Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe. Léigh mé an ráiteas ach ní raibh mé anseo don phíosa tosaigh den chruinniú so má deirim rud ar bith a bhí clúdaithe cheana féin, abair liom é. Tá cuid mhaith den fhírinne sa mhéid a dúirt an Teachta Mairéad Farrell. Tá líon uafásach íseal daoine ag labhairt na Gaeilge go laethúil istigh sa chathair. Níl aon anailís déanta agam ar réiteach an phlean contae - b’fhéidir go bhfuil anailís déanta ag na finnéithe air - ach ní léir domsa go bhfuil mórán de dhifríocht idir líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh istigh den Ghaeltacht sa chathair agus taobh amuigh de. Mar shampla, níl mórán de dhifríocht i dTír Oileáin versus Ballybane nó an Rinn Mhór agus mar sin de. Caithfimid breathnú go fuarchúiseach ar an gceist seo ar fad. Cuimhním uaireanta bheith ag canbhásáil i dTír Oileáin agus ag dul ó theach go teach. Chloisfeá daoine ag rá go raibh duine éigin ón nGaeltacht sa leithéid seo de theach, agus iad féin ag cónaí sa Ghaeltacht go hoifigiúil. An rud a bhí i gceist acu ná go raibh duine éigin aniar as Conamara ag cónaí sa teach a bhí ag labhairt na Gaeilge go rialta. Taispeánann sé sin nár thuig go leor den phobal go raibh siad féin, go teoiriciúil, sa Ghaeltacht.

Ag breathnú ar an gceist seo go fuarchúiseach, mar go bhfuilimid ag caint ar thithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúla sa Ghaeltacht, an mbeadh sé níos fearr dá mbeadh reachtaíocht láidir ag baint leis an stádas dátheangach don chathair agus an stádas a bhaineann le bailte seirbhíse Gaeltachta, nó sa chás seo cathair sheirbhíse Gaeltachta? Dhaingneodh sé sin gnéithe ar nós an méid a bheadh le déanamh ag an údarás áitiúil agus eagraíochtaí Stáit urraithe leis an ngradam sin a bhaint amach. Dá mbainfí an gradam sin amach, shoiléireodh sé an tacaíocht agus cúnamh breise a bheadh ar fáil ón Stát dá bharr, chomh maith leis na rudaí a chaithfeadh an earnáil oideachais a bhaint amach. Mar shampla, ba chóir do chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge a bheith ar fáil sa chathair agus oideachas trí Ghaeilge a bheith ar fáil de réir éilimh ar an dara agus an gcéad leibhéal. Ba chóir go mbeadh naíonraí agus naíscoileanna ar fáil ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeadh dualgais ar eagraíochtaí deonacha. Bheadh buntáiste ag baint leis an stádas seo a bheith ag áit, ní hamháin mar gheall ar an nGaeilge ach de bharr go mbeadh maoiniú cinnte curtha ar leataobh ag an Stát do chathair den chineál sin leis an stádas sin. Ar an taobh eile den scéal, bheadh dualgais ar na hearnálacha éagsúla, mar an Stát, an t-údarás áitiúil, an earnáil oideachais, eagraíochtaí deonacha agus mar sin de, rudaí áirithe a bhaint amach agus a chur ar fáil trí Ghaeilge. Thabharfaí an stádas sin don bhaile iomlán, seachas ligean orainn féin go bhfuil stádas teangeolaíochta faoi leith ag baint le codanna den chathair thar a chéile.

Is í sin ceist uimhir a haon maidir leis an gcathair iomlán a thógáil, seachas a ligean orainn féin go bhfuil 40% den chathair ina Gaeltacht, rud nach bhfuil.

Is í an dara ceist ná arbh fhiú plean Gaeltachta a leagan amach do cheantar an Mhionlaigh? Ní thógfar eastáit tithíochta riamh i Mhionlach. Tá iarsmaí fós de Ghaeilge ann agus tá comhairleoir amháin againn de bhunadh Mhionlaigh, Frank Fahey, atá ar an gcomhairle cathrach agus a bhfuil Gaeilge aige ó cheantar Mhionlaigh. An ceart stádas faoi leith a thabhairt don cheantar sin agus, mar shampla, polasaí ar nós an pholasaí neartaithe Gaeltachta atá roinn den chomhairle contae a chur i bhfeidhm ansin? Is é sin le rá, bheadh cead tithíochta ag daoine a thógfadh a gclanna le Gaeilge nó a labhródh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an teaghlaigh. D’fhéadfaí iarracht dá réir athbheochan a dhéanamh ar Ghaeltacht Mhionlaigh tríd an scoil agus an bpobal.

Is í an chéad cheist eile ná an ceart go mbeadh ceathrú Ghaeltachta eile i nGaillimh bunaithe, mar shampla, ar an múnla atá i mBéal Feirste? Is é sin ceantar faoi leith ina dhéanfaí iarracht dlús a chur leis an bpobal Gaeilge cathrach in áit amháin sa chathair.

Tá trí cheist ansin agus bheinn buíoch dá bhféadfadh ár n-aíonna iad a fhreagairt. Cuimsíonn an chéad cheist go leor den rud atá sa phlean teanga ach amháin go mbeadh an rud seo i bhfad níos treise ó thaobh tacaíochta ó airgead an Stáit, agus ar scála mór le aghaidh saoráidí agus mar sin de, ach go mbeadh sé i bhfad níos dúshlánaí mar go gcaithfeadh na hearnálacha éagsúla seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil leis an stádas sin a bhaint amach. Dá dteastódh an stádas sin uathu, bheadh sé sin mar rogha ag an gcathair mar nach bhféadfaidís an stádas a bheartú gan rud éigin fíorshubstaintiúil a dhéanamh, ach ní bheadh ar an chathair é sin a dhéanamh mura mbeadh an tacaíocht chuí ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.