Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Professor P?draig ? Duibhir:

Tá sé suntasach gur luadh tuilleadh taighde ar an nGaeilge sna haighneachtaí ar ár gcomhrá náisiúnta maidir le taighde in Éirinn. Bhain formhór na n-aighneachtaí leis an nGaeilge sa chóras oideachas nó sa phobal. Sheas ceist amháin amach domsa agus mé ag léamh trí na tuairimí a leagadh isteach: “How can we use our education system to make Irish a more living language and more used in our day to day lives?”. An freagra simplí ar an gceist, bunaithe ar fhianaise ón taighde, ná nach féidir linn. Ní féidir le córas oideachais ar bith teanga a chur á húsáid níos forleithne ar bhonn laethúil. An t-aon rud gur féidir le córas oideachais a dhéanamh ná daoine a chumasú sa teanga agus é sin a dhéanamh ar bhealach a mbeidh dearcadh dearfach ag na foghlaimeoirí i leith na teanga. Tá ag éirí linn é sin a dhéanamh sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, áit a bhfuil 8% de dhaltaí ag an mbunleibhéal agus 4% ag an iar-bhunleibhéal ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. Tá scileanna cumarsáide sármhaithe ag na scoláirí a fhágann na scoileanna seo agus iad dearfach faoin nGaeilge agus an taithí a fuair siad ach téann an teagmháil atá acu leis an nGaeilge i léig tar éis dóibh an córas oideachais a fhágáil ceal deiseanna úsáide.

Ní féidir breathnú ar an gcóras oideachais gan bhreathnú ar an bpobal ina fheidhmíonn sé. Leag duine eile a mhéar air sa cheist seo a leanas:

How to integrate the Irish language into daily lives and communities? Explore how Gaeilge can be brought outside of the education system and into the community.

Go dtí go ndéantar é seo, ní bheidh rath ar an gcóras oideachais. Tá an fhís atá againn do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais neamhshoiléir, míréadúil agus tá na hionchais ró-ard. Nuair a thosaigh an córas amach in 1922, bhí sé mar aidhm córas lán-Ghaeilge a bheith againn sna bunscoileanna. D’éirigh linn 12% de scoileanna a chur ag múineadh trí Ghaeilge faoi 1940 agus bhí go leor múinteoirí eile ag múineadh ábhair eile trí Ghaeilge. Laghdaíodh an t-am don Ghaeilge sna bunscoileanna go cúig uair an chloig sa tseachtain in 1971, go trí uair go leith sa tseachtain in 1999, agus tá sé molta é a laghdú go trí uair sa tseachtain faoi chreat curaclaim na bunscoile 2023, ach níor athraigh na hionchais atá againn.

Teastaíonn comhrá poiblí, b’fhéidir ag tionól saoránach mar shampla, ar an bhfís atá againn do ról na Gaeilge sa tsochaí agus an chaoi is fearr ar féidir leis an gcóras oideachais cabhrú le baint amach na físe sin. Beimid in ann polasaí Gaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an ollscoil a leagadh amach bunaithe ar an bhfís sin. Tá eiseamláirí le fáil againn i ndlínsí eile, ar nós na Breataine Bige agus Tír na mBascach. Gabhaim buíochas leis na baill as ucht a n-éisteacht.