Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Tá sé deacair i gcónaí, i gcomhthéacs mar seo. B’fhearr liom i gcónaí a bheith ag obair as lámh a chéile mar go bhfuil sé ráite chomh minic agam, ní de bharr na paindéime, go bhfuil an Ghaeilge in áit atá thar a bheith baolach. Táimid ag díriú isteach ar chúrsaí craolacháin inniu agus an rud a léim amach don phróiseas a bhí ar siúl againne ag an bpointe sin ná go raibh Bealtaine 2019 chomh lag agus atá an tAcht Craolacháin 2009 agus dúramar go raibh sé práinneach é a neartú. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an tAire leis an rud sin ach b’fhéidir go mbeadh an tUasal O’Keeffe in ann a thuairim féin a thabhairt faoi chomh lag is atá an reachtaíocht.

Tiocfaidh mé go dtí taighde John Walsh agus tá a fhios agam go raibh eisean agus an t-údarás ag obair as lámh a chéile leis do chéim a trí, agus fair play dóibh as sin. Thosaigh an Dr. Walsh agus an Dr. Day agus tháinig siad os ár gcomhair faoi dhó agus tá obair iontach déanta acu. Bhreathnaigh siad ar 57 stáisiún agus chuir siad os ár gcomhair a laghad Gaeilge a bhí á n-úsáid ar na stáisiúin uile atá ceadaithe ag an údarás. Tá dualgas reachtúil ar an údarás a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar na stáisiúin sin agus monatóireacht a dhéanamh air sin. I mo thuairim, agus nílim á rá gurb é seo tuairim an Dr. Walsh ná an Dr. Day, tá ag teip ar an údarás, ar bhealach amháin nó bealach eile, a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar na stáisiúin uile.

Bhreathnaigh Dr. Walsh agus Dr. Day ar an sceideal agus ansin chuaigh siad ar ais arís le céim a dó agus céim a trí leis an údarás, agus sraith agallaimh a bhí i gceist. B’fhéidir go mbeadh an t-údarás in ann díriú isteach ar an taighde sin, an méid atá foghlamtha aige agus cad atá le déanamh aige faoi sin, go háirithe ó thaobh ceadúnais agus conartha de. Tá an t-údarás ag tabhairt amach conartha gan choinníollacha. Chomh maith leis sin, tá síneadh ama i gceist ó thaobh na gconarthaí sin de, atá tugtha go huathoibríoch gan bhreathnú an bhfuil cibé coinníoll atá ann ó thaobh na Gaeilge de á chomhlíonadh ag an stáisiún. Tá sé sin thar a bheith tromchúiseach. Ba mhaith liom tuairimí an Uasail O’Keeffe a chloisteáil faoi sin.

Mar is gnáth le haon pholaiteoir, díreoidh mé isteach ar Ghaillimh agus ar Galway Bay FM. De réir mar a thuigim, tá sé thar a bheith dearfach ó thaobh na Gaeilge de, ach níl Gaeilge le cloisteáil air, in ainneoin go bhfuil sé ag freastal ar an nGaeltacht is mó sa tír. Tá sé dearfach ach tá bearna mhór ann. Cá bhfuilimid ag dul ó thaobh stáisiúin mar sin de, atá thar a bheith dearfach ach nach bhfuil focal Gaeilge le cloisteáil orthu?

Fáiltím roimh óráid an Aire inniu agus fáiltím roimh chomh dearfach is atá sí ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé sin iontach, ach ba mhaith liom a tuairim a fháil ar an Acht Craolacháin 2009 agus chomh lag is atá sé. An bhfuil an tAire chun an deis a thapú leasuithe a chur ar an mBille atá beartaithe aici chun an tAcht sin a threisiú ó thaobh na Gaeilge de?

Tá tagairt déanta ag an Aire do RTÉ agus dúirt sí go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh an coiste in ann cuireadh a thabhairt do RTÉ. Tá súil agam go mbeidh. Tá súil agam go mbeidh an Cathaoirleach agus an coiste sásta cuireadh a thabhairt do RTÉ because tá sé thar a bheith tábhachtach.

Deireann an tuarascáil ón gCoimisinéir Teana i 2018:

Níl sna cláir Ghaeilge a chraolann RTÉ ach níos lú ná 1% de na cláir theilifíse a chraolann sé trí chéile. Sin in ainneoin dualgas a bheith ar an gcraoltóir náisiúnta réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil sa teanga sin. Léirítear in imscrúdú a rinne m’Oifig go bhfuil an líon clár teilifíse Gaeilge a chraolann RTÉ thar a bheith easnamhach, ar neamhréir le toil Thithe an Oireachtais agus [an rud is suntasaí agus is tábhachtaí] go bhfuil an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin.

Sin an cúlra. Is dócha go bhfuil dul chun cinn déanta. Níl mé cinnte faoi sin ach bíonn an coimisinéir i dteagmháil go rialta, de réir mar a thuigim, le RTÉ agus faoi phleananna atá i gceist agus so on. Ach deirtear go bhfuil an craoltóir “ag sárú an Achta”. Seo an dara grúpa. An tseachtain seo caite, bhí an Coimisinéir Teanga agus an Garda Síochána os ár gcomhair agus bhí an dlí á shárú aige freisin, is iad sin Acht an Gharda Síochána, 2005 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Fáiltím roimh na rudaí dearfacha atá ráite ag na finnéithe. Tá sé tábhachtach a bheith dearfach agus fáiltím roimh an airgead breise atá curtha ar fáil ag an Aire nua agus an Roinn nua, ach ní mór dúinn é a mheasúnú i gcomhthéacs stádas na Gaeilge maidir le cé chomh feiliúnach is atá sé agus an gá le bearta práinneach go sciobtha.

Críochnóidh mé le Raidió Rí-Rá. Tá sé ag streachailt ó 2008. Tá sé fós ar an talamh, ag craoladh do dhaoine óga le Gaeilge agus gan Ghaeilge, chun iad a mhealladh. Ní mór do na finnéithe breathnú ar sin agus scrúdú a dhéanamh ar Raidió Rí-Rá chun a fháil amach cén chaoi ar éirigh leis an fód a sheasamh chomh fada sin agus é ag streachailt an t-am go léir. Tá a fhios agam go bhfuil neart airgid faighte ag Raidió Rí-Rá agus eagraíochtaí eile ón Roinn. Tá mé buíoch as sin agus gabhaim buíochas ar son Raidió Rí-Rá freisin.

Tá rud eile ag teastáil uaidh anois, áfach, agus is é sin go mbeidh sé in ann craoladh ar FM. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil sé sin déanta. Tá na finnéithe chun taighde eile a dhéanamh agus tá a fhios agam go bhfuil trédhearcacht agus oscailteacht i gceist, ach ar a laghad, iarraim orthu breathnú ar Raidió Rí-Rá agus fáil amach an bhfuil chiall cheannaithe faighte againn. Tá sé ag díriú isteach díreach ar an dream atá ligthe síos againn. Bhí sé sin soiléir ó gach eagraíocht a tháinig os ár gcomhair, nach bhfuil na daoine óga ag caint i nGaeilge mar ba chóir dóibh, i mo thuairim. Tá freagracht orainn, áfach, é sin a éascú agus tá ról thar a bheith lárnach ag Raidió Rí-Rá chun é sin a dhéanamh faoi láthair.

Bhí ceist dheireanach amháin agam maidir le fógraíocht. Chonaiceamar cé chomh heasnamhach agus a bhí cúrsaí fógraíochta ó thaobh na Gaeilge de le linn na paindéime. An bhfuil an tAire sásta anois an deis a thapú le Bille na dteangacha oifigiúla agus leasú a chur isteach chun a chinntiú go mbeidh céatadán faoi leith ann? Tá a fhios agam go bhfuil céatadáin éagsúla luaite ag Conradh na Gaeilge.

Is é an pointe ginearálta atá a dhéanamh agam ná, as seo amach, go gcinnteofar Bille go mbeidh céatadán faoi leith de fhógraíocht i nGaeilge i gcónaí ag gach comhlacht poiblí, go mbeidh céatadán faoi leith den bhuiséad caite ar fhógraíocht Ghaeilge agus nach mbeimid ar ais ag an bpointe riamh maidir leis an bpaindéim agus chomh maith leis sin ag an bpointe a bhfuil an fhógraíocht i mBéarla amháin. Ní féidir glacadh leis sin.