Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Ms Ailish Bhreathnach:

Tá na bearta sa phlean sách ginearálta fós go mbeadh muid in ann iompú timpeall agus a leithéid de rudaí a chur san áireamh iontu agus iad a úsáid ar an gcaoi sin. Tuigim go díreach céard atá an Teachta ag rá maidir le feiceálacht na Gaeltachta. Mar dhuine ó iarthar chontae na Gaillimhe mé féin, tá a fhios agam go díreach cá bhfuil na teorainneacha. Rud thar a bheith dearfach a bheadh ansin, chun go mbeadh muid in ann imeacht timpeall agus a rá go bhfuilimid cinnte dearfa go bhfuil an chuid seo den chathair sa Ghaeltacht.