Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 8 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh den Ghaeltacht: Plé

Ms Ursula N? Shionnain:

I dtosach báire, gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as ucht an gcuireadh labhairt anseo inniu faoin bpleanáil teanga sa Ghaeltacht. Tá sé i gceist agam díriú isteach ar cheisteanna a bhaineann le Gaeltacht na Mí go sonrach. Tá Gaeltacht na Mí eisceachtúil ar bhealach i gcomparáid le phobail Ghaeltachta eile, sa chaoi is go bhfuil sí ar nós cúpla oileán beag simplíthe ag pobail Bhéarla. Níl an fharraige ina teorainn ag ár nGaeltacht beag agus táimid suite beagnach i lár na tíre, neamhchosainte ó thaobh tionchar an Bhéarla de agus ar bhealach níos troime ná ceantair Ghaeltachta eile. Is míorúilt í go bhfuil áit ag an nGaeilge sna pobail seo go fóill agus go bhfuil sí fós beo in ainneoin easpa tacaíochta éifeachtach ón Stát.

Is í an sprioc atá ag plean teanga Ghaeltacht na Mí ná méadú 10% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a bhaint amach taobh istigh de shaolré an phlean teanga. Faraor, ní bhainfear an sprioc seo amach. Léiríonn na staitisticí daonáirimh is déanaí go raibh laghdú i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i nGaeltacht na Mí ó 15.93% i 2016 go 13.87% i 2022. Gan smacht de shaghas éigin a bheith ag an bpobal ar na fachtóirí is mó a chuireann bac ar fhorbairt agus dul chun cinn an phobail Ghaeilge, ní fheicfear méadú suntasach i líon na gcainteoirí Gaeilge i nGaeltacht na Mí.

Mar is eol don choiste, bhí bua stairiúil ag Comharchumann Ráth Chairn san Ard Chúirt nuair a cuireadh cinneadh an Bhoird Phleanála i dtaobh 30 teach agus teach lóistín a thógáil sa Ghaeltacht bheag seo ar ceal toisc nár cruthaíodh gur chun leas na Gaeilge sa cheantar a bheadh an fhorbairt. Fós féin, níl aon athrú tagtha ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht sa chaoi is nach bhfuil an Ghaeilge aitheanta mar riachtanas áitiúil chun teach a thógáil sa Ghaeltacht. Chun todhchaí na Gaeltachta a chinntiú, tuigeann muid ar fad go bhfuil innealtóireacht shóisialta de shaghas éigin ag teastáil chun an Ghaeilge a choinneáil i réim mar theanga an phobail. Diúltaíodh cead pleanála le déanaí do dhá theaghlach a bhfuil an Ghaeilge acu mar phríomhtheanga an tí teach a thógail i Ráth Chairn. Tacaíonn muidne go láidir le polasaí tithíochta Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, go háirithe go gcaithfí le daoine go bhfuil leibhéal B2 acu i labhairt na Gaeilge ar aon dul le daoine a bhfuil riachtanais áitiúla acu ó thaobh cead pleanála de mar bheartas chun cur le líon agus le céatadán lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ar an mbonn céanna, is gá cur in aghaidh forbairtí móra a mbíonn de thoradh orthu go dtagann daoine nach spéis leo Gaeilge a labhairt isteach sa phobal agus go gcuirfí in aghaidh an iomarca tithe saoire in aon cheantar ar leith. Freisin, is gá beartas ar leith i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta chun tithíocht incheannaithe agus tithíocht shóisialta ar a mbeidh coinníollacha teanga dochta ceangailte leo a chur ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta.

Is cás ar leith é Ráth Chairn ó thaobh na staire agus na tíreolaíochta de agus pobal bríomhar Gaeilge ina chónaí ann. I gcás Bhaile Ghib, tá muid ag plé le hathbheochan na Gaeilge i measc an phobail, áit a bhfuil an scoil ina heiseamláir san obair seo mar scoil a bhfuil aitheantas Gaeltachta aici. Is ábhar mórtais dúinn mar choiste pleanála teanga gur éirigh linn freastal ar mhianta phobal Bhaile Ghib agus naíonra lán-Ghaeilge a chur ar bun ann de réir an phlean teanga againn. Ba mhaith liom gach aitheantas a thabhairt do Threasa Ní Ghairbhí as obair na gcapall a dhéanamh ina thaobh seo. Tá Baile Átha Buí agus an Uaimh ainmnithe ag Roinn na Gaeltachta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta Chontae na Mí. Is ábhar díomá dúinn nach bhfuair muid go dtí seo ach an chluais bhodhair maidir lenár n-éileamh go n-aithneofaí Baile Átha Troim, baile atá fite fuaite le Gaeilge Ráth Chairn, mar bhaile seirbhíse Gaeltachta freisin. Ba fhusa i bhfad coiste agus plean a chur le chéile in Áth Throim mar go leor bailte eile ar fud na hÉireann ó thaobh an méid Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar an mbaile ó lá go chéile.

Tá cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht seo an-chasta ar fad sa chaoi is go bhfuil na scoileanna ag freastal ar dhá phobal éagsúla – cainteoirí dúchais Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge. Cuireann an cás seo brú ollmhór ar an gcóras sa Ghaeltacht a chinntiú go bhfuil sealbhú teanga éifeachtach i dtaobh na Gaeilge ar bun i dtaobh na gcainteoirí dúchais agus, ag an am céanna, go bhfuil na foghlaimeoirí ag foghlaim na teanga go héifeachtach chomh maith. Tá riachtanais iomlán éagsúla ag an dá dhream seo agus caithfear aghaidh a thabhairt ar an gceist seo ar bhonn práinneach. Airítear freisin na deacrachtaí a bhaineann le múinteoirí agus baill foirne eile a bhfuil Gaeilge líofa acu a earcú sna bunscoileanna Gaeltachta, chomh maith le foireann a earcú don ionad cúram leanaí i Ráth Chairn, gan trácht ar an deacracht atá ag Coláiste Pobail Ráth Chairn múinteoirí a aimsiú atá in ann ábhair éagsúla a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Teastaíonn sainchúrsa solúbtha oiliúna trí Ghaeilge sa luathoideachas chun soláthar a chinntiú don earnáil i nGaeltacht na Mí. Chomh maith leis sin, is gá a chinntiú go bhfuil pá agus coinníollacha na n-oibrithe seo ar a laghad ar chomhchéim le cúntóirí riachtanais speisialta sna bunscoileanna. Ar ndóigh, is minic a bhíonn gairmeacha gur mná is mó a bhíonn ag plé leo buailte le pá íseal agus coinníollacha nach bhfuil sásúil.

Moltar freisin an mháistreacht ghairmiúil san oideachas a bheith ar fáil in ollscoil éigin i mBaile Átha Cliath agus go mbeadh lóistín ar fáil sna scéimeanna cónaithe san ollscoil atá i gceist i ngeall ar an bpráinne a bhaineann leis an ngéarchéim seo.

Is i mBéarla amháin a phléann an chomhairle contae linn, idir sheirbhísí pleanála agus eile, seachas an leabharlann iontach atá lonnaithe i Ráth Chairn, atá ina heiseamláir ar an méid is féidir a dhéanamh má tá an toil ann. Mar phobal, ní bhraitheann muid go bhfuil pleanáil teanga ar bith ar siúl ó sheirbhísí poiblí maidir le cúrsaí leighis agus sláinte, An Garda Síochána ná seirbhís ar bith eile. Caithfidh an Stát caitheamh leis an nGaeltacht ó thaobh na Gaeilge de faoi mar a chaitheann sé le limistéir faoi chaomhnú speisialta ó thaobh na timpeallachta de agus rialacha soiléire a leagan síos a bheidh le cur i bhfeidhm ag gach seirbhíseach poiblí a bhíonn ag plé le ceantar nó le pobal Gaeltachta. Tacaím leis an méid atá ráite ag na hoifigigh phleanála teanga eile atá anseo inniu faoi na fadhbanna atá os ár gcomhair mar phobail theanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.