Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Dr. Treasa Kirk:

B’fhéidir nach bhfuil freagra na ceiste againn ach, mar atá ráite ag an Aire ansin, tá grúpa curtha le chéile ag an Roinn chun féachaint ar an gceist a bhaineann le soláthar múinteoirí. Tá an cheist seo an-chasta ar fad. Mar is eol don choiste, tá sé i gceist againn clár maidir le hoideachas múinteoirí nua a chur ar bun. Beidh orainn a bheith ar an eolas faoi líon na n-uimhreacha a bheadh ag teastáil chun a chinntiú go bhfuil an t-éileamh sin ann. Tá a fhios againn go neamhfhoirmeálta go bhfuil éileamh ann ach chun an briseadh síos a fháil, beidh an grúpa sin ag obair. Tá sé ag féachaint ar na huimhreacha a bhaineann leis na hearnálacha éagsúla agus le hábhair ar leith, an Ghaeilge san áireamh.

Tá jab mór le déanamh maidir leis sin, i gcomhar leis an rannóg staitisticí chomh maith, chun a chinntiú go bhfuil na figiúirí cruinne againn. Chomh maith leis sin, athraíonn na figiúirí sin ó bhliain go bliain. Ní scéal éasca é an jab sin a chur le chéile ach tá an Roinn airdeallach air sin, go mbeadh sé an-chabhrach don chóras i gcoitinne.

Maidir leis an gceist a bhaineann leis an líon múinteoirí a thiocfadh amach ón mháistreacht i gColáiste Mhuire gan Smál agus ón bhaitsiléir san oideachas in Institiúid Oideachais Marino, chuir mé na sonraí ar bhliain in aghaidh na bliana chuig an gcomhchoiste.