Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil)

Ms Anna N? Ghallachair:

Tá mé anseo i dteannta iarphríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh agus tá mé iontach sásta an deis a bheith agam labhairt leis an gcoiste ar an ábhar iontach tábhachtach seo. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí as an gcuireadh teacht anseo le labhairt leo ar an gceist thábhachtach seo. Tá an méid atá le rá agam bunaithe ar mo thaithí mar chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta ar feadh deich mbliana ó 2012 go dtí 2023, mar thástálaí teanga le 20 bliain anuas agus mar bhall de bhord iontaobhaithe an Association of Language Testers in Europe, ALTE, a bhfuil mé ag feidhmiú air le naoi mbliana.

Maidir le cúrsaí ionadaíochta do na ceantair Ghaeltachta ar fad, ba mhaith liom a rá ar dtús báire go gcuirim fáilte roimh na hiarrachtaí atá sa Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022 níos mó ionadaíochta a chothú idir bord an údaráis agus na pobail Ghaeltachta. Is maith liom, go háirithe, go mbeidh ionadaíocht sheasta ar an mbord ag na Gaeltachtaí go léir, rud nach raibh in Acht na Gaeltachta, 2012 agus a d’fhág nach raibh guth ag an tábla ag na Gaeltachtaí beaga i gcónaí, cé go ndearna Údarás na Gaeltachta a sheacht ndícheall a chinntiú go bhfuair siad cothrom na Féinne maidir le dáileadh acmhainní. Ar cheist thánaisteach, feictear dúinn gur chóir go mbeadh dhá comhalta ag Ciarraí agus triúr ag Dún na nGall a bhfuil ceantair Ghaeltachta scoite amach óna chéile iontu, go háirithe nuair a chuirtear na hoileáin san áireamh, i gcás Dhún na nGall, mar shampla.

Is maith an rud é go bhfuil sé i gceist na coistí réigiúnacha a thabhairt ar ais go foirmiúil agus go mbeidh teagmháil níos dírí acu agus ag na comhaltaí leis na pobail agus leis na grúpaí pleanála teanga ina gceantair féin. Tháinig fóraim réigiúnacha le chéile go rialta le deich mbliana anuas, ar iarratas ó chomhaltaí na mbord féin, ach rinneadh é seo gan beannacht an Achta dheiridh agus dá bhrí sin, baineadh ón stádas a bhí acu go dtí sin.

Maidir leis an gcumas teanga, is bunriachtanas é go mbeadh ar chumas chomhaltaí bhord an údaráis a gcuid gnó a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge. Aontaím gur fiú amharc ar na roghanna ar fad atá ann lena chinntiú go bhfuil an cumas nó inniúlacht teanga cuí ag na comhaltaí boird. Má fhágtar nach bhfuil aon chosaint reachtúil ann tá seans ann go dtoghfar comhaltaí ar bheagán Gaeilge nó gan an inniúlacht chuí sa teanga agus nach mbeidh ábalta a ndualgais mar ionadaithe agus mar chomhaltaí a chomhlíonadh mar ba chóir. Tá go leor scríofa faoi thábhacht na dteangacha sa daonlathas. Bhí mé ag freastal ar chomhdháil ar thástáil teanga coicís ó shin i Maidrid na Spáinne agus dúradh linn gurb é an téama a bheidh ag lárionad teangacha Chomhairle na hEorpa don tréimhse 2024 go dtí 2027 ná oideachas teanga i gceartlár an daonlathais. Mar sin de, is ábhar fíorthábhachtach é agus tá sé sin aitheanta ag Comhairle na hEorpa féin.

Maidir leis an leibhéal inniúlachta atá de dhíth ar chomhaltaí an bhoird, tá leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach, FTCE, á mholadh i gceannteidil an Bhille. Ní féidir tabhairt faoi obair an bhoird le leibhéal níos lú Gaeilge ná sin. Tá tuairimí á scaipeadh ar na meáin le cúpla seachtain anuas maidir leis an bhfráma tagartha atá míchruinn. Ní scrúduithe acadúla atá sna scrúduithe nó tástálacha, macasamhail teastas Eorpach na Gaeilge, atá bunaithe ar an bhfráma tagartha. Is scrúduithe nó tástálacha iad a thugann eolas i dtaca le cumas nó inniúlacht teanga an iarrthóra. Úsáidtear tástálacha mar seo i dtíortha ar fud na hEorpa, an tír seo ina measc, le dearbhú go bhfuil iarrthóirí ábalta feidhmiú go proifisiúnta sa teanga. Is fíor gurb é leibhéal B2 an bunleibhéal a iarrtar ar mhúinteoirí meánscoile atá cáilithe mar mhúinteoirí teangacha. Ach is cinnte fosta gur féidir le hiarrthóirí áirithe spriocanna leibhéal B2 agus os a chionn a bhaint amach san ardteistiméireacht, go háirithe daltaí a thógtar le Gaeilge taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht agus mic léinn as córas na nGaelcholáistí. Is dóigh go gcuireann sé mearbhall ar dhaoine sa tír seo ach is scéim é an FTCE a tugadh isteach in 2001 a bhunaigh Comhairle na hEorpa. Tosaíonn an bunleibhéal ag A1. Is é an leibhéal is bunúsaí ná A1. Téann sé ó A1, A2, B1, B2 agus C1, go dtí C2 agus is é an leibhéal C2 an leibhéal is airde cumais.

Is í fírinne an scéil é go bhfuil an chuid is mó de na cáipéisí a chuirtear faoi bhráid an bhoird ag leibhéal C1 nó C2 den fhráma tagartha, is é sin dhá leibhéal os cionn an B2 a mholtar. Fiú le leibhéal B2 ag tosú amach dóibh, beidh go leor oibre i gceist do na comhaltaí le teacht isteach ar an téarmaíocht a bhaineann leis an gcuntasaíocht agus leis an dlí. Tá taithí agam air sin. Tá a fhios agam nuair a thosaigh mé mar chathaoirleach in 2012 go raibh an foclóir in aice liom agus mé ag ullmhú an leabhair boird don chéad chúpla cruinniú. Bíonn idir 100 agus 300 leathanach sna leabhair boird. Bíonn go leor ábhar ansin agus go leor téarmaíochta a bhaineann le cúrsaí airgeadais, cuntasaíochta, dlí, pleanála teanga agus teangeolaíochta. I bhfianaise na bhfreagrachtaí atá ar chomhaltaí boird, tá sé ríthábhachtach go dtuigeann siad an t-eolas uilig a chuirtear faoina mbráid agus impleachtaí na gcinntí a dhéanann siad agus na bhfreagrachtaí atá orthu.

Más ceadmhach dom freagrachtaí an bhoird a mheabhrú, i dtaca le cúrsaí inniúlachta teanga agus rialachais bhoird Stáit, de réir mar atá siad beachtaithe ag an gcód cleachtais chun comhlachtaí Stáit a rialú ó 2016, seo hiad na freagrachtaí is mó:

Ba cheart don Bhord príomhfheidhmeanna a chomhlíonadh, an méid seo a leanas ina measc: treoir straitéiseach agus pleananna móra gníomhaíochta, beartais agus nósanna imeachta bainistíochta riosca, buiséid bhliantúla agus pleananna gnó a athbhreithniú agus a threorú, cuspóirí feidhmíochta a leagan amach, monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar fheidhmíocht chomhlacht Stáit, agus maoirseacht a dhéanamh ar chaiteachas caipitiúil agus cinntí infheistíochta.

Mura bhfuil leibhéal B2 ar a laghad ag na comhaltaí, beidh siad ag déanamh cinntí tábhachtacha gan an t-eolas cuí. Agus an méid sin ráite, níl gá leis na scileanna teanga uilig, is é sin, an chaint, an léitheoireacht, an chluastuiscint agus an scríobh, ag leibhéal B2. Is leor B2 sa léitheoireacht agus sa chaint, mar gurb iad seo na scileanna is mó a theastaíonn don obair. Ar ndóigh, bheadh eisceacht i gceist i dtaca leis an gcathaoirleach mar go mbíonn go leor scríbhneoireachta le déanamh ag an gcathaoirleach, ó mo thaithí. Maidir leis an moladh B2 “nó a chomhionann”, bheadh gá go mbeadh saineolas sa tástáil teanga ag an té a bheadh le breithiúnas a thabhairt ar an gcumas a bhí i gceist le comhionann B2.

I dtaca le cothromaíocht inscne agus leis an gcóras ceapacháin atá molta, ní fheicim cad é mar is féidir a chinntiú go mbeidh cothromaíocht inscne ar an mbord. Bheadh eagla orm go mbeadh barraíocht ag brath ar an seisear a bheadh le ceapadh faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí: cúrsaí inscne, scileanna cosúil leis an gcuntasaíocht agus araile. Chomh maith leis sin, cuireann an riail "duine amháin tuarastal amháin" dhá chasadh eile sa scéal. An féidir a bheith ag súil go mbeidh daoine ón tseirbhís phoiblí sásta seasamh don údarás; am, airgead agus dua a chaitheamh ar fheachtas toghchánaíochta agus gan iad a bheith i dteideal táille a fháil ar a gcuid oibre má thoghtar iad?

I mo thaithí fosta, is mná iad an chuid is mó de na hiarrthóirí as an tseirbhís phoiblí a chuireann isteach ar bhallraíocht ar bhoird Stáit. An bhfuil muid sásta dul sa seans, mar sin, gur trí chóras Public Appointments Service, PAS, a ainmneofar na mná, nó na fir, gur as an tseirbhís phoiblí a bheidh siad ag teacht agus nach mbeidh siad i dteideal táille ar bith a fháil as a gcuid oibre, cé gur minic go mbeidh an obair sin sa bhreis ar na cúraimí atá orthu ina bpoist buana? Mar chathaoirleach, tá sé fíordheacair bord bunaithe ar dhá chóras ceapacháin a láimhseáil mar go mbíonn an chuma air nach bhfuil sé cothrom. Ar ábhar gaolmhar, má tá muid tiomanta don iolrachas boird, go háirithe i dtaca le hinscne agus le haois, tá gá freastal ar na riachtanais a bhaineann le cúrsaí máithreachais. Faoi láthair, ní aithníonn an córas go bhfuil a leithéid de rud ann ar bhoird Stáit. Ba chóir é sin a chur ina cheart.

I dtaca le comhdhéanamh an bhoird - agus gabh mo leithscéal nach raibh seo san aitheasc a chuir mé isteach - tá sé tábhachtach go mbeadh leas-chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta mar tá gné poiblí measartha leathan ag cathaoirleach an bhoird, chomh maith leis an obair mar chathaoirleach, leis an obair riarachán agus leis na cruinnithe. Mar atá a fhios againn, tá na ceantair Ghaeltachta scaipthe ar fud na tíre, bíonn go leor taistil i gceist, bíonn go leor seoltaí i gceist agus bíonn go leor plé leis na pobail. Is pribhléid an obair sin ach glacann sé am agus dua agus is minic gur barraíocht é do dhuine amháin, go háirithe má tá an duine sin ag obair i bpost lánaimseartha in áit éigin eile.

Ó am go chéile, tagann deacracht aníos maidir le cúrsaí tinrimh. Tá mise den tuairim gur chóir go mbeadh ceangal idir tinreamh agus rannpháirtíocht, agus cúrsaí íocaíochta. Tá modhanna difriúla ann le dul i ngleic leis an cheist seo. Faoi láthair is comhlacht Stáit atá in Údarás na Gaeltachta agus is bord Stáit atá sa bhord le buiséad bliantúil de €60 milliún á láimhseáil aige. Tá cuid mhór athruithe tarlaithe le deich mbliana anuas maidir leis an rialachas sna comhlachtaí Stáit. Tá an rialachas éirithe i bhfad Éireann níos déine, rud nach eol don phobal i gcoitinne, dar liom. Dá dtoghfaí tromlach na gcomhaltaí ar an bhord, rud a d’fhágfadh gur ionadaithe ar son a gceantair a bheadh iontu, d’athródh sé an eagraíocht ó bhonn. I ndáiríre, ba chosúla é le comhairle contae agus bheadh athruithe suntasacha le déanamh ar struchtúr na heagraíochta lena cur in oiriúint don leagan amach nua seo. Tá mé ag súil leis na ceisteanna seo a phlé leis an chomhchoiste. Gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht liom.