Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

An bhfuil tuairim ag An nGarda Síochána maidir le traenáil nó cúrsa a thabhairt do dhaoine? Nuair a chaith mé seacht mbliana nó mar sin ag obair sa Bridewell, bhí a lán gardaí i ngach stáisiún ó Chiarraí agus bhí leath díobh ag iarraidh dul ar ais go Ciarraí. Táim cinnte go mbeadh scuaine níos faide ná mar a raibh i bPenneys an tseachtain seo caite dá mbeadh seans acu dul ar ais, agus dá dtabharfá seans dóibh cúrsa a dhéanamh chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Chuala mé go raibh buntáiste ag na gardaí a bhí i gCiarraí cheana féin agus go dtéann bainistíocht an Gharda chucu siúd ar dtús sula ndéanfar aon tairiscint do na gardaí atá lasmuigh de cheantar Gharda Chiarraí cheana féin. An bhfuil sé sin fíor?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.