Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Uasal O'Keeffe. Gabhaim buíochas leo as ucht a ráiteas tosaigh. Ar dtús báire, tréaslaím an caighdeán seirbhíse a chuireann siad ar fáil gach uile lá do lucht na Gaeilge leis na meáin Ghaeilge. Piocaim amach TG4 go háirithe de bharr an chuir chuige nuálach atá aige. Tá seinnteoir TG4 ar fheabhas. Déanann Intern TG4, mar a dtugtar air nó uirthi, obair na gcapall ar Twitter chun suim a spreagadh sa teanga. Craolann TG4 réimse leathan spóirt freisin - rugbaí, an Tour de France agus peil na mban, mar shampla. Leathnaíonn sé sin lucht féachana an chainéil amach ó lucht na Gaeilge amháin. Léiríonn figiúirí ó BAI go bhfuil ábhar dírithe ar leanaí an-tábhachtach. Tá éileamh mór ar na cartúin ach go háirithe. Treise leat, a Spongebob. Fáiltím roimh an infheistíocht bhreise a rinne an tAire an bhliain seo caite. Tá súil agam go leanfar leis an leibhéal tacaíochta sin as seo amach.

Luaigh an tAire an ciste craoltóireachta a reáchtálann Fís Thuaisceart Éireann.

Sa chomhthéacs sin ba mhaith liom deis a thabhairt don Aire níos mó sonraí a thabhairt dúinn faoin méid atá idir lámha ag an Roinn chun tacaíocht a thabhairt do chraoltóireacht Ghaeilge sa Tuaisceart faoi láthair.

Rinne an tAire tagairt freisin don Choimisiún um Thodhchaí na Meán ina ráiteas, a bhunaigh sí féin agus an Taoiseach. Tuigim go bhfuil téarmaí tagartha leagtha amach ach an féidir leis an Aire breis eolais a thabhairt dúinn maidir leis an tionchar nó leis an mbaint a bheidh aige, go háirithe, ar chraoltóireacht na Gaeilge agus ar na spriocdhátaí a bhaineann le hobair an choimisiúin?

Ó thaobh chraoltóireacht na Gaeltachta, mar aon leis an Seanadóir Ward agus leis an Teachta Calleary, ardaím an cheist chéanna faoi Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá. Tá siad ag cur craoltóireacht Ghaeilge ar fáil ar bheagán costais do dhéimeagrafach éagsúil ná mar atá á chur ar fáil, b’fhéidir, ag Raidió na Gaeltachta. An bhfuil aon phlean ag an Roinn níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh agus, go háirithe, an mbeidh sé i gceist ag an Aire Raidió Rí-Rá a chur ar an mbanda FM chun an tseirbhís a chur ar fáil do lucht éisteachta níos leithne?

Tá ceist amháin agam freisin don Uasal O’Keeffe faoin bplean gníomhaíochta don Ghaeilge atá ag an údarás. Ar an gcéad dul síos níl an nasc don phlean ag feidhmiú ar a shuíomh Idirlín faoi láthair. I mionrud é sin chun féachaint air. Fáiltím roimh an tuarascáil a foilsíodh i mí Feabhra ach an féidir leis an Uasal O'Keeffe achoimre ghairid a thabhairt dúinn ar na spriocanna atá bainte amach go dtí seo ag an bplean sin agus ar na cinn atá níos dúshlánaí atá lena bhaint amach as seo amach? Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.