Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Ms Fíona Uí Uiginn:

Is féidir liomsa an cheist sin a fhreagairt. Maidir leis na moltaí atá déanta againn, is é an buntáiste a bhainfeadh leo seachas T1 agus T2 ná go mbeidís oscailte do gach dalta. Ní bheadh aon deighilt ann idir na Gaelcholáistí agus scoileanna iomlána. Mar is eol dúinn, tá neart áiteanna ar fud na tíre nach bhfuil Gaelcholáiste ar fáil ann agus bheadh na sonraíochtaí atá molta againne oscailte – bhíodh sé mar rogha 1 nó rogha 2 – do gach dalta i ngach scoil dá mba mhian leo tabhairt faoi. Is buntáiste é sin a bhainfeadh leo. Níl sé soiléir faoi láthair cad iad na dreasachtaí nó incentives atá á chur ar fáil. Tá cúpla rud luaite sa pholasaí oideachais Gaeltachta mar a luaigh mé. Na bearta atá luaite acu, ní bheidís tarraingteach go leor le formhór na ndaltaí a mhealladh ina dtreo. Is cinnte nach mbeadh siad mealltach d’aon duine a bheadh ag freastal ar scoil T2 nó d’aon phríomhoide chun an t-ábhar a chur ar fáil. Is fiú smaoineamh ar an gcomhthéacs ina bhfuilimid ag feidhmiú ann. Is é sin ná go bhfuil 25 pointe bónais bhreise ar fáil don té a thugann faoi mhata san ardteist. Tá daltaí, mar is eol dúinn, an-straitéiseach ag leibhéal na hardteiste. Níl siad chun roghnú cúrsa atá níos dúshlánaí a dhéanamh gan aon chúiteamh a bheith ar fáil dóibh.