Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

Rinne an Cathaoirleach tagairt don scoilt idir scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht. Is maith a thuigim scoilteanna ós rud é gur tharla a leithéid thíos againne in iarthar Chiarraí blianta ó shin, in 2007 nó mar sin, maidir le cúrsaí oideachais. Bhí scoilt ann idir oideachas lán-Ghaeilge agus oideachas dátheangach. Déanann a leithéid de rud dochar don phobal, do dhaoine, don oideachas agus don óige. Níl aon bhuntáiste d’aon duine in aon áit go mbíonn scoilt. Bíonn sé an-dian agus an-chrua ar phobal, ar dhaoine, ar mhúinteoirí agus ar gach aon duine.

Ba mhaith liom soiléiriú an-tapa a dhéanamh ar an rud a bhí i gceist agam le saíocht na teanga agus scoláirí Gaeltachta. B’fhéidir go mbainfidh mé amach an focal “scoláire” ar feadh soicind. Ba cheart go mbeadh an T1 bunaithe ar shaíocht na Gaeltachta agus an saibhreas teanga agus cultúrtha atá fós beo agus ina bheatha sna Gaeltachtaí. Ba cheart go mbeadh T1 bunaithe air sin, ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus na scoláirí Gaeltachta ach ar mhaithe le cainteoirí dúchais agus líofa sa chóras oideachais chomh maith. Nílimid ag caint ar an rud a theorannú don Ghaeltacht. Táimid ag iarraidh go mbunófaí é ar an saibhreas sin atá fós beo sna Gaeltachtaí agus é sin a leathnú amach go dtí na scoileanna Gaeltachta, na scoileanna lán-Ghaeilge agus aon dream eile a bheadh ar fáil. Gan dabht, muna bhfuil buntáiste breise ag dul don ualach breise, ní thógfaidh aon duine ar bord é.