Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an chéad mhír atá ar an gclár inniu ná an dréacht-thuarascáil ar ár gcruinniú leis an nGarda Síochána ar an 12 Bealtaine 2021. Ag ár gcruinniú seachtain ó shin, d'aontaigh muid é a phlé arís agus go gcuirfimis aon mholtaí ina leith a bhí ag aon chomhaltaí. Ar mhaith leis na comhaltaí é a phlé anois nó é a chur ar athló? Má tá moltaí ag daoine, bhíomar ag súil go mbeadh daoine ag cur moltaí isteach chuig an gcléireach roimh an gcruinniú seo maidir le tuarascáil a chur le chéile, bunaithe ar an méid a dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus an méid a dúirt an Coimisinéir Teanga agus go mbeimis dá gcur faoi bhráid na Dála.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nach bhfuil práinn leis?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba chóir go mbeimis ag déanamh tuairisce ar rud chomh práinneach leis sin agus é a chur os comhair na Dála. Is é mo thuairim gurb é ceann de na moltaí ar chóir go mbeadh sé ann ná go mbeadh an Dáil ag déanamh díospóireachta ar ár dtuarascáil agus ar cheann an Choimisinéara Teanga. B'fhéidir go bhfuil daoine ag triail aird a tharraingt ar rudaí a dúirt ceachtar de na coimisinéirí agus go mbeadh sé sin leagtha síos sa tuarascáil sin.

Más féidir linn-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dóigh go bhfuil an tuarascáil ón Choimisinéir Teanga thar a bheith soiléir. Tá gach uile rud nochta aige agus tá práinn-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá. Nuair a tháinig Coimisinéir An Gharda Síochána, thug sé a lán gealltanas agus leag sé amach go raibh rud chun a athrú agus whatever. Ba chóir dúinn suntas a thabhairt dó sin agus má táimid ag iarraidh é a phlé anois, is féidir linn. Níl fadhb ar bith ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir an chéad chruinniú eile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag impí ar dhaoine leasuithe nó moltaí a chur isteach. Is é ceann de na moltaí a bheadh agam ná go mbeadh Coimisinéir an Gharda Síochána ag teacht os ár gcomhair uair sa bhliain, chun a rá linn cad é an dul chun cinn atá déanta acu. Is féidir liom an ceann sin a dhéanamh agus an ceann maidir leis an moladh faoi dhíospóireacht sa Dáil. Má tá aon cheann ag aon duine eile agus más féidir linn é sin a bheith curtha isteach chuig an gcléireach roimh dheireadh na seachtaine, déanfaimid é a scaipeadh agus is féidir linn an tuarascáil a aontú ag an gcéad chruinniú eile. Aontaímid é sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá comhfhreagras faighte againn ó Údarás na Gaeltachta maidir leis an tacaíocht a thugann sé do chomhlachtaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tacaíocht sin. Ag ár gcruinniú ar an 9 Meitheamh 2021, d'aontaigh muid é a phlé arís agus go gcuirfí aon mholtaí ina leith a bhí ag aon chomhaltaí. Molaim go scríobhfaimid chuig Údarás na Gaeltachta agus go n-iarrfaimid air an t-ábhar seo a phlé linn ag cruinniú dár gcuid san fhómhar. Molaim go n-iarrfaimid ar an údarás cuairt ar Randox agus comhlachtaí eile sa cheantar sin a heagrú ionas gur féidir le toscaireacht ón chomhchoiste seo torthaí infheistíochta atá déanta ag an Stát sna comhlachtaí sin agus an buntáiste atá leo i gcomhair gheilleagar na Gaeltachta agus chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht a fheiceáil dúinn féin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Míléamh a bhí i gceist. Cheap mé go raibh Údarás na Gaeltachta os ár gcomhair inniu. Chuir mé dua orm féin an rud a léamh. Is é an rud a léimeann amach ná nach bhfuil sé ag déileáil le pleananna teanga. Tá siad luaite sa chomhfhreagras agus sa straitéis freisin.

An féidir dul i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta agus na mionsonraí a fháil maidir leis an monatóireacht atá i gceist ó thaobh pleananna teanga i ngach comhlacht? Tá an-obair déanta ag an údarás ó thaobh comhlachtaí a mhealladh ach níl an chaoi ina bhfuil monatóireacht á déanamh aige puinn níos soiléire ón méid atá léite agam.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir linn litir a chur chuige. Nuair atá freagra faighte againn, b'fhéidir go rachaimid chuig-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le Randox, tá dhá leathanach go leith ag cur síos ar an méid oibre atá déanta aige. Tá sé sin iontach ach is é an cheist a bhí againn ná-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceist ghinearálta a bhí ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhuel ba cheist shonrach é i ndáiríre. Bhain sé le cúrsaí teanga agus an dualgas atá ag an údarás an teanga a chur i bhfeidhm i ngach comhlacht. Cén saghas monatóireacht a dhéanann an t-údarás? Cad é an t-aisfhreagra?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a bunaíodh an coiste roimh an bpaindéim, luaigh mé go mbeadh i gceist ag an gcoiste toscaireacht a sheoladh go ceantair Ghaeltachta difriúla. Má táimid chun cuairt a thabhairt ar an gceantar ina bhfuil Randox ann, ba chóir go mbuailfimid ní amháin le hÚdarás na Gaeltachta amháin, ach le heagrais eile sa cheantar ar an lá céanna. Is féidir é sin a eagrú agus gan a bheith ag déileáil leis an údarás amháin má tá an coiste chun taisteal. Déanfaimid an rud céanna i gceantair eile chomh maith.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais chun é sin a phlé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaimid é sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtiocfaidh an t-údarás os ár gcomhair maidir leis an ábhar sin, seachas é a bheith measctha le rudaí eile. Tá sé tábhachtach cuairt a thabhairt ar na Gaeltachtaí uilig.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cléireach tar éis a rá liom nach mbeidh an t-údarás os ár gcomhair roimh dheireadh an tsamhraidh. Is féidir linn an toscaireacht a chur ar athló agus cuireadh a thabhairt don údarás teacht os ár gcomhair i mí Mheán Fómhair-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh sé sin iontach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----nó i mí Dheireadh Fómhair. Ina dhiaidh sin, beimid in ann na toscaireachtaí sin a eagrú. Tá súil agam go mbeidh an phaindéim thart faoin am seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh sé sin iontach. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An aontaítear leis sin? Cuirfimid an litir sin chuige roimh ré ag lorg an eolais sin.

Tá comhfhreagras faighte againn ón rannóg acmhainní daonna i dTithe an Oireachtais mar fhreagra ar an gcomhfhreagras a sheol mé chuici maidir le heaspa comhairleora beartais an chomhchoiste seo le níos mó ná sé mhí anuas. Díreach roimh an Nollaig, fuair muid amach go raibh an comhairleoir beartais a bhí againn ag dul ar ais chuig an Roinn ónar tháinig sí. Níl an rannóg acmhainní daonna in ann teacht ar dhuine eile a bheadh inscaoilte óna rannóga. Bhí daoine roghnaithe. Bhí agallaimh agus a leithéid déanta ach ansin níor scaoileadh saor iad ó na Ranna ina n-oibríonn siad. Táimid fós i bponc agus níl comhairleoir beartais againn. Táim míshásta leis sin agus glacaim leis go bhfuil an coiste míshásta freisin mar tá an easpa sin ag cur baic ar roinnt den obair a bhí i gceist againn a dhéanamh sa chúlra. Mar shampla, lorg muid eolas faoin gcomhaontú cuimsitheach eacnamaíochta agus trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, CETA, ó Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais ach ní raibh an tseirbhís in ann é sin a sholáthar dúinn as Gaeilge nó taighde a dhéanamh a bheadh dírithe ar cheist na Gaeilge ná ar cheist na Gaeltachta. Bheadh an obair sin déanta ag comhairleoir beartais. Tá an easpa seo ag cur as an obair pharlaiminte atá againn agus ba chóir dúinn ár míshásamh a léiriú. Níl a fhios agam cad eile gur féidir linn a dhéanamh ag an staid seo ach cur ina luí go bhfuil fadhb ann agus dul i dteagmháil le Cléireach na Dála chun a rá leis go bhfuil an fhadhb sin ann, toisc go bhfuil sé i gceannas ar Choimisiúin Thithe an Oireachtais. Mar chuid de straitéis Thithe an Oireachtais ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir go mbeimid in ann duine a fháil agus, más gá, post buan a dhéanamh de. Is é an fhadhb atá ann faoi láthair ná gur post sealadach atá i gceist seachas post buan. Ní scaoileann na Ranna daoine saor. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Ceart go leor.

Bogfaimid ar aghaidh.