Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin. Bhí suirbhé mór ann faoi na seirbhísí atá ar fáil agus tá sé sin curtha chuig na Teachtaí ar fad. An bhféadfadh na finnéithe cúpla rud a rá faoin méid a fuair siad amach ón suirbhé sin maidir le cúrsaí oideachais? Sin atáimid ag plé agus beidh tuairisc á fhoilsiú ag an gcoiste, tá súil againn roimh Mheán Fómhair, faoin méid atá ardaithe againn maidir le ceisteanna Gaeltachta, T1 agus T2, agus cáilíochtaí múinteoirí. Tá a lán ceisteanna eile gur chóir go mbeadh muid ag díriú isteach orthu. Ba chóir go mbeadh an coiste oideachais ag déileáil leo chomh maith ach tá muidne á dhéanamh sin faoi láthair agus ag díriú isteach ar dhá ábhar.

Tá cúpla ceist eile agam do na finnéithe ó thaobh an T1 agus T2. Tá amchlár leagtha amach acu. I mí na Samhna beidh an comhairliúchán agus athbhreithniú ar an teastas sóisearach ann. Tá sé an-ait go bhfuil muid fiú ag caint faoi athbhreithniú nuair nár tharla sé fós. Seo an chéad bhliain i mbliana mar go raibh Covid ann. Ní féidir athbhreithniú a dhéanamh ar rud nach bhfuil ar siúl i gceart agus nach mbeidh go dtí an bhliain seo chugainn nó an bhliain ina dhiaidh. De ghnáth caithfidh roinnt blianta a bheith ann roimh athbhreithniú. Mar a deirtear i mBéarla, tá sé a bit previous go bhfuil muid ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Tá athruithe ann ach de ghnáth foghlaimítear faoi rud ina dhiaidh. Má tharlaíonn gach rud i gceart, agus má ghlacann an tAire leis an gcinneadh seo an bhliain seo chugainn, cén uair a bheadh sé i gceist go mbeadh T1 agus T2 ag teacht i bhfeidhm, i dtuairim na bhfinnéithe? Tá a fhios agam nach féidir a rá go cinnte.

Luaigh an CNCM ina ráiteas:

Léirigh an comhairliúchán sin go raibh gá le sonraíochtaí ar leith do scoláirí i scoileanna T1 agus i scoileanna T2. Bhí imní mhór ar pháirtithe leasmhara ag an am faoin bhfreastal a d’fhéadfadh sonraíocht curaclaim amháin a dhéanamh ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí uile agus léiríodh imní faoi leith faoi sholáthar eispéireas foghlama a bheadh sách dúshlánach dóibh siúd i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge.

I mBéarla, déanann an ráiteas tagairt do “...the capacity of one subject specification to meet the needs of all learners...” Sin an single subject. Tá fós single subject i gceist ó thaobh T1 agus T2. Is dhá criteria atá i gceist. Bhí tuairim eile ann roimhe seo go mbeadh dhá ábhar i gceist: ábhar amháin a bhainfeadh le foghraíocht, labhairt agus gramadach na Gaeilge; agus ceann eile le saibhreas na Gaeilge, litríocht agus mar sin. Is oth liom nach ndeachaigh muid sa treo sin. Tá a fhios agam go bhfuil an comhairliúchán oscailte agus déarfaidh mé mo mhéid maidir leis sin. Má tá daoine ag féachaint isteach ba chóir dóibh an deis a thapú déileáil leis an gcomhairliúchán agus na tuairimí atá acu maidir leis seo a chur chun tosaigh.

Tá a lán ceisteanna eile ann agus roinnt acu freagartha ag eagrais roimhe seo. Bheadh scoileanna T1 agus T2 ag déanamh deighilt. An dainséar, atá luaite ag daoine eile, nuair a dhéantar deighilt ná go mbeidh duine éigin nó daoine éigin thíos leis. I ndáiríre, cé mhéad scoil Bhéarla a chuirfeadh cúrsa T1 ar fáil do scoláirí atá tógtha le Gaeilge, sa chathair mar shampla, nó atá ag freastal ar an scoil tar éis dóibh bogadh as an nGaeltacht? Ní tharlóidh sé. Iarr ar aon scoil nó aon phríomhoide. Níl an t-am nó na hacmhainní acu le na cúrsaí ar fad gur mhaith leo a chur ar fáil faoi láthair a chur ar fáil agus tá muid ag rá leo sé chúrsa Gaeilge ar chur ar fáil.

Tá bunleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal ann ag T1 agus T2. Sin sé rang difriúil. Caithfimid a bheith dáiríre nuair a bhíonn muid ag caint faoin scoil seo agus an scoil siúd. I ndáiríre beidh deighilt ann agus ní fheicim go mbeidh sé sin go maith don chóras oideachais ina iomláine. Tá deighilt ann cheana féin idir na fee-paying schools agus na scoileanna Stáit. Ní chóir go mbeadh aon deighilt ann agus ba chóir go mbeadh muid ag déanamh iarrachta na hábhair ar fad a bheith ar fáil i ngach uile scoil más féidir.

Ó thaobh applied maths, is duine í m’iníon den 3% atá ag staidéar applied maths agus tá sí ag staidéar mata onórach chomh maith. Arís, táimid ar ais ag an gceist faoi dhá ábhar ó thaobh na Gaeilge de. Is ábhair iomlán difriúil iad. Tá sí níos fearr ag applied maths ná ag mata. Tá sí ag déanamh fisic chomh maith agus níl sí go maith ag fisic. Ní thuigim. Ní raibh aon mhaith liomsa in aon cheann den trí ábhar so ní thagann sé uaimse. Más féidir roinnt freagraí a thabhairt, caithfidh muid a bheith críochnaithe anseo roimh 2.30 p.m.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.