Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Julian de Spáinn:

An cheist is bunúsaí nuair a thagann sé go dtí an ardteistiméireacht ná go gcaithfidh daltaí a bheith ag smaoineamh ar chóras na bpointí. Ní féidir leo córas na bpointí a chur ar leataobh. Moltar leis an gcóras T1 agus T2 go gcuirtear cúrsa níos dúshlánaí ar fáil dóibh. Ní aontaíonn muid leis an gcur chuige sin ach tá moltaí eile atá sa phlécháipéis atá ag Fíona agus Áine maidir le sárleibhéal nó ábhar breise a bheith ann. Má aithnítear go bhfuil cúrsa níos dúshlánaí, caithfear cúiteamh a thabhairt bunaithe air sin nó ní dhéanfaidh aon duine é. Tógfaidh sé am breise, ní bheidh an t-am acu d’ábhair eile agus mar sin ní dhéanfaidh siad é. An rogha eile ná go mbeadh dhá ábhar don ardteistiméireacht. Bheadh cinneadh coinsiasach le déanamh ag daltaí ansin an bhfuil siad chun an t-ábhar breise a dhéanamh mar chuid den seacht n-ábhar a dhéanann siad nó mar an t-ochtú ábhar.

Is cinnte go mbeidh infheistíocht ag teastáil ón Stát d’aon cheann de na rudaí seo atá muid ag lua ach is dóigh linne gur fiú an infheistíocht sin. Ní fiú dúinn dul ar aghaidh le córas atá lochtach agus briste. Is gá é a chur ina cheart agus is gá le hinfheistíocht chun é sin a dhéanamh. Beidh tairbhe mhór ann don Stát mar ar an taobh eile beidh muid ag cinntiú go bhfuil daoine ar ardchumas ag teacht amach agus in ann na seirbhísí agus eile a chur ar fáil amach anseo san earnáil phoiblí trí chéile. Beidh siad in ann é sin a dhéanamh lasmuigh de sin freisin san earnáil phríobháideach mar as an earnáil phoiblí tiocfaidh deiseanna san earnáil phríobháideach. Is infheistíocht atá sna hacmhainní breise a bheadh le cur isteach ina leithéid de chóras.