Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 8 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh den Ghaeltacht: Plé
Mr. Stiof?n Seoighe:
I dtosach báire, gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an gcuireadh chun cainte inniu agus as an deis a thabhairt dúinn cúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht a phlé os a chomhair. Molaim an obair a dhéanann an comhchoiste seo chun ceisteanna móra Gaeilge agus Gaeltachta a bhrú chun cinn.
Is mise an t-oifigeach pleanála teanga do limistéar pleanála teanga Dhúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, ceantar fairsing, iargúlta, imeallach Gaeltachta a shíneann ón Mám i gContae na Gaillimhe, trí Chorr na Móna, an Chloch Bhreac, an Fhairche agus trasna na teorann isteach go Contae Mhaigh Eo agus ceantar Fionnaithe agus Thuar Mhic Éadaigh san áireamh chomh maith. Tá mise i mbun oibre sa cheantar seo le os cionn ceithre bliana anois, faoi stiúir na ceanneagraíochta a cheap Údarás na Gaeltachta in 2015, Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teoranta agus an coiste stiúrtha pleanála teanga. Tugaim ardmholadh don obair mhór dheonach atá déanta ag an gcoiste céanna le blianta fada anuas chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa cheantar. Is ag tógáil ar a chuid oibre atáim. Tá saibhreas teanga agus cultúir i gceantar Dhúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh agus tá an pobal fíorbhródúil as an saibhreas sin. Is bunchloch luachmhar é sin don phleanáil teanga.
Is plean teanga seacht-mbliana atá á chur i bhfeidhm againn i gcomhar leis an bpobal. Táimid leath bealaigh tríd an cúigiú bliain den phlean reatha. Is plean le 11 réimse agus 46 beart é, gan trácht ar bhearta agus ar thograí nua a thagann chun cinn go rímhinic agus muid i mbun oibre leis an bpobal. Luaitear aidhmeanna uaillmhianacha sa phlean, líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú 20% le linn saolré an phlean agus an Ghaeilge a normalú i measc daoine óga sa cheantar san áireamh.
Is léir, dar ndóigh, nach mbeidh méadú 20% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa cheantar seo faoi dheireadh thréimhse an phlean. Léirigh na figiúirí daonáirimh a foilsíodh i dtreo dheireadh na bliana seo caite gur laghdaigh líon na gcainteoirí laethúla inár LPT féin idir na blianta 2016 agus 2022. Laghdú idir 2% agus 8%, laghdú níos lú ná mar a bhí ann idir na blianta 2011 agus 2016, a bhí i gceist in ocht gcinn den deich toghroinn atá sa limistéar. Méadú beag de 1% a bhí i dtoghroinn amháin agus ní raibh aon athrú ar bith sa cheann eile. Tá tátal idir dhearfach agus dhiúltach le baint ó na figiúirí sin ach braitheann muid go láidir go bhfuil sé i bhfad róluath sa phróiseas le bheith ag brath ar staitisticí cainníochtúla an daonáirimh amháin mar shlat tomhais ar dhul chun cinn na hoibre ar an talamh.
Mar atá ráite ag mo chomhghleacaithe, is obair mhall, chéimneach agus fhadtréimhseach í obair na pleanála teanga ach braithimid go láidir go bhfuil an próiseas sin i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh ag dul i bhfeidhm ar an bpobal de réir a chéile. Táimid ag cruthú deiseanna nua foghlama agus úsáide don Ghaeilge agus ag cinntiú go bhfuil an Ghaeilge níos feiceálaí mar theanga phobail agus go gcloistear níos minice í i réimsí éagsúla an tsaoil. Cuireann muid tacaíochtaí teanga ar fáil do theaghlaigh, coistí, cumainn, scoileanna, gnónna agus daoine aonair nach raibh ar fáil cheana sa limistéar seo. Tá deiseanna úsáide agus foghlama ann anois nach raibh ann cheana agus tá an pobal féin níos feasaí faoin obair atá ar bun againn, faoin tábhacht a bhaineann léi agus faoin tábhacht a bhaineann le stádas Gaeltachta don cheantar. Ó thaobh an chóras oideachais de, tá iarracht mhór curtha isteach ag na cúig bhunscoil agus an dá iarbhunscoil sa limistéar chun aitheantas mar scoileanna Gaeltachta a bhaint amach, agus is féidir toradh na hoibre sin a fheiceáil le glúin óg de chainteoirí cumasacha muiníneacha Gaeilge ag teacht ar an bhfód. Caithfear tógáil ar an obair seo, nach bhfuil ach ina tús i ndáiríre, sna blianta amach romhainn. Ní féidir an deis seo a chur amú. Ní féidir na maidí a ligean le sruth.
Is iomaí caipín a chaitheann an t-oifigeach pleanála teanga agus é nó í i mbun oibre ar an talamh. Ní mór duit a bheith i do bhainisteoir, cuntasóir, áisitheoir, aistritheoir, pointe teagmhála, teagascóir, oifigeach forbartha pobail, oifigeach margaíochta agus poiblíochta, teangeolaí, sochtheangeolaí agus síceolaí. Níl aon srian le hilghnéitheacht na hoibre ach is obair thábhachtach í agus ní mór a rá gur obair thaitneamhach í go minic. Tá an t-ádh ar phobail Ghaeltachta agus ar phobail na mbailte seirbhíse agus na líonraí Gaeilge go bhfuil daoine cumasacha, oilte agus díograiseacha fostaithe go lánaimseartha iontu chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm.
Ní mór cinnteacht a bheith ann chomh maith faoi thodhchaí an phróisis pleanála teanga. Mar a dúirt mé, táimid féin sa chúigiú bliain de phlean seacht mbliana. Mar atá cloiste ag an gcoiste, tá comhghleacaithe liom i nGaeltachtaí eile atá anois sa séú bliain nó fiú ag dul isteach sa seachtú bliain. Ní léir dúinn céard a tharlóidh nuair a thagann deireadh leis na pleananna reatha. Cruthaíonn sé seo éiginnteacht ní hamháin do na hoifigigh phleanála teanga, ach do na pobail Ghaeltachta. Déanann an éiginnteacht seo dochar don phróiseas pleanála teanga trí chéile. Mar atá soiléir ón méid atá ráite inniu, tá mo chomhghleacaithe uilig tiomanta, ar bhonn gairmiúil agus pearsanta araon, do thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Caithfear éisteacht lenár dtuairimí agus lenár moltaí, atá bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí phraiticiúil sa phleanáil teanga ar an talamh, agus aon phlean, pleananna nó straitéis nua á leagan amach. Tuigeann muid agus ár gcoistí na féidearthachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an obair.
Faraor, ní féidir linn ná leis na coistí deonacha lena mbíonn muid ag comhoibriú an obair ar fad a dhéanamh. Is duine amháin, nó beirt ar a mhéid, atá fostaithe go lánaimseartha chun an obair seo a dhéanamh i limistéir phleanála teanga na tíre. Ní leor é sin chun aidhmeanna uaillmhianacha na bpleananna teanga a bhaint amach. Dar ndóigh, is féidir linn tionchar a imirt ar réimsí áirithe den phleanáil teanga ach níl sé de chumhacht againn na bearnaí ar fad a líonadh. Ní féidir linn tithíocht inacmhainne a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta ná treoirlínte pleanála a fhoilsiú a chinnteoidh gur féidir le muintir na Gaeltachta tithe a thógáil ina gceantair féin. Ní féidir linn múinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna ná tacaíocht bhreise a chur ar fáil do scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ag na teangacha éagsúla ar fad a labhraíonn na gasúir sa mbaile. Ní féidir linn seirbhísí poiblí riachtanacha trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Ní féidir linn infheistíocht a dhéanamh i gcruthú fostaíochta ná i bhforbairt fiontraíochta i bpobail Ghaeltachta. Gan phobal, ní bheidh ann don teanga agus, mar sin, ní mór don Stát seasamh lena fhocal agus a chuid den mhargadh a dhéanamh.