Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Ms Fíona Uí Uiginn:

Creidim féin go gcuirfeadh. Is moladh é a rinneadh nuair a rinneadh leasú ar an ardteistiméireacht deich mbliana ó shin go dtabharfaí a leithéid isteach mar, i ndáiríre, nuair a chuimhnítear ar dhaltaí sa nGaeltacht agus i nGaelcholáistí agus an staidéar a dhéanann siad ag ardleibhéal ar théacsanna i mBéarla - sé chinn d'fhilí agus an t-uafás dánta dá gcuid agus ansin dráma le Shakespeare, drámaí eile agus úrscéalta - níl ach giotaí beaga de litríocht acu sa Ghaeilge le staidéar a dhéanamh orthu. Déanann sé sin bochtú ar an teanga sa bhfadtéarma mar tá a fhios againn go bhfuil labhairt na teanga fíorthábhachtach ach tá léamh agus scríobh na teanga tábhachtach freisin más mian linn go mbeidh teanga liteartha, scríbhneoirí, iriseoirí agus daoine cumasacha atá in ann an teanga a labhairt nó dul amach go dtí an Bhruiséil againn amach anseo. Beidh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na hEorpa go luath.

Beidh daoine ag teastáil le dul ag obair amach ansin. Tá deacrachtaí ann cheana daoine a earcú do na poist sin. Tá sé tábhachtach agus creidim go mbeadh spéis ag daltaí sna Gaeltachtaí agus sna Gaelcholáistí tabhairt faoi ábhar dá leithéid. B’fhéidir nach mbeadh an tóir a bheadh air chomh leathan agus a bheadh sé dá mba rud é go raibh sárleibhéal ar fáil. Tá deacrachtaí ag baint leis sin agus tuigim mar iar-phríomhoide scoile na deacrachtaí a bhaineann le pointí bónais a bhronnadh ar ábhar. Níl sé éasca an rud ar fad a láimhseáil.

Luaigh Julian de Spáinn agus cúpla duine eile an dearcadh diúltach ag daoine i leith foghlaim na Gaeilge go minic. Eascraíonn sé sin toisc go mothaíonn siad go dteipeann orthu caighdeán sásúil a bhaint amach sa teanga. Leis an bhfráma tagartha bheadh sé sin ina eiseamláir dhearfach. Bheadh siad in ann A2 a bhaint amach. B'fhéidir nach mbainfeadh siad B2 amach san ardleibhéal ach bheadh siad in ann tógáil air sin agus dul ar aghaidh go dtí B1 agus B2 mar is minic dearcadh diúltach a bheith ag daoine toisc gur ábhar éigeantach í an Ghaeilge ar scoil. Amach anseo nuair atá siad sna 20idí agus nuair a théann siad ag taisteal ar fud an domhain, feiceann siad cultúir eile agus ansin bíonn i bhfad níos mó spéise acu ina dteanga dúchais. Bíonn brón agus aiféala ar dhaoine go minic nár thapaigh siad na deiseanna a bhí ann dóibh. Tá sé iontach go mbeadh siad in ann a rá go bhfuil siad ag leibhéal A2 agus gur féidir leo filleadh arís agus cur leis an leibhéal sin.

Léiríonn gluaiseacht na Gaelscolaíochta rud amháin; tá borradh mór faoi sa tír. Tá an-chuid is mó de na scoileanna ag cur thar moill agus tá an-spéis ag tuismitheoirí go mbeadh deiseanna ann mar tuigeann siad na buntáistí atá ann ó thaobh cultúir agus na buntáistí cognaíocha atá ag baint le hoideachas dhátheangach freisin. Níl an scéal chomh duairc agus a cheapann daoine faoin dearcadh diúltach i leith foghlaim na teanga. Caithfidh na deiseanna cuí a bheith ag daoine le tógáil orthu agus tuiscint a bheith acu nuair a chríochnaíonn siad leis an meánscoil cén leibhéal a bheidh bainte amach acu. Caithfidh gur féidir leo tógáil air sin amach ansin agus b'fhéidir a gcuid páistí a chur ag freastal ar Ghaelscoileanna.