Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 May 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Ní pionós saoil é seo ach cúpla uair anseo i Seomra an daonlathais. Tá súil agam go bhfuil an tuarascáil léite ag na finnéithe. Tá sí léite agamsa. An nglacann Coimisinéir an Gharda leis gur beart thar a bheith neamhghnách a bhí ann nuair a bhí ar an gCoimisinéir Teanga an tuarascáil seo a leagan os comhair an dá Theach den Oireachtas? D’éirigh an tuarascáil as gearán a rinne duine den phobal i nGaoth Dobhair thart ar deich mbliana ó shin. Bhí imscrúdú ann ag an am agus ní raibh ach cúig mholadh ann. Tá siad anseo i nGaeilge agus i mBéarla. Deich mbliana tar éis na tréimhse sin, níl na moltaí comhlíonta. Ar a laghad ba chóir go mbeadh siad san óráid oscailte inniu.
Nach bhfuil an t-aistriúchán ag feidhmiú?