Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus Ábhair Oidí: An Chomhairle Mhúinteoireachta

Mr. Tomás Ó Ruairc:

Bhí an Teachta an-ghéarchúiseach ansin. Tá an abairt ann faoi dhó le go leagfaí béim uirthi. Sin an áit is mó a thugtar dúinne mar chomhairle. Cé nach bhfuilimid ach freagrach as clárú múinteoirí agus as na caighdeáin atá acu agus mar sin de faoina ngairm agus a dtréimhse fhoghlama, feicimid an córas uilig le chéile chomh maith. Cuir san áireamh an soláthar, an infheistíocht atá déanta i gcuraclam agus áiseanna ag leibhéal na bunscolaíochta, na hiar-bhunscolaíochta, an tríú leibhéal, soláthar na gcúrsaí Gaeltachta go ginearálta agus d’ábhar oidí go pointeáilte, agus an soláthar pobail. Ní déarfainn nach ndéanfadh tuilleadh infheistíochta maitheas. Dhéanfadh, ach caithfidh muid a bheith an-chinnte faoi na bearnaí atá ann sula ndéanfadh muid é sin.

Cuireann muid in iúl go praiticiúil agus go pointeáilte go gcaitheann na hábhar oidí ceithre seachtaine, nó dhá thréimhse choicíse, sa Ghaeltacht le linn a gcúrsaí ceithre bliana. Is ceist shimplí atá ann, ach le tús a chur leis an bplé, céard a tharlaíonn nuair a fhilleann siad ar phobal labhartha Béarla ina bhfuil grúpaí pobal ag tacú leis an teanga? B’fhéidir go bhfuil siad á maoiniú ag Foras na Gaeilge nó an Roinn Ghaeltachta. Feictear dúinne mar chomhairle nach easpa infheistíochta nó tacaíochta ón Stát an fhadhb ach go dteastaíonn uainn na ceangail agus na naisc idir na tacaíochtaí sin a neartú go mór. Go praiticiúil, mar shampla, tá clubanna ag Cumann na bhFiann ar fud fad na tíre ina bhféadfadh na daoine óga tréimhse thumtha sa teanga a chaitheamh tar éis dóibh na cúrsaí Gaeltachta a chríochnú. Bheadh siad i bpobail labhartha Béarla ach bheadh na himeachtaí ag an gclub trí mheán na Gaeilge. Sin sampla praiticiúil amháin. Cén fáth nach bhféadfaí é sin a leathnú amach do na hábhar oidí? Bheadh siad cúpla bliain níos sine ná an dream atá sna clubanna ach tuigimid an tábhacht a bhaineann le deiseanna breise úsáide a chur ar fáil. Rinne comhalta éigin tagairt don tionscnamh atá ag an Roinn Oideachais ag breathnú ar na féidearthachtaí maidir le corpoideachas a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Teastaíonn an cineál sin cur chuige, ach níos leithne. Sin an rud a bhí i gceist againn leis an abairt, “Más ar scoil a mhúintear an Ghaeilge, is i mbaclainn an phobail a bhláthaítear í.”

Cé go bhfuil trí cheist ar leith leagtha amach ag an Teachta, tá siad uilig nasctha le chéile. Tá na coláistí ag comhlíonadh na gcaighdeán atá leagtha síos againne mar chomhairle agus mar rialtóir ar an earnáil. Déanann siadsan na scrúduithe a chur ar na hábhar oidí agus a chinntiú go mbaineann siad amach na caighdeáin chuí le pas a bhaint amach.

Tá cúrsa comónta atá bunaithe ar chomhchreat tagartha na hEorpa aontaithe ag na soláthraí oideachais ar fad san earnáil seo, agus tá siadsan ag deimhniú dúinn go mbainfidh na hábhair oide na caighdeáin sin amach.

Is dócha go bhfuil an cheist ag díriú ar rud éigin atá beagnach níos tábhachtaí fós, is é sin an meon agus an dearcadh le go mbeadh siad sásta agus go mbeadh an muinín agus an fuinneamh acu na páistí a mhealladh i dtreo na teanga. Feictear dúinne go bhfuil, ach amháin nach leor é a fhágáil ansin. Sin an fáth go bhfuil polasaí le haghaidh leanúnachais oideachais múinteoirí ag an gcomhairle mar ní stopann sé ag geata an choláiste nó ag geata na scoile ach an oiread. Tá an tréimhse ionduchtúcháin fíor-thábhachtach le go dtaobhaí isteach na múinteoirí nua-cháilithe i gcomhthéacs agus i dtimpeallacht na scoileanna lán-Ghaeilge agus na scoileanna Béarla a mhúineann an Ghaeilge - ná déanaimís dearmad orthu siúd - agus ansin tá cosán na creatlaí náisiúnta le haghaidh foghlama múinteoirí.

Sin an áit a bhfuil sé tábhachtach don cheist a bheith ag foghlaim fhad saoil agus foghlaim ghairmiúil mhúinteoirí. Táim cinnte go bhfuil sé cloiste againn uilig go bhfuil múinteoirí ag iarraidh freastail ar chúrsaí, agus má tá ionadaí ag teacht isteach, b'fhéidir go mbeadh na tuismitheoirí buartha faoi cén fáth nach bhfuil an múinteoir sa rang ag múineadh. Aithníonn an saol uilig go bhfuil an-tábhacht ag baint le foghlaim ghairmiúil le haghaidh aon ghairme. Caithfidh siad foghlaim agus caithfidh siad deiseanna éagsúla a fháil leis an teanga. Mar a bhí an Teachta ag tabhairt le fios níos túisce, ní h-amháin go bhfuil sé tábhachtach an teanga a fhoghlaim ach tá sé tábhachtach í a úsáid agus iad á thumadh sa teanga. Tá deiseanna mar sin ann ach b'fhéidir nach bhfuil siad á n-úsáid chomh minic agus gur cheart.

Caithfimid uilig, mar eagraíochtaí Stáit, mar ghrúpaí pobail agus mar Ranna Stáit, fiafraí dúinn féin cén fáth nach bhfuil siad á n-úsáid, agus má tá bearna ann, is féidir linn feabhas a chur orthu agus tugaimis aghaidh orthu siúd. Beidh sé an-simplí an fhadhb sin leis na naisc idir na hábhair oidí agus na tréimhsí sa Ghaeltacht a réiteach. Tá na grúpaí pobail ann a bhfuil ag tacú leis an nGaeilge sna bailte. Tá siad ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta. Tá na hábhair oidí ag freastail ar an nGaeltacht agus ag filleadh ón nGaeltacht agus ag cur futhú sna bailte céanna. Ní léir dúinne go dtógann sé an oiread sin dua na naisc sin a chothú mar chéim tosaigh. Caithfear cur san áireamh chomh maith go maíodh i dtuarascáil an phríomhchigire ar an iomlán go raibh feabhas tagtha ar na caighdeáin mhúinteoireachta. An pointe imní is mó a bhí i dtuarascáil an phríomhchigire ná an difríocht idir an céatadán ranganna ina raibh caighdeán teagaisc ar fheabhas agus go maith i gcás an Bhéarla, na matamaitice agus na Gaeilge. Sin an fáth go bhfuil an fhoghlaim ghairmiúil chomh tábhachtach. Tá súil agam go bhfuil freagra tugtha agam ar cheisteanna an Teachta.