Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Aontaím leis an méid a bhí le rá ag Caoimhín ansin. Tá tú ag caint ar gach rud, beag nó mór. Luaigh mé féin cuid de na rudaí seo le linn an ráitis. Abair ó thaobh na litríochta dó, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh saothar litríochta atá comhaimseartha, nua-aoiseach agus mealltach ann, agus bheinn ag moladh go láidir go mbeadh clár sainiúil, sprioc-dhírithe ann le cur leis an tobar litríochta sin. Chomh maith leis sin, i gcomhthéacs na dtéacsleabhar, bíonn scoileanna, múinteoirí agus tuismitheoirí ag gearán agus tá an ceart acu mar níl a dhóthain téacsleabhair ar fáil trí mheán na Gaeilge. Níl na hacmhainní foirne ag COGG i láthair na huaire leis an bhfreastal cuí a dhéanamh. Níl againn ach beirt oifigeach oideachais ag leibhéal na hiar-bhunscoile a bhíonn ag freastal ar na hacmhainní cuí a sholáthar, agus is mé féin duine díobh sin. Tá gá cur leis an bhfoireann go mór agus go suntasach. D’fhreagródh sé sin cuid de na ceisteanna ach ní an leigheas ar an rud iomlán é.

Luaigh Sorcha níos luaithe na hábhair bhuartha atá ag muintir na Gaeltachta. Fiú agus mé ag tagairt don litríocht féin, caithfear breathnú chomh maith ar an litríocht chomhaimseartha do dhéagóirí Gaeltachta agus cur leis an tobar sin. Tá oidhreacht agus stair fíor-shaibhir ag baint le litríocht agus le húdar na Gaeltachta. Is ceisteanna iad seo ar fad go gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu go dáiríre agus go práinneach.