Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múnlú ár dTodhchaí Dátheangaigh agus Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Dr. Teresa Lynn:

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an deis labhairt leis. Ba mhaith liom an comhrá faoin nGaeilge sa lá atá inniu ann a leathnú amach beagán le mo chuid óráide.

I saol nasctha digiteach na linne seo, tá tionchar mór ag dul chun cinn san intleacht saorga ar mhodhanna éagsúla: a oibríonn muid; a dhéanann muid gnó leo; a dhéanann muid siopadóireacht leo; a dhéanann muid staidéar leo; agus a thagann muid le chéile go sóisialta leo. Bíonn an teicneolaíocht teanga mar bhonn faoi go leor feidhmchláir agus ardáin a chuireann cumas orainn lenár saolta atá go mór feabhsaithe go digiteach, mar shampla le cúntóirí fíorúla, innill chuardaigh, uirlisí aistriúcháin, litreoirí, uirlisí chun teangacha a fhoghlaim agus mar sin de. Mar sin féin, ní bhaineann gach saoránach Éireannach an tairbhe chéanna as an dul chun cinn seo.

Mar gheall ar easpa teicneolaíochta Gaeilge dóthanach, ní thuigeann ár gcuid ríomhairí agus gutháin phóca Gaeilge. Mar sin, de ghnáth bíonn ar chainteoirí Gaeilge filleadh ar úsáid an Bhéarla. Tá feidhm thábhachtach leis an athrú teanga seo ar bhaol an díothú digitigh; is é sin meath ar úsáid na teanga de bharr easpa tacaíochta teicneolaíochta. Tá an Ghaeilge i gcontúirt agus í in iomaíocht leis an teanga a bhfuil an tacaíocht is forleithne ar domhan aige sa teicneolaíocht. Méadaíonn an bhearna sin de bharr an easpa feasachta ar an riachtanas práinneach do phleanáil straitéiseach, infheistíocht, agus forbairt ar theicneolaíocht Ghaeilge.

Ní fiú dúinn cur le líon na gcainteoirí amháin chun cur le húsáid na teanga má bhíonn ar na cainteoirí sin saolta scartha a chaitheamh, gan nasc a bheith acu. B’fhéidir go bhfuil a fhios ag cuid ag na baill gur léirigh tuarascáil Eorpach ar chomhionannas digiteach teanga le déanaí go bhfuil an baol seo roimh roinnt teangacha de chuid an Aontais Eorpaigh. Díríonn comhlachtaí domhanda teicneolaíochta a gcuid iarrachtaí ar theangacha a sholáthraíonn an toradh is mó ar infheistíocht. Ní mór don chuid eile againn brath ar ár rialtais le haghaidh tacaíochta. Le deireanas, labhair mé ag Parlaimint na hEorpa ar ábhar na Gaeilge agus ar an riachtanas ar infheistíocht bhreise náisiúnta agus ón Aontas Eorpach i dteicneolaíocht na Gaeilge. Labhair mé ar níos mó clár tríú leibhéil chun an bearna scileanna a líonadh; infheistíocht breise sa taighde; cur i bhfeidhm níos fearr den treoir maidir le sonraí oscailte; agus machnamh chomhleanúnach agus comhoibriú níos fearr.

Déanann an plean digiteach don Ghaeilge, a foilsíodh le deireanas agus ar sheol an tAire Stáit, an Teachta Chambers é, iarracht dul i ngleic leis na bacainní teicneolaíochta atá le sárú. Seo bacainní a chuireann cosc ar phobal na Gaeilge na deiseanna céanna le muintir an Bhéarla a fháil i saol digiteach na linne seo. Molaim go mór do bhaill an chomhchoiste a n-aird a dhíriú ar an ról atá ag an teicneolaíocht chun a chinntiú go seasfaidh ár dteanga an aimsir. Iarraim orthu tacú le feidhmiú an phlean digitigh agus é a chur ar aghaidh cibé bealach gur féidir leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.