Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith: Plé.

Mr. Antoine Ó Coileáin:

Sa léiriú a bhí agam féin, níor thosaigh mé amach ar na coláistí i ndáiríre. Thosaigh mé ó radharc níos leithne agus mé ag rá gurb é an aidhm agus a mhórchuspóir atá ag Gael Linn, agus ag go leor eagraíochtaí eile, ná go mbeadh breis Gaeilge á labhairt go nádúrtha amuigh sa saol. Chun go dtarlódh sé sin, tá gá le cuid mhór bheartas i réimsí éagsúla den saol. Caithfear dul ón naíonra go dtí an ollscoil agus níos faide arís. Tá an réimse iomlán ann.

Feictear domsa go bhfuil Ranna, rannóga agus eagraíochtaí ag treabhadh sa ghort céanna ach gan a bheith ar aon aigne nó ar chomhthuiscint faoi cad atá ar bun ag an gcéad duine eile. Dá rachfaí siar na blianta fada go dtí go raibh Bord na Gaeilge ann, chuir an bord mórthionól ar siúl in Óstán an Shelbourne. Tugadh ionadaithe le chéile ón tír ar fad chun plé a dhéanamh ar conas mar a bhí ag éirí leis an bplean a bhí ag Bord na Gaeilge ag an am. Níl an rannpháirtíocht nó an daonlathas sin le feiceáil sa straitéis 20 bliain. Tá sé ann ach tá sé ann i ngan fhios don saol mór. Ní bheadh a fhios ag an ngnáthdhuine nó fiú ag an ngnáth-Ghaeilgeoir faoi. Tá seans maith ann nach bhfuil a fhios ag an ngnáthdhuine sa Ghaeltacht go bhfuil a leithéid de rud agus straitéis ann. Níl réadúlacht ná nithiúlacht i gceist. Níl aon rud ann gur féidir méar a leagan air. Tá sé ar nós go bhfuil sé ag dul ar aghaidh mar rud atá folamh, go gcaithfear leanúint leis go deireadh na scríbe agus go mbeadh tuairisciú ann ag rá cé chomh hiontach a d'éirigh leis an mbeartas. Níl aon cheangal idir an rud atá ar bun, nó nach bhfuil ar bun, agus an rud a bhí ag teastáil ar an gcéad dul síos.

Rinneadh tagairt níos luaithe don sprioc go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge faoi bhliain áirithe. Níl ciall ná réasún leis sin. Ba é an t-éileamh a bhí ag Gael Linn blianta siar ná go ndéanfaí athmhachnamh ar an straitéis agus é a thabhairt chun dáta bunaithe ar an taithí go dtí seo. Muna bhfuil bunús agus inchreidteacht leis an móraidhm, is obair in aisce a bheadh ann. Ní bhfaighfear rannpháirtíocht nó ceannach isteach ó dhaoine mar go n-aithneoidh siad nach bhfuil an rud seo ag dul in aon áit agus gur foirmle fholamh ar mhaithe le gealltanas a chomhlíonadh é. Ní fheicim gur ansin an áit a bhfuil an toradh. Tá na torthaí le feiceáil sna tuairiscí a chuireann na ceanneagraíochtaí ar aghaidh go dtí Foras na Gaeilge, i dtuarascáil bhliantúil Údarás na Gaeltachta agus sna pleananna teanga atá ann sna Gaeltachtaí difriúla.

Ní dhéantar tátal na n-imeachtaí sin ar fad a tharraingt le chéile chun comhartha sláinte a thabhairt ar conas mar atá ag éirí linn. Is rud é atá comhthreomhar agus nach bhfuil réadúlacht ag baint leis. Is léir sin mar go bhfuilimid anseo inniu ag troid le pinginí a fháil ar ais ar son earnála atá lárnach do shaol na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an cairpéad dearg amuigh ag an Roinn chun muid a thabhairt isteach chun a fhiafraí céard atá ag teastáil uainn. Tá an rud ar fad bunaithe ar an dea-thoil agus an tiomantas ó ghlúin go glúin ó eagraíocht go chéile. Tá sé i misean na heagraíochta. Is é sin an fáth a bhfuilimid ann. Bheadh daoine ann a déarfadh nárbh fhiú é agus nach ndéanann sé ciall má tá caillteanas airgid i gceist agus muna bhristear cothrom. Chreideamar ann fós agus leanamar le coláistí samhraidh i nGaeltachtaí beaga fiú amháin nuair nach raibh sé inmharthana nó ciallmhar ó thaobh airgid de. B'fhiú é agus leanamar leis. Is rud é nach bhfaightear aon bhuíochas dá bharr ach creideann muidne ann agus déanaimid an rud atá ceart mar a fheicfimid é.