Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús tagraím do na pointí a d'ardaigh an Teachta McHugh. Táim go mór i bhfách leis an gheilleagar agus aithním an tábhacht a bhaineann le freastal ar riachtanais chainteoirí Gaeilge agus ar riachtanais na ndaoine nach bhfuil Gaeilge láidir acu. Tá tábhacht ar leith bainteach leis an choincheap grá don teanga a chruthú i measc an aosa óg. Sin an fáth gur chuir mé maoiniú breise ar fáil do TG4 i mbliana agus gur chuir an Rialtas an Coimisiún um Thodhchaí na Meán ar bun chun maoiniú inbhuanaithe na meán a thacú. Táim ag súil go mór, mar a dúirt mé cheana, le moladh an choimisiúin maidir le cúrsaí Gaeilge. Anuas air sin, cuirfear béim ar leith sa choiste nua a bheidh le bunú faoin Bhille um rialáil sabháilteachta meán agus meán ar líne ar riachtanais dhaoine óga.

Chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na ndaoine óga, tá an Roinn ag tacú le tograí éagsúla ar líne ar nós Trasna na dTonnta, Cruinniú na nÓg, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus iliomad gníomhaíochtaí lena n-oifigigh pleanála teanga. Tá an oiread rud ar bun i saol na Gaeilge le linn na paindéime. Baineann go leor leis na scéimeanna agus na himeachtaí ar líne atá á maoiniú ag mo Roinn agus ag Foras na Gaeilge, agus tá imeachtaí beo bríomhaire ar bun ar líne san áireamh anseo ar nós "Cúla4 ar Scoil", campaí samhradh ar líne, ciorcail chomhrá ar líne agus scéim oiliúna peile ar líne sa Ghaeltacht. Ní mar a chéile iad ach tá moladh mór ag dul go dtí na grúpaí atá á ndéanamh.

Tagraím do na pointí a d'ardaigh an Teachta Connolly. Tugaim faoi deara an tagairt dearfach atá ag RTÉ leis an Choimisinéir Teanga agus a thiomantas a aithint chun soláthar ábhair Ghaeilge a mhéadú thar a ceithre stáisiúin féin agus an tiomantas ábhair mhéadaithe a sholáthar ar ardáin mhalartacha amhail an seinnteoir agus seirbhísí podchraoladh RTÉ. Fáiltím roimh an chomhthionscnamh nua, ar scáth a chéile, idir RTÉ agus TG4 a thabharfaidh an clúdach is leithne agus is féidir d'ábhair Ghaeilge ar ardchaighdeán, beag beann ar cén craoltóir seirbhísí poiblí a fuair an t-ábhar. Tá áthas orm go bhfuil sé ar intinn ag RTÉ, ag teacht lena tiomantas 365 uair an chloig de chláracha Gaeilge a chur ar fáil do TG4, an t-easnamh in uaireanta na bliana 2020 a sheachaint, easnamh a tharla mar gheall ar na deiseanna laghdaithe i dtaca le léiriúcháin ábhair a bhí ann de bharr Covid-19.

Déanann an BAI monatóireacht ar chraoltóireacht na Gaeilge cheana agus déanann an Coimisinéir Teanga monatóireacht ar chomhlíonadh an Achta Craolacháin 2009 freisin. Go deimhin, chonaiceamar an feabhas a rinne RTÉ ar chláracha Gaeilge a sholáthar tar éis tuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2018. Mar chuid de phlean gníomhaíochta don Ghaeilge an BAI, chuir sé tús le tuarascáil bliantúil a bhaileoidh sonraí i leith na Gaeilge agus chuir an chéad tuarascáil i mí Feabhra marc tagartha ar fáil maidir le cé chomh maith is a bhí craoltóirí ag cloí lena ngealltanais maidir le cláracha Gaeilge, agus déanfar é seo a rianú le himeacht ama. Is céim thábhachtach chun tosaigh í seo agus b'fhéidir gur mhaith le Michael O'Keeffe ón BAI níos mó a rá faoi seo. Mar gheall ar an Acht Craolacháin 2009, beidh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán ag cur tuarascáil ar fáil go luath agus ansin beidh seans agam an Achta a threisiú.

Aontaím gur ceart don Stát leanúint le craoltóireacht na Gaeilge a chur chun cinn gach bealach is féidir agus d'ardaigh Conradh na Gaeilge an cheist seo liom. Mar is eol do na Teachtaí, rinneadh plé ar an cheist seo ar Chéim an Choiste de Bhille na Teangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, a cuireadh i gcrích le déanaí. Gheall mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Chambers, machnamh a dhéanamh ar leasuithe a thabhairt ar ailt d'Acht na dTeangach Oifigiúla 2003 trí fhoráil a chur isteach ar Chéim na Tuarascála chun a chinntiú go ndéanfaidh forais phoiblí 20% dá gcuid fógraíochtaí trí mheán na Gaeilge le linn bliana ar bith. Chomh maith leis sin, chun a chinntiú go gcraoltar 5% den fhógraíocht sin le linn bliana ar bith sa mheán Gaeilge agus má achtaítear an fhoráil sin, d'fhéadfadh sé sruthanna ioncama breise a chruthú do TG4, tionscnamh a chuirimis go léir fáilte roimhe.

Níl an fógraíocht maidir le Covid faoi chúram mo Roinne ach, mar Aire, tá sé seo ríthábhachtach domsa. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an fógraíocht Gaeilge ar fáil ag an am céanna leis an mBéarla agus tá mé tiomanta mar Aire go dtarlóidh sin. Seo ceist atá ardaithe agamsa arís agus arís. D'iarr mé ar mo chuid oifigigh an scéal a fhiosrú freisin.

D'ardaigh an Teachta Moynihan Raidió na Gaeltachta. Cé go ndéanann RTÉ a fheidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách, fáiltím roimh an athbhreithniú ar struchtúir grádaithe atá le teacht ó RTÉ lena n-airítear grád clár reachtaire faoi dheireadh na bliana seo. É sin ráite, creidim go láidir i bprionsabal an chomhionannais i ngach gné den saol, mar atá á léiriú sna ceapacháin atá déanta agam do bhoird Stáit atá faoi chúram na Roinne ó a ceapadh mé mar Aire. Níor mhaith liom a cheapadh go bhfuil fostaithe de chuid aon eagraíocht Stát nó neamhstát atá i mbun na hoibre céanna ar scálaí pá difriúla. Cuireann foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís craolacháin den scoth ar fáil do phobal na Gaeltachta, ach go háirithe do phobal labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Mar a dúirt mé, fáiltím roimh an athbhreithniú ar struchtúir grádaithe atá le teacht ó RTÉ. Is é mo thuairim pearsanta go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar chomhchéim agus go léireofaí an meas céanna don dá teanga. Tuigeann RTÉ go bhfuil dualgas aige faoin reachtaíocht i dtaobh na Gaeilge. Tuigim go mb'fhéidir go mbeidh RTÉ ag teacht os comhair na coiste go luath agus is féidir le comhaltaí an cheist a ardú le RTÉ ansin.

Thug mé freagra mar gheall ar an fhógraíochta agus ar an fhógraíocht Covid-19 don Teachta Connolly agus d'ardaigh an Teachta Moynihan na pointí céanna.