Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. Dónal Ó Buachalla:

Tagraím don dara ceist a bhí ag an Teachta maidir lena bhfuil déanta leis an gcomhairliúchán go dtí seo agus cad a tharlóidh amach anseo. Is dóigh go mbainfidh sé le cuid mhór den phlé atá ar siúl faoi láthair ar cheisteanna áirithe. Cén fáth tabhairt faoin mhúnla T1-T2? Cén fáth go mbeidh ualach breise dá mba rud é go mbeidh a leithéid ar fáil? Táimid ag éisteacht leis na freagraí, tuairimí agus dearcthaí go léir atá ag na geallsealbhóirí éagsúla ar na ceisteanna tábhachtacha seo agus táimid ag déanamh taifid orthu.

Osclaíodh an comhairliúchán i mí Feabhra na bliana seo. Ag an am sin, bhí sé le bheith ar siúl ar feadh sé mhí. De ghnáth, i gcomhair comhairliúcháin ar ábhar sonraíochta, bíonn sé ar oscailt ar feadh sé nó ocht seachtaine. Sa chás seo, chinn comhairle an CNCM go mbeadh tréimhse níos faide de sé mhí ann. Agus muidne ag pleanáil agus ag dearadh an chomhairliúcháin seo, gan amhras bhíomar aireach ar na cúinsí dúshlánacha éagsúla atá ag múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí agus scoileanna eile mar gheall ar phaindéim Covid-19. Agus muid ag éisteacht le haiseolas, iarratais agus tuairimí a bhí ag na páirtithe leasmhara, chinn comhairle an CNCM le déanaí síneadh ama trí mhí sa bhreis a chur leis an gcomhairliúchán seo.

Cad atá déanta againn go dtí seo? Tá grúpaí fócais déanta againn le múinteoirí, le príomhoidí scoileanna agus le tuismitheoirí ó cheantair Ghaeltachta. Tá agallaimh duine le duine déanta againn le múinteoirí ó scoileanna éagsúla agus ó chomhthéacsanna éagsúla. Tá suirbhé ar líne ar fáil ar dhréachtsonraíocht T1 agus ar dhréachtsonraíocht T2 agus tá breis agus 500 duine tar éis tabhairt faoin suirbhé sin go dtí seo. Táimid ag fáil aighneachtaí scríofa mar a luaigh an Teachta Daly níos luaithe. Fanfaidh na modhanna éagsúla sin ar oscailt go dtí deireadh an chomhairliúcháin, mar a luaigh Arlene Forster níos luaithe.

Is dóigh gurb é an t-aon rud amháin a bhí in easnamh go dtí seo ná guth an scoláire. Mar a luaigh mé, bhíomar feasach ar na cúinsí dúshlánacha éagsúla a bhí ag na scoileanna le míonna beaga anuas. Mar gheall air sin, tabharfaidh an síneadh ama atá curtha leis an gcomhairliúchán deis bhreise dúinn dul i dteagmháil leis na scoláirí agus éisteacht lena nguthanna agus tuairimí, agus éisteacht le tuilleadh múinteoirí, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara eile. É sin ráite, maidir leis na scoláirí, tá grúpaí fócais déanta againn le mic léinn in institiúidí éagsúla tríú leibhéal atá tar éis Gaeilge na hardteistiméireachta a dhéanamh le blianta beaga anuas agus tá go leor tuairimí éagsúla roinnte acu. Táimid ag déanamh taifid ar an aiseolas go léir atá á fháil againn ó na páirtithe leasmhara seo agus cuirfear go é go léir ar fáil sa tuarascáil eatramhach a chuirfear faoi bhráid comhairle an CNCM ag deireadh an chomhairliúcháin seo.