Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Aighneacht Réamhbhuiséid TG4: Ard-Stiúrthóir TG4

Mr. Alan Esslemont:

Mar a rinne mé anuraidh, tá áthas orm aighneacht réamhbhuiséid TG4 a chur ar fáil don choiste. Tá ár n-aighneacht curtha le chéile i gcomhthéacs straitéis bhord TG4, “Fís tar éis Covid”. Tá cáipéis curtha ar fáil anseo don chomhchoiste, ag leagan amach tosaíochtaí an stáisiúin don bhliain seo chugainn. Cuireadh an aighneacht seo ar fáil don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus don Roinn an tseachtain seo caite.

Titeann infheistíocht na hÉireann sna meáin Ghaeilge i bhfad taobh thiar de na tíortha inar glacadh le straitéisí chun mionteanga bheo a chothú mar chuid lárnach de shochaí nua-aimseartha. Níl i maoiniú poiblí iomlán TG4 do 2022 ach 23% d’ioncam RTÉ ó tháillí ceadúnais 2020.

Níos lú ná 50 km uainn ar an taobh thall de Mhuir Éireann, tá an leibhéal maoinithe iomlán difriúil ag an gcraoltóir mionteanga is gaire dúinn, an craoltóir seirbhíse poiblí Breatnaise, S4C. Rinne Rialtas na Breataine athbhreithniú ar S4C i mbliana agus bhronn sé méadú £7.5 milliún ina mhaoiniú poiblí bliantúil chun an maoiniú a fhaigheann sé ó tháille cheadúnais na Ríocht Aontaithe a thabhairt go £88.5 milliún. Faigheann S4C 515 uair an chloig de chláir in aghaidh na bliana ón BBC freisin, ar luach measta £22 milliún. Is léir go bhfuil scála i bhfad níos suntasaí acmhainní dírithe ar sheirbhísí meán poiblí do chainteoirí Breatnaise ná mar atá ar chainteoirí Gaeilge na hÉireann.

Freisin, i dTír na mBascach, déanann EITB, atá comhionann le RTÉ ansin, a bhuiséad a roinnt go cothrom, 50%-50%, idir an mhórtheanga, Spáinnis, agus an mhionteanga, Bascais. Caitheann EITB thart ar €90 milliún in aghaidh na bliana ar ábhar na Bascaise agus ag freastal ar dhaonra réigiúnach thart ar 2.2 mhilliún, a bhfuil timpeall 750,000 acu leis an mBascais.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus leis an Rialtas as an dul chun cinn atá déanta le dhá bhliain anuas. Tá mé faoi chomaoin freisin ag na polaiteoirí ar fad a léiríonn tacaíocht traspháirtí do TG4. Áfach, ag leibhéal na ranna maoinithe - An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Airgeadais - níl aon chomhartha feicthe agam go bhfuil tuiscint ann ar an mbearna ollmhór atá ann idir maoiniú TG4 agus maoiniú na meán sna tíortha inar glacadh le straitéisí chun mionteanga bheo a chothú mar chuid lárnach de shochaí nua-aimseartha. Dar liomsa, tá sé seo amhlaidh mar gheall go mbreathnaíonn ranna maoinithe an státchórais ar an nGaeilge go príomha mar ornáid chultúrtha seachas mar theanga phobail. Caithfear na bacainní meoin seo, má tá siad ann, a phlé go hoscailte agus a ghlanadh amach as an mbealach. Scríobh mé chuig na hAirí, na Teachtaí Michael McGrath agus Donohoe, ag iarraidh casadh leo ar an gceist seo. Tá mé ag súil go mór le ceisteanna na gcomhaltaí a fhreagairt.