Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an Aire, an tUasal O’Keeffe agus an fhoireann uile agus gabhaim buíochas dóibh as an tuairisc. Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid oibre agus iarracht mhór á ndéanamh. Teastaíonn uainn cinntiú go mbeadh cothrom na Féinne ag muintir na Gaolainne, pé áit ina bhfuil siad.

Tá ról an-tábhachtach ag na meáin anseo chomh maith, ní amháin chun Gaolainn a chur os comhair an phobail i gcoitinne ach chun freastal ar Ghaeilgeoirí ó thaobh nuachta agus ceoil de agus ar gach slí eile chomh maith.

Tá jab ollmhór á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar feadh i bhfad agus gan dabht, lá breithe móire ag teacht chuige sula i bhfad. Léiríonn sé an tslí go bhfuil sé tar éis a bheith ábalta treisiú agus neartú trí na blianta. Léiríonn sé sin an tslí a bhfuil daoine an-sásta agus go bhfuil siad breá sásta tacaíocht a thabhairt don raidió mar go mbíonn freastal iontach á dhéanamh air. Ní fheadar an bhfuil éagothroime ann maidir le pá ag foireann Raidió na Gaeltachta agus fostaithe RTÉ eile? Ní fheadar an raibh aon teagmháil ag an Aire le RTÉ mar gheall air sin?

Ba mhaith liom díriú ar raidió. Tá sé luaite, díreach cúpla nóiméad ó shin, mar gheall ar an tuairisc sin ó 2019 a bhí ag an gcoiste seo cheana féin. Bhí an-chuid taighde déanta ag an am sin mar gheall ar an tslí go raibh nó nach raibh na raidiónna áitiúla ag freastal ar phobal na Gaolainne. Ní fheadar an raibh sé sna ceadúnais chun go mbeidís ag freastal nó an raibh aon spriocanna leagtha síos dóibh? Cén teagmháil a bhí ag na finnéithe leis na comhlachtaí raidió éagsúla nuair a tháinig sé chuig am athnuachana nó, i ndeireadh na dála, nuair a bhí sé soiléir nach raibh siad ag freastal, chun a chinntiú go ndéanfaí freastail ar mhuintir na Gaolainne?

Glacaim leis nach mbeadh public service i gceist acu sin agus go mbeadh siad ag díriú go huile agus go hiomlán ar chúrsaí airgid. Mar sin féin, tá comhlachtaí eile breá sásta freastal ar na Gaeilgeoirí chomh maith, mar shampla, Tesco, Aldi, Lidl, Wetherspoons agus a leithéid. Is comhlachtaí iad a thagann isteach ó lasmuigh den tír, a aithníonn pobal na Gaolainne agus atá breá sásta teagmháil a dhéanamh leo agus a chinntiú go mbeidís ag déanamh iarrachta éigin freastal orthu. Tá sciar mór de mhargadh ann a bhféadfadh na stáisiúin raidió seo a bheith ag freastal air chomh maith. Is dócha go bhfuil tairbhe ann ó thaobh airgid de. Ní public service atá á lorg againn. Tá buntáiste ann dóibh a bheith ag freastal ar phobal na Gaolainne. Ní fheadar go díreach cén iarracht atá déanta ag na finnéithe mar gheall ar dhíriú isteach ar na stáisiúin éagsúla ansin?

Is rud eile é atá bainteach leis ná na meáin áitiúla eile amhail na nuachtáin áitiúla. Feicimid an tslí a bhfuil brú ollmhór orthu le linn Covid-19 agus mar sin de agus go bhfuil siad ag lorg tacaíochta ón Stát. An raibh aon teagmháil chun a chinntiú go mbeadh coinníollacha Gaolainne ann nó go mbeidís ag freastal ar phobal na Gaolainne dá mba rud é go raibh aon mhaoiniú Stáit i gceist? Tá sé sin an-tábhachtach. Chonaiceamar le linn Covid-19 nach raibh fógraíocht á déanamh as Gaolainn agus nach raibh teagmháil á déanamh le pobal na Gaolainne. Léirigh sé sin easnamh a raibh a fhios againn go raibh sé ann cheana féin. Drochshampla atá ann i ndáiríre.

Maidir leis an bhfógraíocht agus is é sin caiteachas a bheith ag dul chuig na comhlachtaí poiblí éagsúla. Tá an coiste Gaolainne tar éis é a phlé cheana féin mar gheall ar fheabhas a chur ar an mBille teangacha chun a chinntiú go mbeadh spriocanna á leagadh síos ar na comhlachtaí poiblí éagsúla. Ní fheadar an bhfuil tuairim ag an Aire faoi sin? An bhfuil figiúr éigin ar aigne aici? Ceapaim go mbeadh sé ina rud dearfach, ní amháin go mbeadh sé ag cur na Gaolainne os comhair daoine ach bheadh sé ag cur sruth maoinithe chuig na comhlachtaí éagsúla a bheadh ag cur an fhógraíocht le chéile agus ag treisiú chúrsaí Gaolainne.

Baineann an cheist dheireanach le Raidió Rí-Rá. Tuigim ón Aire go bhfuil fochoiste, an foghrúpa seo, ar an bhfód ó Mheitheamh an bhliain seo caite.

Déanann sé ciall go ndéanfaí taighde ag an tosach agus go mbeadh eolas ann, ach tá beagnach bliain caite faoin tráth seo agus níl an scoping ach ar siúl feadh an ama. An bhfuil aon fhuinneamh, tine nó aon rud taobh thiar dóibh chun é sin a bhrú ar aghaidh níos tapa? An bhfuil aon sprioc-am leagtha síos chun a chinntiú go shiúlfadh siad trasna an líne tosaigh? Tá gá lena leithéid do Raidió Rí-Rá agus chun freastal ar dhaoine óga. Beidh siad fásta suas. Conas gur féidir linn é a bhrostú ar aghaidh chun a chinntiú go mbeidh an freastal sin ar an lucht éisteachta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.