Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Barry WardBarry Ward (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire, roimh an Uasal O'Keeffe agus roimh na láithreoirí eile. Tá an obair seo an-tábhachtach ar fad. I dtús báire, labhróidh mé faoin teilifís. Tá a fhios againn go léir an méid atá déanta ag TG4 agus RTÉ faoin ábhar seo agus an ról tábhachtach atá acu i láidriú na Gaeilge ar an teilifís. Ba mhaith liom aird a thabhairt ar an easpa róil atá ag na stáisiúin teilifíse phríobháideacha. Ní dóigh liom go bhfuil aon chlár i nGaeilge nó aon content i nGaeilge feicthe agam ar stáisiún de chuid Virgin Media. An mbeidh coinníoll curtha san áireamh nuair a bheidh ceadúnais chraoltóireachta le hathnuachan ag Údarás Craolacháin na hÉireann? B'fhéidir go mbeidh ar na stáisiúin sin 5% nó 4% den content nó de na cláir a chur ar fáil trí Ghaeilge. An bhfuil aon straitéis ann i leith soláthar maoinithe chun cláir Ghaeilge a chur ar fáil?

Bhí mé ag éisteacht leis an Aire agus leis an Uasal O'Keeffe agus chuala mé faoin méid maoinithe atá ann. Déanaim comhghairdeas leo as sin ach is dóigh go bhfuil níos mó de dhíth, go háirithe i leith na stáisiúin teilifíse phríobháideacha.

Maidir leis an raidió, is dóigh go raibh na daoine céanna i dteagmháil liom féin agus leis an Teachta Calleary faoi Raidió Rí-Rá. Anseo i mBaile Átha Cliath, tá Raidió na Life ann. Luaigh an tAire an stáisiún freisin. Déanann Raidió na Life an-jab do mhuintir Bhaile Átha Cliath. Tá sé go hiontach ar fad. Deirim an t-am ar fad go bhfuil níos mó daoine i mo cheantar féin, Dún Laoghaire, a labhraíonn Gaeilge gach lá ná in aon áit eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an-phobal labhartha na Gaeilge ann i nDún Laoghaire ach níl rud ann dóibh, fiú amháin an stáisiún raidió atá ann do Bhaile Átha Cliath ar fad. Cé go bhfuil sé sin an-tábhachtach ar fad, tá a fhios agam nach bhfuil ann ach trí stáisiún lánaimseartha raidió a reáchtáiltear trí Ghaeilge as níos mó ná 70 stáisiún sa tír. Mar sin, mar a dúirt daoine eile, tá bearna ann. Caithfimid seirbhísí a chur ar fáil freisin do phobail labhartha na Gaeilge a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Ghaeltacht, agus dóibh siúd i nDún Laoghaire ach go háirithe.

An aontaíonn an tAire agus an tUasal O'Keeffe liom nár chóir go mbeadh ar stáisiúin raidió ar nós Raidió na Life an táille d'Údarás Craolacháin na hÉireann a íoc agus gur fearr an t-airgead sin a úsáid leis an stáisiún a fhorbairt? An ceart dúinn maoiniú a thabhairt do stáisiúin eile, go háirithe in áiteanna i mBaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire, chun seirbhís a chur ar fáil do phobail labhartha na Gaeilge?