Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Beidh mé an-ghairid mar tá a fhios agam go bhfuil an próiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair agus is dócha go bhfuil aighneacht Shinn Féin curtha isteach cheana féin.

Is as Ciarraí mé agus bhí mé ag caint le cúpla de na múinteoirí sa Ghaelcholáiste agus le tuismitheoirí agus daltaí chomh maith. Níl an Ghaeilge ag a lán daltaí sa Ghaelcholáiste ón gcliabhán. Tá an-imní orthu. Dúirt tuismitheoir amháin nár chóir obair sa bhreis a chur ar ghrúpa amháin gan aon luach saothair. Tá an-difríocht ann idir na hábhair. Dúirt sí go raibh 35% ag dul leis an mbéalscrúdú in ábhar amháin, cé go dtéann 40% leis san ardteistiméireacht mar atá sé. Tá tuairim ann gur féidir ábhar breise a bheith ann, cosúil le maths agus applied maths. Dá mbeadh caighdeán ard ag teastáil ó dhaoine, bheadh ábhar eile ann gur féidir leo a dhéanamh agus bhainfeadh bónas leis sin toisc an obair bhreise a bheadh á déanamh ag na daltaí. Tá ár n-aighneacht leis an Roinn cheana féin. Tá a lán imní ann. B'fhéidir go mbeadh enrolment i scoileanna áirithe i ndainséar má leantar ar aghaidh leis an bplean atá á phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.