Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Mr. Dónal Ó Buachalla:
Bhí ceist ansin maidir leis an athbhreithniú ar Ghaeilge na sraithe sóisearaí agus cén fáth go bhfuilimid ag tabhairt faoi sin faoi láthair. Ceann de na ceisteanna móra atá ag teacht chun cinn ó na páirtithe leasmhara tríd an gcomhairliúchán ná cén fáth go bhfuilimid ag tabhairt faoi fhorbairt sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hardteistiméireachta gan athbhreithniú a dhéanamh ar Ghaeilge na sraithe sóisearaí. Mar gheall air sin, chinn comhairle CNCM athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm Gaeilge na sraithe sóisearaí a dhéanamh, sé sin, early insight review. Tá an ceart ag an gCathaoirleach nach raibh deis ann scrúdaithe deireadh a dhéanamh ar Ghaeilge na sraithe sóisearaí in 2020 agus arís i mbliana mar gheall ar Covid-19. Tá sé sin fíor ní hamháin don Ghaeilge ach do na hábhair uilig, ach amháin do na foghlaimeoirí fásta agus scoláirí a d’fhág an scoil go luath. É sin ráite, tá na scoláirí fós ag tabhairt faoi na measúnuithe rangbhunaithe agus tabharfaidh an early insight review seo deis dúinne éisteacht le taithí na scoláirí agus múinteoirí ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí T1 agus T2 ag Gaeilge na sraithe sóisearaí go dtí seo, ach amháin an scrúdú deireadh sin. Beidh muid in ann éisteacht leis an taithí atá acu ar chur i bhfeidhm na dtorthaí foghlama, na gnéithe eile den mheasúnú laistigh den seomra ranga agus mar sin. Tabharfaidh sé sin treoir dúinn ar an bhforbairt a thuilleadh atá le déanamh ar shonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hardteistiméireachta.