Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Ms Sorcha Ní Chéilleachair:
Tá an Cathaoirleach ag caint ar an múnla dhá chúrsa. Sin ceann de na rudaí atáimid ag plé chomh maith. Níl aon deis ann slite eile a mholadh leis an aidhm a bhaint amach. Níl aon deis ann don dá chúrsa seo agus saíocht na teanga. Bhí sé sin go mór i gceist nuair a thosaigh an chaint seo ar fad mar gheall ar freastal ar chainteoirí dúchais. Bheadh an cúrsa sin dírithe go hiomlán ar an tsaíocht, an saibhreas, an dúchas, an fhilíocht, agallaimh bheirte agus na rudaí sin ar fad, agus rudaí nua-aimseartha chomh maith. Ní bheidh na páistí agus na daoine óga ag caint faoin sean-nós go deo; beidh siad ag caint faoi rap agus rudaí nua. Tá sé sin chomh tábhachtach céanna ach tá an dúchas tábhachtach chomh maith. Níl aon deis ann. Tá an plé seo an-chúng ar fad agus tá sé an-dhiúltach faoi láthair. Táimid tagtha anuas go dtí plé faoi phointí bónais agus níl aon phlé á dhéanamh ar chroílár an rud seo ar fad, sé sin, cad atáimid ag iarraidh baint amach. Nílimid ag iarraidh pointí breise a bhaint amach ar chúrsa níos dúshlánaí. Táimid ag iarraidh freastal ceart a dhéanamh ar chainteoirí agus ar dhaoine óga, le cainteoirí muiníneacha agus cumasacha a fhorbairt. Mura mbeidh siad sin ar fáil, ní mhairfidh an Ghaeltacht.
No comments