Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Coimisinéir an Gharda agus a fhoireann. Gabhaim buíochas le hEimear Ní Cheallaigh as an ráiteas. Bhí tuarascáil an Choimisinéara Teanga an-díreach agus bhí an coimisinéir an-mhífhoighneach faoi cad a bhí ag tarlú. Leagtar amach sa ráiteas go bhfuil méadú 12% tagtha ar líon na ngardaí le Gaeilge i gceantair Ghaeltachta ach níl ansin ach ceathrar gardaí breise. Cad é an plean maidir leis na huimhreacha? Tá straitéis leagtha amach agus fáiltím go bhfuil an Coimisinéir ag tabhairt bainistíochta don straitéis mar gheall ar ghrúpa rialachais Ghaeilge. Cad iad na huimhreacha a bheidh sé ag iarraidh cur go dtí na stáisiúin sna ceantair Ghaeilge? Cad faoi na daoine le Gaeilge nach bhfuil ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta ach a úsáideann an Ghaeilge mar phríomhtheanga? Tá ceart ag na daoine sin seirbhís a fháil. Cad é an plean le haghaidh stáisiúin nach bhfuil sa Ghaeltacht, chun gur féidir le daoine a bhaineann úsáid as an Ghaeilge mar phríomhtheanga seirbhísí agus cearta a fháil ón nGarda Síochána?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.