Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí mé ar an turas sin agus tá mé fós ar an turas sin. Bhí náire orm ó thaobh na mbotún. Ní hé sin croílár na faidhbe i ndáiríre. Tá gá le hócáidí neamhfhoirmiúla agus go mbeadh daoine ar a gcompord ó thaobh na Gaeilge de ach tá gá le ranganna agus spriocanna freisin. Ní féidir aon teanga a fhoghlaim gan córas. Tá mé ag cur ceist, arís, ar na finnéithe cad atá i gceist acu a dhéanamh mar eagraíocht ó thaobh a ndualgas faoin reachtaíocht nua. Bhí sé de phribhléid agam taistil chuig an Bhruiséil. Chuir sé iontas orm an méid deiseanna a bhí ansin agus chomh nádúrtha a bhí sé teangacha a fhoghlaim agus na deiseanna a thapú. Tá i bhfad níos mó ná cupán caife i gceist ach tá sé sin iontach freisin. Is maith liom caife ach tá tae níos fearr. Tuigim é sin ach tá rud eile i gceist. Iarraim ar na finnéithe díriú isteach air sin.