalta é sin a chur i bhfeidhm, caithfidh an córas a bheith ansin mar atá sé anseo: córas aistriúcháin. Má tá duine nach bhfuil Gaeilge acu, is féidir leo éisteacht. Táthar ag teacht salach ar an té atá ag iarraidh labhairt i nGaeilge má tá leath den seomra nach bhfuil in ann é nó í a thuiscint. Táthar ag déanamh beag den méid atá á rá aige nó aici. Is í sin an cheist atá agam. Ó thaobh bhord an Chomhairle Mhúinteoireachta, an féidir le duine ar an bhord a dteanga dhúchais a úsáid agus go mbeidh a bhfuil á rá aige nó aici intuigthe do gach aon duine atá ar an bhord? An bhfuil córas aistriúcháin ag an chomhairle?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ceart go leor. Maidir leis an phríomhrud, mar a dúirt mé, is maith an rud go bhfuil sin an córas anois go huile agus go hiomlán i nGaeilge. Feicim cén fáth ar ghlac sé an t-oiread sin ama ach fágfaidh mé é sin. Tá sé 100% i nGaeilge anois. An bhfuil sé sin ceart? Má théim isteach ar an suíomh anois, ní fheicfidh mé focal Béarla.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fiú amháin sna dátaí. Bhí mise istigh cheana féin. Tuigim nuair a théann duine chuig an drop-down, tá siad uilig i mBéarla. An bhfuil sé sin ceart?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sin uilig i nGaeilge anois. Tá gach aon rud i nGaeilge anois.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cén fáth ar ghlac sé an t-oiread seo ama? Cathain a réitíodh seo?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cathain a réitíodh seo? Cén uair a réitíodh go bhfuil gach aon rud i nGaeilge anois? Ar réitíodh é inné, arú inné nó mí ó shin?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ceart go leor. Tá muid ag cruinniú chomhchoiste an Oireachtais, bhí an chomhairle ag teacht os ár gcomhair, bhí daoine ag gearán agus ní raibh dul chun cinn ar bith déanta. Thóg mé seo sa Dáil anuraidh agus fuair mé dáta ón gComhairle Mhúinteoireachta go mbeadh seo curtha i gceart anuraidh agus an bhliain roimhe sin, agus - voilá - tagann an chomhairle os comhair an choiste agus tá sé coirithe. Cén fáth ar ghlac sé an oiread sin ama?
Ms Phil Fox:
Bhí sé i gceist againn nuair a thosaíomar amach leis an tairseach seo tairseach dátheangach seo a chur fáil. Ba é shin an rud a bhí sa phróiseas tairisceana agus a bhí á iarraidh againn ó phé soláthróir seirbhíse a bhí á cheapadh againn. Nuair a chuamar beo leis an tairseach Béarla, bhí sé i gceist againn an tairseach Gaeilge a thabhairt chun críche bliain ina dhiaidh sin. Ba é shin an t-eolas ab fhearr a bhí againn ag an am. Nuair a chuaigh an soláthróir seirbhíse agus an chomhlacht, Agoda, i mbun oibre, bhí neart fadhbanna teicniúla acu a bhí dosháraithe nó an-deacair le sárú. Thóg sé sin go leor ama mar an deacracht a bhí ann ná, dá dtarlódh botún nó rud éigin a thiocfadh salach ar an gclár iomlán, go dtiocfadh an clár iomlán aníos. Tá múinteoirí, an 123,500 duine, ag brath ar an tairseach agus an clárú a bheith ceart acu. Bhíomar an-chúramach agus ag iarraidh cinnte a dhéanamh go mbeadh pé fuascailt cóir agus ceart agus nach mbeadh fadhb éigin eile againn maidir leis an réiteach. Thóg sé i bhfad níos mó ama ná mar a rabhamar ag súil leis, ach tá áthas orainn anois go bhfuil sé ann agus go bhfuil na deacrachtaí a bhí le sárú sáraithe againn. Agus é sin ráite agam, ní mór dom a rá, is dócha go mbeidh na deacrachtaí a bhí againn ag comhlachtaí poiblí eile agus go gcabhródh roinnt den obair atá déanta againn le rannóga eile an Stáit nuair atá siad ag iarraidh feabhas a chur ar na córais.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is maith an rud sin agus tá súil agam go bhfoghlaimeofar ón gceacht sin. Tuigim go raibh Phil Fox ag caint ar chúrsaí teicniúla agus go bhfuil sé deacair déileáil le seo go dtí go bhfuiltear ag déileáil leis an chomhlacht. Thóg mé féin suíomh Idirlín agus nuair atáthar ag cur rud inteacht leis, mar shampla, plugin a dhéanann rud inteacht dátheangach, is é an rud a dhéantar ná cóip de gach aon rud atá ann. Ní thuigim an méid atá á chur chun tosaigh ag an chomhairle ná an chomhlacht ná go raibh fadhb ann ó thaobh an chláir. Nuair a dhéantar aon rud le suíomh Idirlín, déantar cóip den suíomh iomlán. Tá sé ansin. Má tá timpiste nó botún ar bith ann, téitear ar ais chuig an gcóip. Fágfar sin ar leataobh ag an phointe seo. Shínigh an chomhairle conradh le comhlacht darb ainm SilverBear Limited. An é sin an comhlacht? Sa dóigh go dtuigeann mé, bhí conradh ann i 2020, an ea?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Shínigh an chomhairle an conradh thart ar an am sin. An faoi choinne thairseach dátheangach a bhí á chuartú ag an chomhairle ag an am? Bhí conradh dlíthiúil ag an chomhairle agus bhí praghas ann. Cad é an praghas a bhí ann?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Thart fá €1 milliún mar sin-----
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sin an costas ó 2019 go dtí anois. An mbeidh costais eile ann?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An mbeidh sé €250,000 gach aon bhliain?
Ms Phil Fox:
Ní fhéadfainn a rá go baolach. Is féidir liom na figiúirí a thabhairt níos déanaí. Tá 123,500 múinteoir ar an tairseach agus is rud casta atá ann. Tá idirdhealú le déanamh idir shuíomh agus bhunachar. Is rud sách simplí é an suíomh. Is féidir cóip a dhéanamh de. Is timpeallacht bheo atá i gceist leis an mbunachar agus tairseach. Ní hé gur féidir linn cóip a dhéanamh agus dá rud a bheith ann. Tá rud amháin ann agus ba é shin ceann de na deacrachtaí a bhí againn. Ó thaobh é a choimeád agus an tairseach a choimeád suas chun dáta agus sonraí a chosaint, agus grinnfhiosrúchán na nGardaí, is timthriall atá ann.
Ní hé go mbeadh tairseach againn agus nach mbeadh aon obair le déanamh againn chun é a choimeád suas chun dáta, ag imeacht agus chun siúil. Beidh sé sin ag obair.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim é sin. Caithfear cinnte a dhéanamh go bhfuil muid ag amharc i ndiaidh na tairsí. Tuigim é sin ach tógadh é seo don chéad uair in 2019. Shíl mé go mbeadh conradh ann, an rud a shínigh an chomhairle, leis seo a thógáil. I mo chloigeann, dá mbeimis ag cuartú rud éigin, b'fhéidir go mbeadh costas €100,000 chun é a chur i gcrích agus ansin €20,000 in aghaidh na bliana chun cinnte a dhéanamh go bhfuil sé á reáchtáil mar is ceart agus achan rud mar sin. Caidé a bhí sa chonradh a shínigh an chomhairle in 2019 ó thaobh costas leis an tairseach seo a chur i gcrích? An raibh idirdhealú ann idir na costais reatha agus na costais chun é a bhunú sa chéad dul síos?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An raibh spriocdháta sa chonradh faoina gcaithfí an tairseach seo a bheith déanta? Caidé an spriocdháta a bhí ann?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An raibh an spriocdháta fá choinne é a bheith i nGaeilge agus i mBéarla?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sa chonradh, bhí sé 2021 fá choinne an Bhéarla agus 2022 fá choinne na Gaeilge.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí sé thart faoin am sin. Níl mé ag dul-----
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim go bhfuil Phil Fox ag smaoineamh ar an dá bhliain. An bhfuil an ceart agam gur bhris an comhlacht an conradh? Níor chuir sé i gcrích é. An dúradh sa chonradh go mbeadh sé go huile agus go hiomlán i nGaeilge?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An nglacann an Chomhairle Mhúinteoireachta leis nach raibh córas dátheangach ar fáil suas go dtí an tseachtain seo a chuaigh thart?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim é sin. Ó thaobh an chonartha dlíthiúla, bhí conradh ann agus tugadh airgead cháiníocóirí an Stáit do chomhlacht príobháideach taobh amuigh den tír seo le rud éigin a chur i bhfeidhm le córas dátheangach. An nglacann an Chomhairle Mhúinteoireachta leis nár chomhlíonadh an conradh sin go dtí an tseachtain seo a chuaigh thart? Is ceist thábhachtach é sin. Ar bhris an comhlacht an conradh? Tá ceist eile agam. An raibh airgead breise tugtha dó fá choinne an 3% eile a dhéanamh? Ar ghlac an chomhairle leis in 2022 go raibh an conradh comhlíonta ag an gcomhlacht seo?
Ms Phil Fox:
Is dóigh gur chomhlíon sé an conradh sa dóigh is gur chuir sé an tairseach ar fáil agus gur choimeád sé ag obair air go dtí go raibh na fadhbanna teicniúla nach raibh sofheicthe ag an tús sáraithe agus réitithe. Tá seirbhís iomlán Gaeilge curtha ar fáil aige anois. Is dóigh go raibh na deacrachtaí-----
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim é sin. Tá an pháirt sin déanta aige ach, mar pháirt den chonradh, bhí dáta i bhfeidhm. De ghnáth, bíonn airgead le gearradh ar chomhlachtaí muna gcomhlíonann siad obair taobh istigh den dáta. Níl a fhios agam an raibh sé sin i gceist sa chonradh seo ach, de ghnáth, bíonn i gconarthaí, go háirithe i gconarthaí ar phraghas mar seo. An raibh sé sa chonradh? Ar bhain an chomhairle úsáid as an mír sin den chonradh?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ceart go leor. An féidir an t-eolas sin a thabhairt don choiste?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gan a bheith ag díriú isteach ar an chonradh, táim ag iarraidh teacht ar thuigbhealaí nó smaointe an Chomhairle Múinteoireachta sa bhliain 2022. An raibh sé glactha ag an gcomhairle go raibh córas dátheangach ar fáil sa tairseach seo?
Ms Phil Fox:
Bhí tairseach dhátheangach ann ach bhí thart ar 3% de nach raibh curtha ar fáil go dátheangach. Bhí an tairseach ann. Ag brath ar cén próiseas atá á iarraidh agat, tá 23 foirm iarratais ar fáil. Bhí roinnt acu ar fáil go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge in 2022 ach, mar is eol dúinn go léir, ag brath ar an bpróiseas a bhí tú ag iarraidh páirt a ghlacadh ann, bhí thart ar 3% nach raibh. Ag brath ar an múinteoir agus na riachtanais a bhí aige nó uirthi, bhí seans ann go raibh an próiseas ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag an bpointe seo, tá sé 100% ar fáil. In 2022, bhí conradh ann le Silverbear Limited chun tairseach dhátheangach a chur ar fáil. An raibh an Chomhairle Mhúinteoireachta ag rá, "Maith sibh, fair play", seachas ag rá, "Níl sé seo go huile agus go hiomlán dátheangach. Tá 3% de nach bhfuil dátheangach agus tá sé seo ag déanamh beag do mhúinteoirí ar fud na tíre a bhfuil muidne ag rá go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu le bheith cláraithe sa chéad dul síos agus go bhfuil sé de cheart acu faoi Bhunreacht na tíre seo a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge"? Is é sin an cheist atá ann. B'fhéidir gur féidir le Phil Fox mé a cheartú ach sílim gur ghlac an chomhairle leis sin in 2022 sular tháinig gearáin isteach agus gur tháinig sé ag caint le Silverbear arís ag an bpointe seo. Arbh é sin an rud a tharla?
Ms Phil Fox:
Níorbh é. Leanamar ag obair an tráth go léir. Bhíomar i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga chun uasdátú a thabhairt don oifig sin fad a bhíomar ag dul ar aghaidh. Níorbh é nach rabhamar ag obair air ag aon phointe. Bhíomar diongbháilte agus tiomanta an tseirbhís a chur ar fáil in ainneoin na bhfadhbanna teicniúla a bhí ann. Thóg sé níos faide ná mar a theastaigh uainn ach bhí na fadhbanna teicniúla dosháraithe.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar dhíol an chomhairle Silverbear fá choinne an conradh chun an tairseach dhátheangach seo a chur ar fáil in 2022? Muna raibh an chomhairle sásta, ar dhíol sí an t-airgead? Is é sin an cheist atá agam. Má chonaic sí gá le hobair anseo, ar dhíol sí amach an t-airgead? An é an rud a tharla ná nár dhíol sí an t-airgead go dtí an tseachtain seo a chuaigh thart mar ní raibh an conradh comhlíonta ag Silverbear? I gconarthaí mar seo, muna ndéantar an obair taobh istigh den spriocama, bíonn pionós le gearradh ar an chomhlacht. Tuigim nach raibh pionós ar bith gearrtha ar an chomhlacht sa chás seo.
Ms Phil Fox:
Le bheith macánta, ó thaobh an tsonraisc de, ní fhéadfainn a rá an bhfuil sé déanta go fóill. Mar a dúirt mé, tá an obair ag leanúint agus tá caidreamh seasta againn leis an gcomhlacht Silverbear, mar a shílfeá. Is féidir liom a rá gur chuir Silverbear i bhfad níos mó acmhainne ar fáil nuair a thuig sé scála na hoibre a bhí le déanamh agus an fhadhb theicniúil a bhí le sárú aige. Lean sé air ag obair go dtí gur éirigh leis an tseirbhís a chur ar fáil go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá a fhios agam go raibh sé níos moille ná mar a theastaigh uainn, go raibh na fadhbanna a d'eascair agus muid ag iarraidh an tseirbhís a chur ar fáil dofheicthe agus gur tháinig na fadhbanna sin aniar aduaidh orainn ach, sa deireadh thiar, d'éirigh le Silverbear é a chur ar fáil dúinn. Thug sé na hacmhainní a bhí ag teastáil ó thaobh innealtóirí agus daoine teicniúla de chun an tseirbhís a chur ar fáil.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist deiridh agam. Dúirt Phil Fox go raibh 123,000 múinteoir ar an gclár. Ar fágadh aon duine ar an gclár nach raibh ábalta clárú ná athnuachan a dhéanamh ar a chlárú go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl mé ag iarraidh go ndéanfaidh Phil Fox é sin. B'fhéidir gur fágadh 300, 400 nó 2,000. Is é sin an cheist atá agam. An raibh polasaí taobh istigh den Chomhairle Múinteoireachta nuair nach raibh sé ábalta seirbhís a chur ar fáil go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge le daoine a chlárú? Is iad na rialacha atá ag an chomhairle ná go mbainfí den chlár iad. An é sin an rud a tharla achan uair?
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní raibh siad ábalta é a dhéanamh-----
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
-----ar an leibhéal céanna agus atá duine ábalta é a dhéanamh i mBéarla.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níor bhain an chomhairle aon duine den chlár mar go raibh sé go fóill ag obair ar an tairseach cé go raibh dualgas orthu athnuachan a dhéanamh go bliantúil agus nach raibh sé sin déanta.
Bhí sé sin admhaithe taobh istigh den Chomhairle Mhúinteoireachta gur chaith sí go holc leis na daoine a bhí ag iarraidh clárú ar an leibhéal céanna ó thaobh an Bhéarla de. Ar ghabh an chomhairle leithscéal riamh leis na daoine sin nach raibh ábalta an tseirbhís a fháil go dtí an tseachtain a chuaigh thart?
Ms Phil Fox:
Tá súil agam go bhfuil sé soiléir ag an bpointe seo an méid oibre agus ualach na hoibre atá déanta againn chun freastal ar phobal labhartha na Gaeilge, an meas atá léirithe againn ar an nGaeilge agus ar phobal labhartha na Gaeilge, an obair a coinníodh sa tsiúl leis an obair seo, an méid acmhainní a cuireadh ar fáil, an soláthar seirbhíse ó Silverbear atá againn, agus an méid acmhainní a chuir sé ar fáil chun an tseirbhís a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Ní aontóinn leis an Teachta gur chaitheamar go holc le haon duine. Rinneamar ár ndícheall an tseirbhís a chur ar fáil agus choimeád muidag obair air go dtí go raibh sé ar fáil.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é an pointe ná cén fáth gur choinnigh an chomhairle daoine ar an gclár nuair a bhí dualgas ar na daoine trí rialacha an chomhairle féin go gcaithfidh siad clárú go bliantúil? An t-aon fáth go dtiocfadh leis an gcomhairle daoine a choinneáil ar an gclár ná go raibh sé intuigthe ag an gComhairle Mhúinteoireachta go raibh sí ag caitheamh go holc le daoine a bhí ag iarraidh clárú a dhéanamh sa dóigh chéanna is a bheadh daoine ábalta a dhéanamh mBéarla. Is í an cheist atá agam ná ar ghabh an chomhairle leithscéal le daoine a bhí sa bhail sin?
Ms Phil Fox:
Ghabhamar leithscéal agus gabhaimid leithscéal le haon duine a bhí ag iarraidh clárú trí mheán na Gaeilge ar an tairseach ar líne nach raibh in ann clárú nó ainmniúchán a dhéanamh go huile is go hiomlán trí Ghaeilge go dtí seo. Mar a léirigh mé, tá sé sin agus an próiseas sin ar fáil anois d’aon duine atá ag iarraidh an t-ainmniúchán a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is maith sin. Míle buíochas.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Feicim go bhfuil an Teachta McHugh agus an Teachta Ó Muineacháin ar líne. An bhfuil ceist le cur ag an Teachta Ó Muineacháin? Má tá an Teachta McHugh ag iarraidh ceist a chur, cuir a lámh in airde agus tiocfaidh mé chuige. Gabh ar aghaidh, a Theachta Uí Muineacháin.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gComhairle Mhúinteoireachta as an eolas agus na ceisteanna atá freagartha. Tuigim faoin tráth seo go bhfuil múinteoirí ábalta gnó a dhéanamh leis an gcomhairle anois trí Ghaelainn agus gur réitíodh an fhadhb sin le déanaí. Is féidir pé treo a theastaítear a úsáid, is é sin dul ar an bhfón, ar an Idirlín nó pé treo a úsáid. An bhféadfadh an chomhairle a chinntiú faoi sin go bhfuil gach rud réitithe agus go bhfuil múinteoirí ábalta gach gnó ar fad a dhéanamh anois leis an gcomhairle trí Ghaelainn má theastaíonn é sin uathu? Go dtí an tseachtain seo caite, ní raibh na daoine seo in ann é seo a dhéanamh.
Tá táille ann chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Bíodh nach raibh seirbhís iomlán á cur ar fáil, an raibh plé ar tháille níos ísle a ghearradh orthu toisc go raibh seirbhís nó caighdeán níos ísle á chur ar fáil dóibh? An bhféadfaí soiléiriú air sin a thabhairt dom?
Ms Phil Fox:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Is féidir liom a dheimhniú gur féidir le múinteoirí a gcuid gnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge, idir scríbhinn nó ó bhéal. Má theastaíonn uathu an tseirbhís sin ar líne a úsáid, idir an suíomh nó an tairseach, is féidir liom a dheimhniú gur féidir.
Ó thaobh na dtáillí de, tá siad sin leagtha síos faoin Acht. Is rud reachtúil atá i gceist leo agus tá an táille sin leagtha amach san agus faoin Acht. Níl aon bhealach gur féidir linn é sin a ísliú nó a mhéadú gan cead a fháil ón Aire.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar lorgaíodh aon chead ón Aire? An ndearnadh aon teagmháil, bíodh is nach raibh an tseirbhís iomlán á cur ar fáil do na múinteoirí agus go raibh an chomhairle srianta, dá bharr, leis an Acht? An ndearnadh aon teagmháil leis an Aire mar gheall air sin nó an raibh aon phlé laistigh den chomhairle mar gheall ar an gcaoi a láimhseálfaí é sin? Ar bhraith an chomhairle go raibh éagóir á déanamh nó an raibh aon phlé ar an ábhar sin?
Ms Phil Fox:
Níor iarradh ar an Aire an táille a ísliú. Chuireamar bealach malartach éagsúil eile ar fáil, ceann a bhí páipéarbhunaithe nó líne fóin speisialta d’aon duine a bhí ag iarraidh ainmniúcháin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Bhí duine inniúil sa Ghaeilge ar an bhfón a bhí in ann cabhrú le haon duine a bhí ag iarraidh an clárú a dhéanamh thar an bhfón nó ar pháipéar. Níor chuireamar ceist ná níor iarramar ar an Aire an táille a ísliú.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nuair a bhíonn múinteoir cláraithe leis an gcomhairle, tuigim go bhfuill, nó ní fheadar an bhfuil, dhá saghas clárúcháin nó dhá ráta pá do mhúinteoirí neamhcháilithe agus múinteoirí a bhfuil cáilithe ansin. Tá a fhios agam go bhfuil brú ar an-chuid scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre chun múinteoirí a earcú. Tá suim agam a chinntiú go mbeidh múinteoirí ann atá ábalta ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaelainn agus rang a mhúineadh le caighdeán ard Gaeilge. Má tá duine le pé blianta fada taithí acu mar mhúinteoir agus má thógann siad post i scoil Ghaeltachta, deir siad liom go bhfuil baol ann go mbeadh ísliú pá ann agus go mbeadh siad cláraithe mar mhúinteoir neamhchláraithe mura mbeadh cáilíocht Ghaelainn acu. An mar sin atá an scéal? An mbeadh ísliú pá ann do dhuine a bheadh ag múineadh i scoil Ghaeltachta?
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ach mura bhfuil siad cláraithe leis an gcomhairle, ní íocfaí na múinteoirí seo. Tá ról, mar sin, ag an gcomhairle - ról imeallach is dócha ach ról tábhachtach - mar gheall ar an gclárúchán agus an ráta pá a bhfaigheadh an múinteoir.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An gcláraíonn an chomhairle múinteoirí mar mhúinteoirí cáilithe nó neamhcháilithe nó an ndéantar idirdhealú eatarthu sa chlár atá ag an gcomhairle?
Ms Phil Fox:
Tá cúig bhealach ann. Tá bealach 1 ann do mhúinteoir bunscoile, don bhunmhúinteoireacht agus d’aon duine a shroicheann agus a bhaineann an caighdeán sin amach. Baineann bealach 2 le hiar-bhunscoil. Is é bealach 3 ná oideachas breise. Is é bealach 4 ná múinteoirí a cáilíodh thar sáile agus a bhfuil cáilíochtaí acu i riachtanais speisialta do na daltaí agus na scoláirí. Tá bealach 5 ann d’ábhar oidí atá ar bhliain agus atá ag glacadh páirte i mbliain a trí nó a ceathair de na cláir do bhaitsiléir san oideachais sna hinstitiúidí ardoideachais. Tá deighilt nó idirdhealú le déanamh idir na hearnálacha agus na rannóga atá ar an gclár.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar sin, sa dream deireanach ansin, an cúigiú grúpa agus na daoine sa tríú agus sa cheathrú bliain, an iad sin na daoine nach bhfuil cáilithe go hiomlán?
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é seo an rannóg múinteoirí neamhcháilithe.
An bhfuil daoine le blianta fada de taithí agus cáilíochta acu sa rannóg sin ach nach bhfuil cáilíocht as Gaelainn acu?
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An ndéantar aon idirdhealú idir múinteoirí nach mbeadh b'fhéidir cáilithe as Gaelainn?
Ms Phil Fox:
Muna shroicheann siad an caighdeán, ní féidir leo dul ar an gclár. Tá caighdeán ann chun an ábhair oide a bhaint amach agus ansin fianaise a thabhairt dúinn go bhfuil an caighdeán bainte amach acu, bíodh sé sin an chéim atá faighte acu ag leibhéal 8 ó na hinstitiúidí ardoideachais nó máistir gairmiúil san oideachas agus fianaise ag tacú leis cosúil leis an TEG nó an tréimhse cónaithe nó foghlamtha sa Ghaeltacht a thaispeáint dúinn anuas agus pé riachtanais eile atá ann. Muna bhfuil siad cállithe, muna shroicheann siad an caighdeán nó muna bhaineann said an caighdeán amach, ní hé go mbeadh siad ar an gclár gan an caighdeán a shroichint.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An iad sin an dream a bhfuilim dírithe orthu ansin? An iad seo na daoine a bheadh b'fhéidir blianta fada taithí acu de mhúinteoireacht meánscoile ar fud na tíre acu, ach má theastaíonn uathu dul ag múineadh i scoil Gaeltachta, go bhfuil cáilíocht nó stádas difriúil acu ar chlár na Comhairle Múinteoireachta agus nach mbeidís cláraithe ansin?
Ms Phil Fox:
Níl aon idirdhealú á dhéanamh againn idir daoine ag a bhfuil cáilíochtaí breise Gaeilge acu nó daoine a bhfuil cáilíocht ar leith acu. Má tá na cáilíochtaí cuí acu, is é sin na cáilíochtaí atá de dhíth agus riachtanach chun a bheith ar chlár na múinteoirí, is iad sin na dualgais atá orthu chun an caighdeán a bhaint amach.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir leo clárú leis an gcomhairle fad is atá siad ag fáil aon cháilíocht?
Ms Phil Fox:
Is féidir leo siúd atá faoi bhealach 5 é sin a dhéanamh. Tá siadsan ar an gclár. Is féidir leo siúd a bhfuil céim acu ag leibhéal 7 nó 8 le trí bliana taithí an clár d'oideachas tosaigh múinteoirí a bhaint amach agus trí bliana acu leis sin a dhéanamh. Tá seal ama acu an cháilíocht sin a bhaint amach agus an fhianaise sin a thabhairt dúinn.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fad is atá an seal sin á bhaint amach acu, cén fhad atá i gceist? An bliain nó dhá bhliain atá ann? An mbeidís ag fáil páil difriúil le linn an tréimhse ama sin?
Ms Phil Fox:
Creidim go mbeadh siad ag fáil pá difriúil ná duine atá iomlán cáilithe ach ní fhéadfainn mórán sonraí a thabhairt air sin mar níl aon bhaint againn leis sin nó níl aon ról againn ansin. Tá seal trí bliana acu áfach, agus don oideachas breise is clár bliana ina iomláine atá i gceist leis an gcáilíocht.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bheadh cinneadh á dhéanamh in áit éigin eile mar gheall ar an ráta pá?
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An mbeadh aon tuairim ag na Phil Fox cá háit? An mbeadh sé á dhéanamh sa Roinn, sna ETB nó sa scoileanna?
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh maith agat.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sin deireadh leis na ceisteanna go bhfios dom. Níl aon duine eile ar líne ag an staid seo. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith anseo agus na freagraí a thabhairt orthu siúd a bhí ag cur na ceisteanna. Gabhaim buíochas le Phil Fox agus le Bríd Murphy as an gcúnamh a thug siad dúinn inniu. Níl aon ghnó eile againn. Beidh ár gcéad chruinniú eile ar siúl i seomra coiste 4 an Céadaoin seo chugainn, an 3 Iúil, nuair a phléimid Plean Fáis 2024-2029: plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge.