Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfaimid lenár mbreithniú ar an gcuraclam nua na hardteistiméireachta, T1 agus T2. Dá réir, cuirim fáilte roimh Arlene Forster, príomhfheidhmeannach, Barry Slattery, leas-phríomhfheidhmeannach, agus Dónal Ó Buachalla, oifigeach oideachais, ón Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Chomh maith, cuirim fáilte roimh Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí, agus Roibeard Ó hEartáin, oifigeach forbartha, atá anseo thar cheann Tuismitheoirí na Gaeltachta. Gabhaim buíochas leo as teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn leis an bplé agus an breathnú atá á dhéanamh againn ar an ábhar seo.

Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe lonnaithe i Seomra na Dála le linn an chruinnithe seo. Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Iarraim anois ar an bpríomhfheidhmeannach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta labhairt linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.