Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 May 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána
Ms Eimear Ní Cheallaigh:
Tá go leor ceisteanna ag baint leis seo. Ní féidir le garda, díreach mar a bhí á rá ag Alan Mulligan, bogadh ar ais go dtí an ceantar arbh as iad. Is dócha go bhfuil go leor daoine ón nGaeltacht i gCiarraí nó i gConamara ag iarraidh bogadh ar ais go dtí na ceantair sin ach tá impleachtaí aige sin ar chúrsaí póilíneachta.