Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 20 April 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Leithdháileadh Airgid ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht agus Buiséad TG4: An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim anseo inniu chun plé a dhéanamh ar an maoiniú don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus sa chomhthéacs sin, is mian liom mo thiomantas mar Aire do na réimsí sin a athdhearbhú agus leanúint lena chinntiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh. Tá mhéadú os cionn €35.75 milliún nó 39% tagtha ar mhaoiniú don réimse clár na Gaeltachta le cúig bliana anuas. Níl an maoiniú don Ghaeltacht teoranta do Chlár C de Vóta mo Roinne. Áirítear TG4 faoi Chlár E, na meáin, arb ionann é agus €32.2 milliún in 2023, agus méadú €16 milliún nó 44% i gcomparáid le leithroinnt 2019.

Faoi mhaoiniú faoi Chlár B, na healaíona agus cultúr, cuirtear tacaíocht ar fáil do roinnt tionscnaimh Ghaeilge, lena n áirítear Cruinniú na nÓg faoin gclár ar ildánach, Cine4, agus roinnt clár sna forais náisiúnta chultúrtha, an taispeántas RADHARCi nGailearaí Ealaíne Crawford san áireamh, agus maoiniú d’Ealaín na Gaeltachta agus do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.