Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith: Plé.

Mr. Frank Ó Maoláin:

Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil caidreamh nó gaol láidir idir CONCOS agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá sé tábhachtach é sin a rá ach, mar a dúirt mé, ní raibh mé sásta leis an gcaoi ina raibh sí ag déileáil leis an gcobhsú i mbliana. Anuraidh, shuigh muid síos le chéile agus chuir muid cáipéis roimh an Roinn. Bhí an cháipéis sin bunaithe ar chobhsú do na coláistí agus do na mná tí. D'ardaigh CONCOS ceist na mban tí leis an Roinn anuraidh. Bhí muidne ag troid ar son na mban tí anuraidh, mar a bhíonn i gcónaí. Ó thaobh na bhfigiúirí de, fuair na coláistí €3.1 milliún anuraidh agus fuair na mná tí €1.6 milliún. An fhadhb is mó leis sin ná gur dhírigh na meáin ar na figiúirí. Bhí daoine den bharúil go bhfuair na coláistí dhá oiread airgid is a fuair na mná tí anuraidh. Níl sé sin fíor. Is é an rud a tharla anuraidh ná go bhfuair na coláistí €150, figiúr a bhí bunaithe ar 15% den táille. Fuair na mná tí €4 in aghaidh an lae, é sin bunaithe ar 15% den teacht isteach a bhí acusan. Fuair an dá thaobh an céatadán céanna anuraidh. De bharr sin, bhíomar beo le tosach i mbliana. Ar an drochuair, tháinig an cinneadh mall arís. Shuigh muid síos leis an Roinn. B'fhéidir gur sin an áit a raibh an mhíthuiscint aici. Bhí cúpla cruinniú againn faoi chúrsaí a reáchtáil i mbliana seachas faoi chobhsú. Bhíomar ag iarraidh cúrsaí a reáchtáil mar is é sin an gnó atá againn. Tá sé sin fíorthábhachtach.

Mar fhocal scoir air seo, ba mhaith liom pictiúr beag a tharraingt. Téann daoine go dtí an Ghaeltacht don chéad uair sa chéad bhliain ar an méanscoil don chuid is mó. Chaill na daoine a tháinig isteach sna coláistí in 2019 agus a bhí sa chéad bhliain 2020 agus tá 2021 caillte acu. Ní bheidh siad in ann freastal arís go dtí 2022. Ní bheidh an chuid is mó de scoláirí na meánscoileanna in ann freastal ar an nGaeltacht go dtí go bhfuil an teastas sóisearach déanta acu. Beidh siad san idirbhliain. Beidh sé fíordhoiligh. Táimid druidte. Bhíomar druidte anuraidh agus táimid druidte i mbliana. Beidh sé fíordhoiligh ar na coláistí athoscailt. Mar a dúirt Máire Denvir, is é sin an rud faoina bhfuilimid ag caint. Táimid druidte agus caithfimid a chinntiú go mbeimid in ann oscailt i gceann cúpla seachtain le hearnáil 2022 a thosú. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh an tacú nó an cobhsú seo a fháil chomh luath is a thig linn. Mar a dúradh sa Chamber anseo trí na blianta, tá sé iontach furasta rud a dhruid ach i bhfad níos deacra é a athoscailt. Is é sin an jab is mó atá le déanamh againn. Beidh cuid mhaith de na mná tí caillte againn an bhliain seo chugainn. Tá cobhsú faighte acu i mbliana ach an mbeidh siad linn an bhliain seo chugainn? Caithfimid daoine nua a mhealladh isteach. Mar a dúirt Máire Denvir, caithfimid cúrsaí a chur ar fáil do cheannairí agus d'ardmháistrí, daoine atá caillte againn, mar níl na daoine seo fostaithe go lánaimseartha ag na coláistí. Oibríonn siad ar fad an tsamhraidh gach uile bhliain. Beidh cuid mhaith de na múinteoirí agus príomhoidí maithe caillte ag na coláistí. Beidh orainn tosú ón tús arís.