Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh Coimisinéir an Gharda. D'iarr mé ar an gcoiste seo cuireadh a thabhairt don Choimisinéir teacht os ár gcomhair mar bhí sé soiléir ón tuarascáil a bhí ag an gCoimisinéir Teanga go raibh fadhb againn. Mhaígh an Coimisinéir Teanga in 2011 go bhfuil ar An nGarda Síochána gach céim riachtanach a ghlacadh le cinntiú gur gardaí atá inniúil sa Ghaeilge a bheidh i stáisiúin Ghaeltachta. Mhaígh sé an bliain seo caite go raibh níos mó cumarsáide idir a oifig agus An Garda Síochána ná le haon chomhlacht poiblí eile. Mhaígh sé: "Is trua liom nach bhfuil toradh níos fearr le feiceáil ann" agus gur beag an obair atá déanta ag An nGarda Síochána le deich mbliain anuas.

Tá a fhios agam go bhfuil Coimisinéir an Gharda ina phost le trí bliana anuas. Cathain a fuair sé amach go raibh fadhb ann leis an tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga? Tá súil agam gur léigh an Coimisinéir an tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga. An bhfuil brón nó aiféala ar an gCoimisinéir faoin moilleadóireacht sa chás seo? Dúirt an Coimisinéir Teanga gur sheol sé litir chuig An Garda Síochána i mí Aibreán 2019 agus nach bhfuair sé freagra go dtí Meán Fómhair na bliana sin. An aithníonn an Coimisinéir go bhfuil fadhb ann agus go bhfuil An Garda Síochána ag briseadh an dlí? Dá bharr sin, an bhfuil níos mó acmhainní á lorg ag an gCoimisinéir? Ar lorg an Coimisinéir níos mó acmhainní ón Rialtas? Maíodh sa ráiteas tosaigh go bhfuil ardú 12% ar líon na ngardaí ach nuair a léitear an sliocht ón gCoimisinéir Teanga, tá sé soiléir nach raibh sa mhéadú sin ach ceathrar gardaí mar dhún An Garda Síochána a lán de na stáisiúin Gharda i gcontaetha cosúil le Ciarraí, Maigh Eo, Gaillimh agus Tír Chonaill. Níl Gaeilge ag gach garda. Níl Gaeilge ach ag 12% díobh siúd atá sna stáisiúin Ghaeltachta. An bhfuil an Coimisinéir sásta leis sin? Maíodh go bhfuil straitéis nua Gaeilge ag An nGarda Síochána. An bhfuil spriocdháta ann chun go mbeidh gardaí le Gaeilge i ngach stáisiún agus an bhfuil spriocdháta ann chun an straitéis nua a chur i bhfeidhm? Tá 14,000 garda sa tír.

Cé mhéad de na gardaí sin an bhfuil caighdeán 2 nó 3 acu? Léirigh an Coimisinéir go raibh cúrsaí Gaeilge á dhéanamh sa Gharda Síochána. Cé mhéad garda a raibh ar chúrsaí Gaeilge, go pearsanta nó ar líne, sa bhliain seo chaite nó in 2019?

Is minic nuair a bhímse i gCiarraí agus ag iarraidh an stáisiún Garda sa Daingean a fháil, cuirtear an glaoch ar aghaidh go dtí an stáisiún i dTrá Lí, mar shampla. An bhfuil aon phlean ag an gCoimisinéir go mbeadh garda le Gaeilge i ngach unit chun freagraí a fháil do dhaoine ón Ghaeltacht, seachas an glaoch a chur ar aghaidh go stáisiún mór cosúil leis an gceann i dTrá Lí nó fiú ceann i nGaillimh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.