Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus a gCaighdeáin Gaeilge, Deontais le hÁbhar Oidí a thabhairt faoi Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-Oiliúint agus Curaclaim nua na hardteistiméireachta T1 agus T2: An Roinn Oideachais.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh a cur i láthair. Tá cúpla ceist agam. Tá roinnt plé cheana féin ar ábhar na ndeontas do scoláirí atá ag dul go dtí an Ghaeltacht. Is maith an rud é go bhfuil an deontas ar fáil. Is rud an-dearfach é sin agus fáiltím roimhe sin. Tá deacracht ann le scoláirí atá ag freastal ar Hibernia College agus na coláistí príobháideacha eile. Glacaim leis go bhfuil stádas difriúil acu ach is na scoláirí céanna atá ann. Beidh siad ag múineadh sna ranganna céanna amach anseo. Tá sé tábhachtach go mbeadh na deiseanna céanna acu mar, mura bhfuil an deis acu freastal ar an nGaeltacht, cothófar deighilt. Tá sé tábhachtach na deontais a chur ar fáil do gach dalta, is cuma cén choláiste ar a bhfuil siad ag freastal, más féidir in aon chor. Molaim gach iarracht a bhféadfaí a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh an deontas ar fáil do gach dalta amach anseo.

Maidir le soláthar na múinteoirí, tá an t-ádh linn go bhfuil an-chuid múinteoirí an-láidir ag múineadh na Gaolainne dár bpáistí agus ag múineadh iad trí Ghaolainn. Tá bearnaí agus deacrachtaí ann. Tá sé an-tábhachtach go líonfaí na bearnaí sin agus go rachfaí i ngleic leis. Tá an tAire agus na córais éagsúla ag déanamh amhlaidh. Feicimid folúntais á bhfógairt ag scoileanna arís agus arís eile ní hamháin chun iarrthóir oiriúnach a fháil, ach chun iarrthóir ar bith a fháil. Bíonn sé chomh deacair sin. Bhíos ag plé le scoileanna le déanaí a raibh deacrachtaí acu. Bhíodar ag féachaint i gcomhair múinteoirí adhmadóireachta agus innealtóireachta. Bhí plé chomh maith ar an líon íseal daoine atá ag dul ag staidéar i gcomhair na fisice agus mar sin de. Tá na cúrsaí ann ach is féidir linn a fheiceáil nach bhfuil ach éileamh íseal orthu agus nach bhfuil daltaí ag freastal orthu. Tá ualach breise ann dóibh chun tabhairt faoi na cúrsaí sin. Chaithfí iarracht éigin a dhéanamh chun iad a mhealladh isteach chun a chinntiú go mbeidh daltaí agus múinteoirí cáilithe ag teacht tríd an gcóras. Is rud dearfach é go bhfuil na cúrsaí á gcur ar fáil ach tá bearna ann fós toisc nach bhfuil daoine ag teacht tríd an gcóras. Chaithfí slí éigin a fháil. An raibh plé éigin leis na coláistí maidir le daoine a mhealladh isteach sna cúrsaí sin chun a chinntiú go mbeidh múinteoirí ar fáil amach anseo?