Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann
Professor P?draig ? Duibhir:
Bhí mo chomhghleacaí an Dr. Colin Flynn ag caint aréir ag seimineár de chuid SEALBHÚ ar líne. Tá taighde déanta aige ar fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge. Suimiúil go leor, agus mar a bhí Ciarán ag rá faoina eagraíocht féin, ní daoine a rugadh in Éirinn a lán de na foghlaimeoirí fásta a bhí sa taighde aige. Luaigh sé sampla na Breataine Bige. Is dóigh liom go bhfuil sé lárionad d’fhoghlaimeoirí fásta ann. Tá jab le déanamh ag an gcóras oideachais agus tagaim go hiomlán leis an gCathaoirleach faoi sin. Ní raibh mé ag rá nach bhfuil jab tábhachtach ag an gcóras oideachais agus gur cheart an bhéim a bhaint de sin, ach díreach go bhfuil tacaíocht ag teastáil. Chabhróidh sé dá mbeadh ionaid ann áit a bhféadfadh dhaoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim. Faoi láthair táimid ag braith ar Conradh na Gaeilge, Gaelchultúr agus eagraíochtaí príobháideacha don chuid is mó leis na deiseanna sin a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh siad ar fáil don phobal, go gcuirfí fáilte roimh na daoine nua atá tagtha chun na tíre, agus go mbeadh deis acu siúd an Ghaeilge a fhoghlaim gan an meon sin a bheith againn nach mbeadh suim acu. Tá suim ag a lán acu. Ní bheidh suim ag gach duine acu ach tá suim ag cuid acu ar a laghad. Tá siad ag cur a gcuid páistí ag scoileanna lán-Ghaeilge. Tá áiteanna do dhaoine fásta ag teastáil. Baineann an freagra a bhí mé ag iarraidh a thabhairt don Teachta Connolly le tearmainn teanga. Tá siad seo cosúil le leithéidí an pop-up Gaeltachta. Labhraínn fear darb ainm Colum Williams ón mBreatain Bheag faoi “safe spaces” nó tearmainn teanga, is é sin áiteanna inar féidir an mhionteanga a labhairt. Tá níos mó de sin ann anois.
Measaim go bhfuil sé iomarcach a rá, mar a cheistigh an Seanadóir Mullen, go bhfuil sé faoi na daoine féin teacht chun cinn. Ar bhealach is faoi na daoine féin é ach ní leor é a fhágáil faoi na daoine. Má tá sé taobh thiar den rud seo, caithfidh an Stáit rud éigin a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil gá le díospóireacht phoiblí, ionraic, faoi céard atáimid ag iarraidh a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Más fíor na rudaí atá á rá ag muintir na hÉireann sna pobalbhreitheanna go bhfuil thart ar dhá thrian de mhuintir na tíre báúil don tacaíocht seo, tgann sé sin teachtaireacht don Rialtas, don státseirbhís agus do gach cuid den státchóras gur cheart go mbeadh sé taobh thiar den rud seo. Braithim nach bhfuilimid cinnte faoi láthair. Cinnte, ní fheictear domsa go bhfuil dóthain rud réamhghníomhach á dhéanamh. Ní hé nach bhfuil aon rud ar siúl. Tá an Stáit ag tacú leis na hiarrachtaí ar fad sa chóras oideachais agus roinnt mhaith tionscadal eile ach ag leibhéil an phobail, ní fheicim go bhfuil an Stát gníomhach go leor agus é ag tacú leis na hiarrachtaí. Teastaíonn rud éigin ón mbonn aníos, mar a fheicimid sna scoileanna lán-Ghaeilge, agus ón mbarr anuas, chun tacú leis sin. Níl dóthain de sin ann. Tá ceannaireacht ag teastáil ón Stát agus gan é a fhágáil faoi cheannaireacht an duine aonair. Tá rudaí luaithe ag Teresa a chabhródh leis an gcóras oideachais agus a chabhródh leis na deiseanna úsáide, le go mbeadh an Ghaeilge inár bpóca againn sa fón ach na huirlisí a bheith ann.
No comments