Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Ms Arlene Forster:

Thar cheann an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le baill an chomhchoiste as an deis seo chun labhairt libh inniu ar dhréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hardteistiméireachta, T1 agus T2, atá foilsithe do chomhairliúchán. Is mise Arlene Forster, príomhfheidhmeannach an CNCM agus in éineacht liom inniu, tá beirt de mo chomhghleacaithe - Barry Slattery, leas-phríomhfheidhmeannach; agus Dónal Ó Buachalla, oifigeach oideachais do Ghaeilge na hiar-bhunscoile.

Is é sainchúram na comhairle, mar atá leagtha amach san Acht Oideachais, 1998, comhairle a thabhairt don Aire Oideachais ar ábhair a bhaineann leis an gcuraclam don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna, leis na nósanna imeachta measúnachta a úsáidtear i scoileanna, agus le scrúduithe in ábhair atá mar chuid den churaclam. Is struchtúr ionadaíoch í an chomhairle agus ceapann an tAire Oideachais í. Tá 25 comhalta ar an gcomhairle a dhéanann ionadaíocht ar pháirtithe leasmhara an oideachais, earnáil na Gaeilge san áireamh. Faigheann an chomhairle tacaíocht ina cuid oibre ó thrí bhord agus ó roinnt meithleacha forbartha. Tá foireann feidhmiúcháin lánaimseartha ag an CNCM faoi stiúir an phríomhfheidhmeannaigh.

Tá forbairtí suntasacha tarlaithe maidir le soláthar curaclaim Gaeilge d’fhoghlaimeoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna le deich mbliana anuas. Le blianta fada, tá curaclam idirdhealaithe ar fáil sna bunscoileanna. In 2019, tugadh isteach curaclam nua comhtháite - curaclam teanga na bunscoile - chun tacú le páistí lena bhfoghlaim teanga ó na naíonáin shóisearacha go rang a sé.

Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, le roinnt mhaith de bhlianta anuas tá a leithéid de sholáthar curaclaim, soláthar idirdhealaithe, á éileamh. In 2017, cuireadh sonraíochtaí curaclaim idirdhealaithe, T1 agus T2, do Ghaeilge na sraithe sóisearaí i bhfeidhm i scoileanna tar éis tréimhse dianoibre ó 2012. Rinneadh na sonraíochtaí seo a fhorbairt mar fhreagairt ar fhianaise chomhairliúcháin ar dhréachtsonraíocht amháin do Ghaeilge na sraithe sóisearaí in 2015. Léirigh an comhairliúchán sin go raibh gá le sonraíochtaí ar leith do scoláirí i scoileanna T1 agus i scoileanna T2. Bhí imní mhór ar pháirtithe leasmhara ag an am faoin bhfreastal a d’fhéadfadh sonraíocht curaclaim amháin a dhéanamh ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí uile, agus léiríodh imní faoi leith faoi sholáthar eispéireas foghlama a bheadh sách dúshlánach dóibh siúd i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Go hachomair, trí thógáil ar mhúnla an tsoláthair curaclaim don Ghaeilge ag leibhéil na bunscoile agus na sraithe sóisearaí, cruthaítear deis chun eispéireas foghlama leanúnach a chinntiú do scoláirí ar mhaithe lena bhforbairt teanga agus a ndul chun cinn oideachasúil i gcoitinne.

A bhuí le struchtúr ionadaíoch na comhairle, a boird agus a meithleacha forbartha, tá fáil ar thaithí agus ar shaineolas suntasach chun tacú le hobair an CNCM.

Mar aon leis seo, tacaíonn an fócas láidir ar thaighde, ar obair le scoileanna agus ar chomhairliúchán poiblí le forbairt curaclaim agus measúnachta atá nuálach ar mhaithe leis an rannpháirtíocht, dul chun cinn, cáilíocht, cuimsitheacht agus le leanúnachas idir na hearnálacha ar fad. Ag tógáil air seo, ba mhaith liom aird a tharraingt ar an bpróiseas trínar forbraíodh dréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hardteistiméireachta. Tionóladh an mheitheal forbartha i mí na Nollag 2018. Tá raon de pháirtithe leasmhara ar an meitheal a bhfuil saineolas agus saintaithí acu trasna earnálacha T1 agus T2. I measc na mball, tá ionadaithe ainmnithe ón dá cheardchumann múinteoirí, na forais bhainistíochta iar-bhunscoile, Foras na Gaeilge, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus an Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí Iar-Bhunoideachais. Chomh maith leis sin tá ionadaithe ón Roinn Oideachais, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus Cumann Ollscoileanna na hÉireann. Ina theannta sin, comhthoghadh beirt bhall le saineolas sa bhreis ar chomhthéacsanna T1 agus T2. Thug doiciméad treorach a tharraing ar na forbairtí agus ar an obair a rinneadh ar shonraíochtaí T1 agus T2 don Ghaeilge sa tsraith shóisearach treoir d’obair na meithle forbartha.

Cuireadh tuarascálacha taighde a choimisiúnaigh an CNCM ar fáil don mheitheal freisin. Sna tuarascálacha seo, breathnaíodh ar an tionchar a bhí ag na leasuithe a cuireadh i bhfeidhm in 2010 ar shiollabas Gaeilge na hardteistiméireachta ar ghnóthachtáil scoláirí sa Ghaeilge. Tar éis dhá bhliain d'obair d’fhaomhaigh an CNCM na dréachtsonraíochtaí i mí na Samhna 2020 le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

Cuireadh tús leis an gcomhairliúchán poiblí i mí Feabhra 2021. Agus an próiseas comhairliúcháin á phleanáil, bhí an CNCM aireach ar na cúinsí dúshlánacha ag múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí agus scoileanna. D’fhonn rannpháirtíocht leathan a éascú tá leas á mbaint as raon de mhodhanna comhairliúcháin chun eispéiris, dearcthaí agus moltaí rannpháirtithe an chomhairliúcháin ar na dréachtsonraíochtaí a thaifeadadh. Ina theannta sin, cinneadh ar fhráma ama tosaigh suntasach de sé mhí a chur ar fáil don phróiseas. Bhí an CNCM an-aireach ar thionchar na paindéime agus, dá bharr, táthar ag coinneáil súil ghéar ar an gcomhairliúchán ón tús.

Tríd an bpróiseas comhairliúcháin, tá ábhair imní, riachtanais agus saincheisteanna na bpáirtithe leasmhara ag teacht chun solais. Cé go bhfuil go leor ag teacht chun cinn maidir le hábhar na ndréachtsonraíochtaí iad féin, tá ceisteanna níos leithne chun tosaigh sa dioscúrsa go dtí seo. Baineann na hábhair imní seo go príomha le huainiú an chomhairliúcháin agus le ceisteanna sistéamacha. Maidir le huainiú an chomhairliúcháin, tá iarratais éagsúla faighte ag an CNCM ag lorg go gcuirfí síneadh ama leis an gcomhairliúchán agus iarratais eile ag lorg go ndéanfaí é a chur siar. Dhírigh an t-aiseolas freisin ar shaincheisteanna forfheidhmithe agus sistéamacha a bhaineann le soláthar idirdhealaithe a thabhairt isteach. Cé nach bhfuil an CNCM freagrach as cinntí maidir le cur i bhfeidhm an churaclaim, tá an chomhairle an-airdeallach ar an ngéarghá a bhaineann le soiléireacht a thabhairt ar cheisteanna bainteach le rogha agus le cúrsaí tacaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochtaí seo, mar aon leis na ceisteanna sistéamacha, ina measc bearta a spreagfaidh scoláirí gabháil do shonraíocht T1. Dá réir, bhí an comhairliúchán seo ina ábhar plé ag gach cruinniú de chuid na comhairle ó thús an chomhairliúcháin.

Agus aird á tabhairt ar aiseolas agus iarratais na bpáirtithe leasmhara go dáta, ar an bplé ag bord na sraithe sinsearaí, agus ar an gcomhthéacs ina raibh scoileanna ag obair, chinn an chomhairle síneadh ama a chur leis an gcomhairliúchán reatha go deireadh mhí na Samhna 2021. Baineann an síneadh ama seo le gach gníomhaíocht comhairliúcháin. Anuas air sin, leag an chomhairle béim ar an tábhacht a bhain le hathbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm luath T1 agus T2 do Ghaeilge na sraithe sóisearaí sa scoilbhliain nua. Tacóidh na cinntí seo leis an CNCM deiseanna breise a chur ar fáil do mhúinteoirí, do scoláirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine eile nach iad páirt a ghlacadh sa phlé tábhachtach seo. Tabharfaidh seo deis freisin tuilleadh a fhoghlaim ó thaithí na scoileanna atá ag obair leis na curaclaim idirdhealaithe sa tsraith shóisearach.

Ag deireadh an chomhairliúcháin, déanfaidh an CNCM anailís ar an aiseolas uile a bhaileofar agus cuirfear na torthaí i láthair i dtuarascáil chomhairliúcháin eatramhach a fhoilseofar ar shuíomh an CNCM go luath in 2022. Ina theannta sin, foilseofar tuarascáil ar an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath-Ghaeilge na sraithe sóisearaí T1 agus T2. Cuirfidh an dá thuarascáil seo bonn eolais ar fáil a thacóidh chun na chéad chéimeanna eile san obair thábhachtach seo a phleanáil. Tá an comhairliúchán ar bun i gcónaí agus spreagtar páirtithe leasmhara agus an pobal i gcoitinne páirt a ghlacadh sa phróiseas.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa nóta faisnéise. Ba mhaith liom a chur in iúl nárbh fhéidir le comhghleacaithe linn a stiúrann obair an CNCM ar Ghaeilge na hardteistiméireachta taisteal go Baile Átha Cliath do chruinniú an lae inniu agus, ar an drochuair, níorbh fhéidir ceangal físe a chur ar fáil. Táim féin agus mo chomhghleacaithe sásta aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag comhaltaí a fhreagairt agus, má tharlaíonn nach féidir linn ceist aonair a fhreagairt, beimid sásta cibé faisnéisiú breise is gá a shocrú chun dul i ngleic le haon ábhair a bhíonn fós le réiteach. Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste.