Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 20 October 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An Ghaeilge mar Theanga Teaghlaigh: Plé

Mr. Marcas Mac RuairĂ­:

Is mise bainisteoir fhoireann rannóg Teanga Tí de chuid Glór na nGael. Is í Teanga Tí an brandáil a bhainimid úsáid aisti don obair nuair a táimid ag obair le teaghlaigh. Ó thaobh na pleanála teanga de, má táimid chun saibhreas labhartha na Gaeilge mar theanga phobal a chinntiú do na glúnta atá romhainn, is sna teaghlaigh a bhainfear sin amach. Is minic a bhíomar ag caint ar an tábhacht a bhaineann le scoileanna agus le hoideachas agus tá sin iomlán fíor ach i bhfírinne is í an teaghlach na buncloiche má táimid chun cinnte a dhéanamh go mbeidh páistí an lá atá inniu ann ina gcainteoirí líofa ag tógáil clainne s'acu le Gaeilge amach anseo agus á dtógáil le saibhreas teanga.

San obair a bhíonn idir lámha againn bímid ag cruthú lionraí agus ag tabhairt tacú dóibh. Is é croílár na hoibre ná ag tabhairt teaghlaigh le chéile le go gcuirfeadh siad aithne ar a chéile ionas go gcruthófaí cairdeas eatarthu agus go bhfásfadh na páistí in aois agus iad ag cur aithne ar pháistí eile atá á dtógáil trí mheán na Gaeilge. Is trí eagrú imeachtaí agus grúpaí súgartha a dhéantar seo. Taobh leis an obair sin, agus muid ag eagrú líonraí, bíonn obair feasachta idir lámha again le lánúineacha óga a spreagadh an Ghaeilge a roghnú mar theanga teaghlaigh.

Ba mhaith liom roinnt figiúirí a thabhairt don choiste faoin obair atá á déanamh againn leis na teaghlaigh. Ina dhiaidh sin, ba mhaith liom díriú isteach ar na dúshláin a bhíonn roimh thuismitheoirí agus iad ag iarradh clainne a thógáil le Gaeilge sa lá atá inniu ann. Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin ghá le taighde ar bhonn leanúnach agus ansin déarfaidh mé cúpla focal faoi na dúshláin a bhíonn romhainn féin agus muid ag iarraidh an tairbhe is fearr a bhaint as na cúraimí atá orainn. Le linn na bliana seo agus muid ag plé le dianghlasáil, d'éirigh le Glór na nGael 371 imeacht a eagrú, thart le 313 acu siúd ar líne, mar de ghnáth gan dianghlasáil bímid amuigh sa ghort ag eagrú na himeachtaí seo sna contaetha agus sna pobail sin ina bhfuil líonraí teaghlaigh, ach bhí orainn bogadh ar líne. Chomh maith leis sin, de réir agus a bhí na sriantaí á scaoileadh leo i rith an tsamhraidh, bhí orainn dul amach chuig na teaghlaigh arís agus d'éirigh linn 58 imeacht beo a eagrú timpeall na tíre.

Mar a luaigh Lorcán cheana, oibríonn Glór na nGael i gcomhpháirtíocht leis an CLG ag tabhairt tacaíochta agus spreagadh do na clubanna an Ghaeilge a lárnú in imeachtaí s'acu. Tarlaíonn an comhoibriú sin faoi scáth Fondúireachta Sheosaimh Mhic Dhonncha. Tá scéim nua seolta againn i measc na gclubanna chun go n-aithneoidís féin an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge sa teaghlach, agus táimid i ndiaidh 12 club a earcú atá chun teaghlaigh sa chlub féin a tharraingt le chéile le go mbeidh líonra de theaghlaigh sna clubanna. Is rud nua é seo dúinn agus tá dóchas againn má tá rath leis agus má tá ar ár gcumas amach anseo go n-éireoidh linn é sin a spré amach chuig clubanna eile san am atá le teacht.

Tagraím don obair feasachta. Tá suíomh Idirlín againn, teangati.ie, agus is é sin croílár na hoibre feasachta. Ar an suíomh sin bíonn teacht ag tuismitheoirí ar eolas a bhíonn ag cuidiú leo. Bíonn teachtaireachtaí comhairle agus eolas faoi na hacmhainní, na tacaíochtaí, na scéimeanna agus na himeachtaí a bhíonn ann do theaghlaigh. Cuirimid 26 nuachtlitir amach in aghaidh na bliana. Sin ceann gach coicíos. Ag an bpointe seo tá breis agus 1,500 duine ar an bhunachar sin.

I measc na hoibre feasachta chomh maith bhí dianfheachtas sé seachtaine againn ag tús na bliana, agus is féidir liom mioneolas faoi sin a roinnt. Bhí podchraoltaí, agallaimh ar Facebook agus feachtais ar na meáin shóisialta trí chéile. Bhí sin dírithe ar lánúineacha óga atá ag smaoineamh ar chlann a bheith acu agus ag iarraidh iad a spreagadh an Ghaeilge a roghnú mar theanga clainne. Bhí feachtas feasachta eile againn, scéim gaisce ghlór. Thugamar dúshlán do thuismitheoirí 30 gníomhaíocht a roghnú agus iad a dhéanamh leis na páistí chun an nósmhaireacht teanga a iompú ó Bhéarla go Gaeilge sa teach agus faisnéis a chur chugainn. Bhí duaiseanna ag éirí as sin. Bhí an-rath air sin, agus i measc na freagraí a fuaireamar, duirt tuismitheoirí go ndeachaigh na dúshláin i bhfeidhm ar na páistí, gur bhain siad sult astu, agus go mbíonn na páistí níos toilteanaí anois an Ghaeilge a úsáid ná mar a bhíodh roimhe sin.

Chomh maith leis sin, bhí feachtas cheisteanna coitianta againne ar líne. Chuireamar ceisteanna amach amhail: cad a dhéanfaidh mé má dhiúltaíonn na páistí Gaeilge a labhairt liom? Thugamar cuireadh do thuismitheoirí na freagraí a thabhairt do na ceisteanna, agus ag éirí as sin, tá tobar saineolais curtha le chéile againn ar an suíomh.

Go minic, bíonn ceardlanna againn le tuairimí agus taithí tuismitheoirí a mhealladh agus fáil amach faoi na riachtanais atá acu. Ní mór dúinn a rá go mbíonn siad don chuid is mó ag insint dúinn gur chúrsaí sláinte is mó a chruthaíonn deacrachtaí dóibh. Is é sin, chun an t-eispéireas tógtha clainne le Gaeilge a iomlánú, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil teacht ar sheirbhísí sláinte as Gaeilge agus ní hamhlaidh atá. Bíonn sé sin níos deacra nuair atá riachtanais speisialta amhail deacrachtaí urlabhartha ag na páistí. Tugann na tuismitheoirí le fios dúinn gurb é sin an áit is mó a bhfuil tacaíocht de dhíth.

Táimid i mbliana i ndiaidh an treoirleabhair seo a fhoilsiú agus is féidir liom cóipeanna a fhágáil anseo má tá suim ag daoine. Agus na páistí ar an saol ag na tuismitheoirí, tá sé tábhachtach go mbíonn deis ag na páistí a bheith ag foghlaim conas a bheith ag sóisialú le páistí eile trí mheán na Gaeilge, is é sin trí na grúpaí súgartha. Is comhairle é seo do na tuismitheoirí conas an grúpa súgartha a bhunú, conas é a riar agus an-chuid eolais eile faoi na rannta agus dánta agus trealamh a bheidh de dhíth agus cúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag na grúpaí súgartha.

Beimid ag caint ar ball faoi thaighde atá déanta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar na limistéir Gaeltachta. Táimid i mbun tionscadal mar sin don limistéar taobh amuigh den Ghaeltacht. Is oth liom nach bhfuil an taighde sin réidh le foilsiú go fóill. Tá dóchas againn go mbeidh sé gan mhoill. Tá dréacht den taighde á bheachtú againn anois. Is féidir liom a insint don choiste nuair a bheidh sé sin réidh againn, beidh an saothar críochnaithe ag déanamh coimrithe ar an taighde agus an litríocht atá ar fáil go dtí seo. Beidh sé ag déanamh rianaithe ar líon agus lonnaíocht na dteaghlach atá ina gcónaí taobh amuigh den limistéar Gaeltachta. Beidh conclúidí ann faoin fhaisnéis atá ar fáil anois, agus beidh moltaí ann faoi na bealaí go bhféadfaí bearnaí san eolas sin a líonadh. Beidh moltaí ann faoi na ceisteanna gur chóir dúinn a bheith ag cur orainn féin amach anseo.

Ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht sa bhliain 2014. Tá go leor bainte amach againn sna réimsí atá luaite ag Lorcán Mac Gabhann cheana agus táimid an-bhuíoch as an tacaíocht a fhaighimid ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuige sin. Ba mhaith liom cúpla rud a rá anois faoi na dúshláin a bhíonn roimh theaghlaigh, na riachtanais do thuilleadh taighde ar an ábhar seo, an tábhacht leis an tacaíocht atá ag fáil ag Glór na nGael, agus na bearnaí atá ann sa tacaíocht sin.

Mar a luaigh mé, is teacht ar sheirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge is mó a chruthaíonn deacrachtaí do thuismitheoirí. Deireann siad linn, ar bhonn iontach bunúsach, bíonn siad ag iarraidh ar sheirbhísí dochtúirí agus bunseirbhísí eile amhail fiaclóireacht agus nach bhfuil teacht orthu in an-chuid áiteanna. Nuair a bhíonn riachtanais speisialta ag páistí, tá sé an-deacair ar fad. In amanna, bíonn an-chuid aineolais i measc oibrithe sláinte a thabharfadh comhairle gur chóir páistí a thógáil trí mheán an Bhéarla má tá riachtanais speisialta ann, agus níl aon bhunús eolais ná leighis leis an moladh sin. Léiríonn sé go bhfuil gá le feachtas feasachta i measc oibrithe sláinte.

Seachas Béal Feirste, níl fáil ar ionad chúram leanaí ná naíolainne taobh amuigh de na limistéir Gaeltachta. Tá éileamh ann dá leithéid, go speisialta i mBaile Átha Cliath agus na cathracha móra. Bheimis ag moladh do na daoine sin a bhfuil cúramaí sláinte orthu gur chóir go mbeadh ionad chúram leanaí mar phríomhaíocht do na cathracha móra. Chomh maith leis sin, bíonn géarghá le feighlithe linbh a bhfuil cumas labhartha na Gaeilge acu. Tá géarghá le gréasán fheighlithe linbh a fhorbairt. Tá bunachar sonraí d'fheighlithe linbh ag Tusla agus Childminding Ireland agus ba chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge luaite ar an liosta sin do na feighlithe linbh sin a bhfuil cumas labhartha na Gaeilge acu agus a bheadh sásta seirbhís den chineál sin a sholáthar.

Beidh taighde atá déanta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar ár son le foilsiú againn, bheadh dóchas agam, an mhí seo chugainn. Ardaítear roinnt ceisteanna sa taighde seo. Ceann dóibh siúd ná nach dtugann an cheist reatha sa daonáireamh eolas dúinn faoi úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh, agus mar sin, táimid ag moladh go ndéanfar anailís ar cé chomh úsáideach agus atá foclaíocht na ceiste faoin Ghaeilge a bhíonn sa daonáireamh, le feiceáil an dtiocfaí ar fhoclaíocht eile níos fearr agus muid ag pleanáil tacaíochta Stáit don Ghaeilge amach anseo.

Moltar go ndéanfar anailís chriticiúil ar an dóigh a ndéanann tuismitheoirí cinneadh maidir le rogha teanga agus beartas teanga a chuireann siad i bhfeidhm dá gclanna.

Éiríonn le tuismitheoirí agus caomhnóirí beartas teanga teaghlaigh a fheidhmiú a fhad is atá na páistí óg, ach éiríonn sé níos deacra de réir mar a théann na páistí in aois. Is gá anailís a dhéanamh air seo agus acmhainní cuí a chur in áit chun an claonadh seo a mhaolú.

Moltar taighde níos leithne ar bhonn níos buaine agus níos leanúnaí chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sna teaghlaigh agus chun tuiscint fheidhmiúil a fháil ar na slite chun tacú leo agus cur le líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

Is léir go bhfuil rath níos fearr ag iarrachtaí ghrúpaí éagsúla Gaeilge mais chriticiúil de chainteoirí Gaeilge a fhorbairt. Is fiú a nótáil go bhfuil infheistíocht ard á dhéanamh sna ceantair seo, agus léiríonn rath na n-iarrachtaí sin tábhacht na hinfheistíochta sin. Tá iarrachtaí láidre pobalbhunaithe in áiteanna eile nach bhfuil an rath céanna ag éirí astu. Táimid ag moladh go ndéanfar taighde comparáideach ar an ábhar seo le feiceáil an féidir linn a rá go heolaíoch cén fáth a bhfuil ag éirí i gceantar amháin agus nach bhfuil ag éirí i gceantar eile. Creidimid go dtabharfadh an t-eolas a éiríonn as na cúig mholadh thuas ó thaobh taighde de, deis dúinn a bheith ag pleanáil na dtacaíochtaí agus seirbhísí atá de dhíth ar na teaghlaigh.

Ba mhaith liom labhairt faoi na dúshláin atá ag Glór na nGael agus muid i mbun na hoibre seo. Bhí 26 líonra ag feidhmiú i 2014 in áit 42 sa bhliain 2021. Is iad sin na sé bliana a raibh na cúraimí seo ar Ghlór na nGael. Léiríonn an fás sin ó 26 go dtí 42 i mbliain dheacair. Bhí 67 againn roimh ghéarchéim Covid-19. I 2014 chomh maith, eagraíodh 67 imeachtaí agus tá sé sin ardaithe againn i mbliana go dtí 371. Léiríonn an fás seo dianobair agus dílseacht fhoireann Ghlór na nGael. Léiríonn sé an luach a fhaightear as an airgead a bhronntar ar Ghlór na nGael. Mar sin féin, ní féidir linn freastal ar an ráchairt de na seirbhísí leis an maoiniú sin.

Tá foireann de 4.5 oifigeach forbartha ag an rannóg Theanga Tí agus iad ag clúdach an Tríocha Dó Contae. Ní leor an clúdach sin le freagra ceart a thabhairt ar an éileamh ná leis na seirbhísí a fhorbairt amach anseo. Tar éis costais foirne a ghlanadh, tá sa bhreis ar €34,000 fágtha dúinn leis na seirbhísí a sholáthar, agus ní leor sin le freastal ar na riachtanais. Is dúshlán ar leith é agus is dúshlán é nach ligean dúinn na seirbhísí a fhorbairt.

Mar fhocal scoir, mar a luadh mé ag an tús, cuimhnímis gurb é an teaghlach an bun-ionad pleanála leis an teanga a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile agus a chaomhnú mar theanga labhartha sa phobal. Agus muid ag pleanáil agus ag beartú don teanga amach anseo, ní mór dúinn áit lárnach a thabhairt don Ghaeilge mar theanga clainne.