Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

Rinne an Teachta tagairt do bheith ag caint le tuismitheoirí. Mar a tharla, bhí mé féin ag caint le scoláire ardteistiméireachta nuair a chríochnaigh sé a chuid scrúduithe. Bhíomar ag plé faoi seo, siúd agus uilig agus tháinig sé aníos go mbeinn ag freastal ar chomhairliúchán maidir le T1 agus T2. Ar an bpointe boise, chas sé chugam agus dúirt sé "Oh right, so cé mhéad pointe bónais a bheidh ar fáil do dhaoine a dhéanann T1?" Baineadh siar asam. Cheap mé nach mbeadh aon tuiscint aige ar T1 agus T2 agus nach mbeadh a fhios aige go raibh comhrá agus caint ar siúl faoi ach bhí an-eolas aige. Bhí sé ag iarraidh a fháil amach cé mhéad pointe bónais a bheadh ar fáil. Dúirt mé leis nach raibh aon chinneadh tógtha faoi sin agus dúirt sé nach bhfuil éinne chun an cúrsa níos deacra a dhéanamh muna bhfuil aon bhuntáiste leis. Is é sin an meon atá ag scoláirí i mbliain a sé. Ní thógfainn orthu é. Muna bhfuil buntáiste ann dóibh, cad ina thaobh go dtógfaidís ábhar níos deacra orthu féin?

Dá bhféadfainn ruball beag a chur leis sin, feictear domsa nach bhfuil na scoláirí Gaeltachta i lár an phróisis seo. Tá rudaí eile tagtha isteach. Ní hé nó ní hí an scoláire Gaeltachta atá i lár an aonaigh. Is é an rud atá ag tarlú le scoláirí Gaeltachta, cainteoirí dúchais, faoi láthair ná go bhfuil an Ghaeilge atá acu á tanú de réir mar a théann siad tríd an gcóras. Éiríonn sí níos tanaí agus níos laige. Cailleann siad muinín san fhocal labhartha ach amháin nuair atá siad ag caint lena gcuid cairde. Tá siad ag dul i muinín an rud atá scríofa, an rud a léann siad sna téacsleabhair. Faoin am a bhaineann siad bliain a sé amach, tá siad iompaithe do bheith ag aistriú nathanna cliste sa Bhéarla go Gaolainn le húsáid ina gcuid aistí. Táim ag caint faoi rudaí ar nós "caith isteach an tuáille" agus mar sin de. Feiceann siad rudaí mar sin scríofa in áiteanna agus tá muinín níos mó acu sa rud atá scríofa ná mar atá acu sa mhéid a chloiseann siad óna gcuid tuismitheoirí nó ón bpobal timpeall orthu.

Chun an scoláire Gaeltachta a chur i lár an aonaigh, ní mór breis ábhar léitheoireachta sa chaint dhúchasach sna canúintí éagsúla a thabhairt dóibh, idir gearrscéalta, úrscéalta agus filíocht. Ní mór an traidisiún béil a thabhairt isteach chomh maith. Táim ag caint faoi na hamhráin, na hagallaimh bheirte, an scéalaíocht agus an aithris. Cad ina thaobh nach bhfuil siad luaite in aon áit? B'fhéidir gur féidir céim eile a chur leis freisin agus go mbeadh ar scoláirí aithris a dhéanamh ar théacs saibhir ó chuid de na scríbhneoirí agus filí Gaelacha is mó ag an scrúdú béil. Ansin, bheadh tuiscint cheart againn ar conas an chanúint agus an chaint a thabhairt chun cinn. Dar ndóigh, chun é sin ar fad a dhéanamh, ní mór treoir éigin a thabhairt do scoláirí Gaeltachta, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí faoi cad is féidir leo a scríobh sa chanúint agus cad nach féidir. Níl aon treoir in aon chor faoi sin agus níl aon treoir ag na scrúdaitheoirí atá ag ceartú na páipéir scríofa atá ag scoláirí Gaeltachta faoi cad a bhfuil cead acu scríobh.