Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Julian de Spáinn:

-----sa cheantar a bheidh ag lorg Gaelcholáiste amach anseo so tá mé an-tógtha leis an gceist seo faoi láthair. Tá córas ann le fada an lá nach bhfuil ag breathnú ar aghaidh ó thaobh na Gaelscolaíochta de. Luaigh mé níos luaithe go bhfuil sprioc leagtha síos ag an mBreatain Bheag chun 40% de na scoileanna a bheith mar scoileanna Breatnaise amach anseo. Níl aon sprioc mar sin againne ó Dheas anseo in Éirinn. Cá mbeadh muid anois dá mbeadh a leithéid de sprioc tar éis a bheith againn ó na 1970aidí ar aghaidh, mar shampla? B’fhéidir go mbeadh muid níos fearr ná na Breatnaigh agus imithe ar aghaidh go 50% nó 60%. An t-easnamh is mó atá againn ná nach bhfuil aon phlean ann ag rá go bhfuil an oiread seo Gaelscoileanna ann faoi láthair, beidh an méid seo iar-bhunscoileanna ag teastáil agus táimid chun na hacmhainní a chur ar fáil chun a leithéid a dhéanamh.

Ceann de na rudaí is mó atáimid ag cloisteáil le cúpla bliain anuas ná go mbeidh na haonaid mar réiteach ar an scéal seo. Tá go leor fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an bhfreagra sin. Sin ceann de na freagraí a tugadh sa Dáilcheantar againne. Dúradh go bhféadfaí an mheánscoil nua a bhronnadh ar Educate Together agus go bhféadfadh siad aonad lán-Ghaeilge a chur ar bun ann. An fhadhb is mó a bhaineann leis na haonaid ná nach bhfuil aon chinnteacht go mbeidh gach ábhar ar fáil trí Ghaeilge. Ní bhfaighidh daoine an t-eispéireas céanna tumtha ó thaobh cúrsaí teanga de i measc na ndaltaí má tá siad i scoil ina bhfuil an Béarla timpeall orthu chomh maith. An rud atá le feiceáil ó thaobh rathúlacht na Gaelscolaíochta ná go bhfeidhmíonn sí i bhfad níos fearr nuair atá na scoileanna neamhspleách agus in ann feidhmiú iad féin. Sa scoil-cheantar ina bhfuil muid, tá níos mó ná 40 meánscoil ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus níl oiread agus Gaelcholáiste amháin ann.