Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

An aontaítear leis sin? Cuirfimid an litir sin chuige roimh ré ag lorg an eolais sin.

Tá comhfhreagras faighte againn ón rannóg acmhainní daonna i dTithe an Oireachtais mar fhreagra ar an gcomhfhreagras a sheol mé chuici maidir le heaspa comhairleora beartais an chomhchoiste seo le níos mó ná sé mhí anuas. Díreach roimh an Nollaig, fuair muid amach go raibh an comhairleoir beartais a bhí againn ag dul ar ais chuig an Roinn ónar tháinig sí. Níl an rannóg acmhainní daonna in ann teacht ar dhuine eile a bheadh inscaoilte óna rannóga. Bhí daoine roghnaithe. Bhí agallaimh agus a leithéid déanta ach ansin níor scaoileadh saor iad ó na Ranna ina n-oibríonn siad. Táimid fós i bponc agus níl comhairleoir beartais againn. Táim míshásta leis sin agus glacaim leis go bhfuil an coiste míshásta freisin mar tá an easpa sin ag cur baic ar roinnt den obair a bhí i gceist againn a dhéanamh sa chúlra. Mar shampla, lorg muid eolas faoin gcomhaontú cuimsitheach eacnamaíochta agus trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, CETA, ó Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais ach ní raibh an tseirbhís in ann é sin a sholáthar dúinn as Gaeilge nó taighde a dhéanamh a bheadh dírithe ar cheist na Gaeilge ná ar cheist na Gaeltachta. Bheadh an obair sin déanta ag comhairleoir beartais. Tá an easpa seo ag cur as an obair pharlaiminte atá againn agus ba chóir dúinn ár míshásamh a léiriú. Níl a fhios agam cad eile gur féidir linn a dhéanamh ag an staid seo ach cur ina luí go bhfuil fadhb ann agus dul i dteagmháil le Cléireach na Dála chun a rá leis go bhfuil an fhadhb sin ann, toisc go bhfuil sé i gceannas ar Choimisiúin Thithe an Oireachtais. Mar chuid de straitéis Thithe an Oireachtais ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir go mbeimid in ann duine a fháil agus, más gá, post buan a dhéanamh de. Is é an fhadhb atá ann faoi láthair ná gur post sealadach atá i gceist seachas post buan. Ní scaoileann na Ranna daoine saor. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Ceart go leor.

Bogfaimid ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.