Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim chun ceist a chur faoi rud éigin eile. Dhein muid an tAcht teanga a rith anuraidh. Tá a thionchar le feiscint cheana féin ó thaobh níos mó fógraíocht a bheith i nGaeilge de thoisc na reachtaíochta. Glacaim gur cuidiú é a leithéid chun an Ghaeilge a normalú. Cuideoidh sé leis an obair atá na finnéithe agus daoine eile ag triail a dhéanamh maidir le daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge, nó Gaeilge briste más gá.

Fiú leithéidí TG4, Cúla4 agus na scannáin nua ar fad atá tar éis a bheith sna hamharclanna le dhá bhliain nó trí bliana anuas, cuidíonn sé sin ar fad leis an nGaeilge a normalú. Ardaíonn sé meas an phobail i measc iad siúd a bhí báúil cheana féin.

An cheist a bhí á cur ag an Teachta Connolly ná conas is féidir le hinstitiúidí níos mó a dhéanamh. Bhí na finnéithe ag caint faoi deiseanna caife agus mar sin. Le tamall anuas, tá mé tar éis freastal ar trí pop-up Gaeltacht i mo cheantar. Is fiú iad chun comhluadar difriúil a tharraingt le chéile. Ní gá go mbeadh siad ann gach uile mhí ach nuair a thagann na daoine le chéile aithníonn siad a chéile. Bhí ceann ar siúl i Rialto an tseachtain seo caite. Bhí daoine ann nach raibh aithne agam orthu. Ní raibh a fhios agam go raibh Gaeilge ag roinnt acu siúd a d’aithin mé agus go raibh siad báúil don teanga. Más féidir linn níos mó den tsort sin stuff atá na finnéithe ag caint faoi a dhéanamh, cuideoidh sé. Cothóidh sé na comhphobail sin. Caithfimid an deis a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh dul chun tosaigh ar díreach an cúpla focal a úsáid anois agus arís, le go mbeadh ranganna acu agus deiseanna a chur ar fáil dóibh freastal ar an nGaeltacht, nó rud éigin beagáinín níos foirmiúla a dhéanamh. In institiúid na bhfinnéithe, nó in aon áit sa tír, is gá dúinn é sin a dhéanamh. Má tá gá le cuidiú Stáit, caithfidh an Stáit seasamh isteach ionas nach bhfuil an t-ualach, mar a dúirt an tOllamh Ó Duibhir, á leagan ar an gcóras oideachais.

An bhfuil éinne eile ag iarraidh ceist a chur ar an Ollamh Ó Duibhir?