Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

Déanfaidh mé pointe amháin maidir leis an scoláire áirithe Ghaeltachta a raibh mé ag caint leis. Chuir sé ceist maidir le pointí bónais a bheith ag baint le T1.

Mar chuid den ullmhúchán a bhí ar siúl acu siúd sa scoil Ghaeltachta áirithe seo, rinne siad scrúdú TEG ag leibhéal B1. Léiríonn sé sin an bhearna idir C1 agus B1, atá dhá leibhéal faoi bhun C1. Más é sin an t-ullmhúchán atá á dhéanamh acu i scoil Ghaeltachta don ardteistiméireacht, léiríonn sé go bhfuil ualach níos mó i gceist chun teacht suas chomh fada le C1.

Is dóigh liom gur luaigh Dónal Ó Buachalla go bhfuil an T1 dírithe ar fhoghlaimeoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoláirí Gaeltachta. Mar thuismitheoir Gaeltachta, feictear domsa gurb é sin croí na faidhbe. Ba cheart go mbeadh an próiseas seo dírithe ar na scoláirí Gaeltachta - iad siúd atá ag cailleadh na teanga, de réir mar a théann siad suas tríd an gcóras oideachais - mar gur ansin a bhfuil an tábhacht. Bheinn go láidir den tuairim gur cheart an próiseas a stopadh go dtí go bhfuil an cheist sin réitithe. Ba cheart go mbeadh T1 dírithe, bunaithe agus fréamhaithe ar scoláirí Gaeltachta agus ansin, má tá spéis ag scoláirí eile lasmuigh de na Gaeltachtaí a bheith ag tabhairt faoina leithéid de chlár, go mbeadh an deis sin acu. Is é sin ceann de na deacrachtaí móra atá ann.

Maidir leis na deiseanna a bheith ann téacsleabhair a léamh sna canúintí agus mar sin de, ní leor an méid atá leagtha síos sa dréachtsonraíocht chun saíocht na teanga a fhorbairt agus a láidriú i measc scoláirí Gaeltachta. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, ba cheart go mbeadh deis ag daoine óga a teanga féin a thabhairt chun saibhris ionas go dtiocfaidís in inmhe mar chainteoirí cumasacha muiníneacha nó, i bhfocail eile, go léireoidh siad meas agus tuiscint agus go dtabharfaí tacaíocht chuí do chainteoirí dúchais agus líofa na Gaeilge sa chóras oideachas. Is é sin atá uainn agus ba cheart an próiseas seo a stopadh go dtí go bhfuil an bhuncheist sin réitithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.